Comhshaol

Rialú Salú ag Madraí

Bainistíocht Bruscair

Faoi na hAchtanna um Thruailliú ó Bhruscar (1997-2009) is cion é gan glanadh a dhéanamh i ndiaidh do mhadra. Ma bhíonn salachar fágtha ag do mhadra in áit phoiblí tá an fhreagracht ort an salachar a dhiúscairt ar bhealach iomchuí.  Mura nglanann tú suas fuíoll do mhadraí is féidir fíneáil de €150 a ghearradh ort ar an toirt nó uasfhíneáil de €3,000 sa Chúirt Dúiche. Is guais sláinte iad úinéirí madraí nach nglanann salachar a gcuid madraí de shráideanna, páirceanna, tránna, áiteanna súgartha agus d’áiteanna eile poiblí ina mbíonn daoine agus páistí ag siúl agus ag súgradh. Is iad madraí is mó is cúis le hionfhabhtú ar a dtugtar tocsacáiriáis a chuireann isteach ar pháistí go príomha. Is féidir salachar madra a chur isteach in aon bhosca bruscair. Cuidigh, le do thoil, le Fine Gall a choinneáil glan ó shalachar madraí trí do chion a dhéanamh.

Siúlóirí Glasa Madraí