Titiocht

Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe

Housing Schemes

Tá scéim nua, an Tionscadal do Chóiriú agus Léasú Tithíocht atá Folamh, mar eochair-chuid den bPlean Gníomhaíochta do Thithíocht agus Easpa Dídine, ‘Rebuilding Ireland’.

Cuirtear in iúl duit gur fógraíodh cúig athrú nua, beidh éifeacht ag an méid seo a leanas ó Feabhra 1ú 2018

  • Tá an t-íosmhéid léasa laghdaithe ó 10 go 5 bliana,
  • Féadfaidh LAanna anois Comhaontuithe Infhaighteacht ar Cíos (RAAanna) a dhéanamh le húinéirí maoine,
  • Leathnú na scéime chun ligean d'airíonna neamhchríochnaithe in imthosca teoranta
  • Cistí a chionroinnt idir ceann de na maoine níos mó
  • Tá maoiniú breise ar fáil d'iar-leapa

Tá scéim nua, an Tionscadal do Chóiriú agus Léasú Tithíocht atá Folamh, mar eochair-chuid den bPlean Gníomhaíochta do Thithíocht agus Easpa Dídine, ‘Rebuilding Ireland’. Díríonn an scéim ar thithíocht shóisialta a chur ar fáil i slí spriocdhírithe agus cinntíonn sé chomh maith go n-úsáidfear an stoc tithíochta atá ann sa tslí is fearr gur féidir. Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis an tionscadal a chur i bhfeidhm agus a chur chun cinn le tacaíocht ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil.

Sé bunús na scéime ná go ndéantar maoiniú ar oibreacha deisithe agus feabhsúcháin ar shealúchais oiriúnacha gan áitiú chun iad a thabhairt suas dtí an caighdeán atá ag teastáil do chóiríocht ar cíos. Baintear costas na n-oibreacha ó na híocaíochtaí léasa thar tréimhse léasa comhaontaithe.

Tá roinnt riachtanais a bhaineann leis an scéim:

  • Caithfidh an sealúchas a bheith folamh
  • Caithfidh éileamh do thithíocht shóisialta a bheith ann don sealúchas
  • Caithfí an sealúchas a mheas, féachaint an bhfuil sé inmharthana mar chóiríocht
  • Sé 10 mbliana an téarma léasa is lú agus b’fhearr gur 20 bliain a bheadh ann
  • Tá na híocaíochtaí léasa bunaithe ar rátaí cíosa reatha na margaí i gceantar an tsealúchais, lúide 20% chun tréimhsí gan áitiú agus riarachán/bainistíocht a chlúdach
  • Déantar scóip agus costas na n-oibreacha, maraon le haisíocaíocht chostas na n-oibreacha tríd na híocaíochtaí léasa, a chomhaontú idir an úinéir agus Comhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge
  • Níl an tionscadal seo ar fáil i gcomhair ligean ar cíos príobháideach

 

Cabhróidh Comhairle Contae Fhine Gall le húinéirí réadmhaoine chun scóip na n-oibreacha a fhorbairt agus cabhróidh sí freisin le húinéir an tsealúchais chun na hoibreacha deisithe a chur i gcrích.

Déanfaidh foireann Chomhairle Contae Fhine Gall an sealúchas a iniúchadh, chun na hoibreacha atá ag teastáil chun an áitreabh a thabhairt suas go dtí an caighdeán riachtanach a aithint. Déanfar sealúchais i ngach áit a mheas

Déan teagmháil le Rannóg Soláthar Tithíochta Chomhairle Contae Fhine Gall i gcomhair a thuilleadh eolais nó líon isteach agus seol ar ais an fhoirm fiosrúcháin ar fáil thíos. 

Faigh amach níos mó:

FAQs for amended Repair lease scheme 2018 

 

Déan Fiosrúcháin:

Foirm Iarratais RLS 2017

 

Déan Teagmháil Linn:

R-phost –   [email protected]

Teil –  01 8708425