Comhshaol

Rochtain ar Fhaisnéis a bhaineann leis an gComhshaol

Environmental Awareness

Feidhmíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise (FOI) taobh le taobh le Rialacháin an AIE ionas gur féidir le daoine rochtain a fháil ar fhaisnéis comhshaoil faoin na hachtanna agus na rialacháin.

Más mian leat teacht ar fhaisnéis phearsanta atá á coimeád ag gComhairle faoi reachtaíocht Cosanta Sonraí, féach an t-eolas a bhaineann le Cosaint Sonraí le do thoil.

Is éard a chuimsítear i reachtaíocht an AIE ná faisnéis a choimeádtar i bhfoinsí scríofa, amhairc, éisteachta, leictreonacha nó aon ábhar eile a bhaineann le 6 cinn de chatagóirí:

  1. Staid dhúile an chomhshaoil, e.g. aer, uisce, ithir, talamh, tírdhreach, éagsúlacht bhitheolaíoch
  2. Rudaí a d'fhéadfadh cur isteach ar dhúile an chomhshaoil, e.g. fuinneamh, torann, radaíocht, dramhaíl, rudaí eile a scaoiltear amach faoin aer.
  3. Bearta arb é is aidhm leo dúile an chomhshaoil a chosaint, e.g. beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe timpeallachta
  4. Tuarascálacha ar chur i bhfeidhm reachtaíochta comhshaoil
  5. Anailís agus toimhdí a úsáidtear laistigh de chreat na mbeart arb é is aidhm leo an comhshaol a chosaint
  6. Staid sláinte agus sábháilteachta an duine, an biashlabhra, láithreacha cultúir agus struchtúir thógtha sa mhéid is go bhféadfadh dúile an chomhshaoil cur isteach orthu 

Chun faisnéis a iarraidh, ní mór duit:

  • D'iarraidh a chur i scríbhinn nó ar ríomhphost agus a rá go soiléir go bhfuil an iarraidh á déanamh faoi Rialacháin an AIE
  • Do chuid sonraí teagmhála a thabhairt
  • Mínigh chomh soiléir agus is féidir an fhaisnéis comhshaoil a theastaíonn uait
  • Abair i d'iarraidh an bhfuil tú ag iarraidh na faisnéise i bhformáid faoi leith 

I roinnt cásanna caithfimid diúltú do rochtain ar fhaisnéis a lorgaítear más rud é:

  • Go bhfuil an fhaisnéis pearsanta
  • Go bhfuil an fhaisnéis tugtha uaidh dá dheoin féin ag tríú páirtí
  • Go bhfágfadh nochtadh na faisnéise sin gurb é is dóichí go ndéanfaí dochar don chomhshaol
  • Go bhféadfaí rúndacht na Comhairle a shárú

Faoi Rialacháin an AIE, féadfaimid rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú ar na cúiseanna seo a leanas:

  • Caidreamh idirnáisiúnta, cosaint náisiúnta nó slándáil phoiblí
  • Cúrsa an cheartais
  • Rúndacht tráchtála nó tionsclaíochta
  • Cearta maoine intleachtúla
  • Ábhar atá á thabhairt chun críche
  • Cumarsáid inmheánach le húdaráis phoiblí eile
  • Go gceaptar go bhfuil an iarraidh míréasúnta de bharr mhéid nó réimse na faisnéise atá á lorg nó go bhfuil an iarraidh róghinearálta

Caithfidh an Chomhairle d'iarraidh ar fhaisnéis faoi Rialacháin an AIE a fhreagairt laistigh de mhí tar éis di d'iarraidh a fháil.

Mura bhfuil tú sásta lenár bhfreagra nó mura dtabharfaimid freagra ort laistigh de mhí, féadfaidh tú agallamh inmheánach i dtaobh d'iarrata a iarraidh laistigh de mhí tar éis duit an bhunlitir inar cuireadh an cinneadh in iúl a fháil. Caithfimid freagra a thabhairt ar d'achomharc laistigh de mhí tar éis dúinn é a fháil agus glacfaidh oifigeach de chuid na Comhairle an t-athbhreithniú ar láimh, duine nach raibh bainteach leis an mbunchinneadh

Caithfear gach iarratas faoi Rialacháin an AIE agus aon achomhairc ina dhiaidh sin a dhéanamh i scríbhinn nó ar ríomhphost chuig:

Brendan Fleming - Oifigeach um Shaoráil Faisnéise

An Roinn Gnóthaí Corparáideacha agus Rialachais, Comhairle Contae Fhine Gall, An Phríomhshráid, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath.

Ríomhphost:  [email protected]  
Teileafón: 01 890 5162

Mura bhfuil tú sásta leis an athbhreithniú inmheánach, nó mura bhfreagróidh an Chomhairle d'iarraidh ar an gcinneadh a athbhreithniú, féadfaidh tú a iarraidh go ndéanfadh an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh. Féadfaidh tríú páirtithe a gcuireann cinneadh na Comhairle isteach orthu an cinneadh a achomharc freisin.  Caithfear achomhairc scríofa chun an Choimisinéara a chur laistigh de mhí tar éis chinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh, mar aon leis an táille ábhartha, chuig:

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil
18 Sráid Líosain Íochtair, Baile Átha Cliath 2

Ríomhphost:  inf%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]
Teileafón: 01 6395689
Láithreán Gréasáin: www.ocei.ie

 

Níl aon táille i gceist ar iarratas a dhéanamh faoi Rialacháin an AIE.  Ní féidir linn airgead a ghearradh ort as rochtain a fháil ar chláir nó ar liostaí d'fhaisnéis comhshaoil ná as cead a thabhairt duit breathnú ar na taifid atá inár n-oifigí againn.  Ina dhiaidh sin féin, is féidir leis an gComhairle táille réasúnta a ghearradh chun costais a bhaineann le tiomsú, priontáil nó le faisnéis a chur sa phost, mar seo a leanas:

  • Gearraimid €0.40 an leathanach ar fhaisnéise a chuirtear ar fáil ar pár.
  • Gearraimid €10.16 chun faisnéis a chur ar fáil ar Dhlúthdhiosca.
  • Níl aon táille i gceist ar iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.
  • Gearrann an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil €50 ar achomharc.
  • Gearrann an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil €15 ar dhaoine a bhfuil cárta leighis acu agus ar a gcleithiúnaithe, agus ar thríú páirtithe nach ndearna an bhuniarraidh ach atá ag achomharc an chinnidh faisnéis a scaoileadh toisc gur dóigh leo go gcuireann sé isteach orthusan.

FINGAL COUNTY COUNCIL AIE REQUESTS

           
YEAR TOTAL GRANT PART GRANT REFUSE WITHDRAWN Transferred
2022 12 2 4 4 1 1
2021 14 6 2 5   1
2020 15 4 7 3 1  
2019 18 4 10 3 1  
2018 11 3 2 5 1  
2017 11 5 3 2 1  
2016 14 6 3 5