Pleanáil

Ranníocaíocht Forbartha

Bainistíocht Forbartha

An Scéim um Tharscaoileadh Sealadach i leith ranníocaíochtaí forbartha

Ar an 25 Aibreán 2023, d’fhaomhaigh an Rialtas bearta breise faoin bPlean Gníomhaíochta Tithíocht do Chách chun gníomhachtú an tsoláthair mhéadaithe tithíochta a spreagadh agus chun cabhrú le costais tógála tithíochta a laghdú. Ina measc seo tugadh isteach socruithe sealadacha teoranta ó thaobh ama chun ranníocaíochtaí forbartha “alt 48” údaráis áitiúil a tharscaoileadh agus chun táillí uisce agus fuíolluisce Uisce Éireann a aisíoc.

Tá feidhm ag an Scéim um Tharscaoileadh Ranníocaíochta Forbartha ar feadh 1 bliana maidir le gach forbairt chónaithe cheadaithe a

  • Thosaíonn ar an láithreán idir 25 Aibreán 2023 agus 24 Aibreán 2024, agus
  • A chríochnaíonn tráth nach déanaí ná 31 Nollaig 2025.

Catagóirí lncháilithe

Bainfidh an scéim um tharscaoileadh le gach forbairt chónaithe cheadaithe lena n-áirítear forbairtí ilaonad, tithe féin-thógála, agus tithe tuaithe eisceachtúla, cóiríocht mac léinn agus scáth-thithíocht.

Níl sínte cónaithe nó athchóiriú ar réadmhaoin atá folamh/tréigthe san áireamh sa scéim um tharscaoileadh mar go bhfuil an beart beartaithe chun cabhrú le seachadadh an tsoláthair tithíochta nua a threisiú, dul i ngleic le saincheisteanna costais agus inmharthanachta atá san earnáil tógála agus spreagadh a thabhairt do ghníomhachtú tosaithe tithíochta nua.

Ba chóir a thabhairt le fios nach bhfuil scéimeanna ranníocaíochta forbartha forlíontacha atá i bhfeidhm faoi Alt 49 den Acht san áireamh sa scéim um tharscaoileadh.

Nósanna imeachta chun an tarscaoileadh agus aisghabháil a éileamh.

Ar an gcéad dul síos déanfaidh iarrthóirí (forbróirí/úinéirí láithreáin) don tarscaoileadh Foirm Iarratais ar an Scéim um Tharscaoileadh Ranníocaíochta Forbartha mar aon leis an bhfógra tosaithe maidir leis an bhforbairt a bhfuil tarscaoileadh á éileamh ina leith a chur isteach. I gcás forbairtí aonaid singil, ba chóir dáta tosaithe na n-oibreacha ar an láithreán a léiriú.

Ar fhoirm iarratais agus fógra iarratais a fháil, déanfaidh an t-údarás measúnú ar cíbe an dtagann an fhorbairt laistigh de pharaiméadair na scéime. Sa chás go meastar go dtagann forbairt faoi raon feidhme na scéíme, eiseofar litir faofa um tharscaoileadh.

Síneoidh forbróirí a bhainfidh leas as an scéim foirm ghealltanais a dheimhneoidh comhlíonadh cuí le coinníollacha a luaitear sa scéim. Áiríonn an fhoirm ghealltanais sonraí maidir le cur i bhfeidhm socruithe aisghlámtha/aisíocaíochta nuair nach bhfuil coinníollacha na scéime á gcomhlíonadh.

Is féidir fiosrúcháin a bhaineann le hiarratais ar S48 a chur chuig [email protected]

Foirm Iarratais ar an Scéim um Tharscaoileadh Ranníocaíochta

Feidhmíonn an Chomhairle Scéim Ranníocaíochta Forbartha chun soláthar bonneagair agus saoráidí poiblí sa chontae a mhaoiniú go páirteach.  Tá gach cead pleanála faoi réir na scéime seo, lena n-áirítear ceadanna arna ndeonú ar achomharc ag an mBord Pleanála, mura bhfuil siad díolmhaithe de réir fhorálacha na scéime.

Ba chóir a thabhairt faoi deara,  iad seo a leanas na rátaí ranníocaíochta a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2024:

Cónaitheach 128.84 in aghaidh an m2

Neamh-chónaitheach € 100.61 in aghaidh an m2 

 

Coinneáil:

Cónaitheach € 161.05 in aghaidh an m2

Neamh-chónaitheach € 125.76 in aghaidh an m2 

Tá na rátaí ranníocaíochtaí forbartha seo iníoctha leis an gComhairle maidir leis na trí aicme bonneagair phoiblí dá dtagraítear faoi Airteagal 9 den Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2021 - 2025, ar ghlac an Chomhairle Contae leis ag a cruinniú a tionóladh an 14 Nollaig, 2020.  Tá ranníocaíocht bhreise iníoctha le hUisce Éireann maidir le bonneagar poiblí a sholáthraíonn siad.  Ba cheart d'fhorbróirí dul i dteagmháil go díreach le hUisce Éireann maidir leis seo.

Íoslódáil an

Scéím Ranníocaíochta Forbartha 2021-2025

Scéim Ranníocaíochta Forbartha 2016-2020

Scor na Scéime Ranníocaíochta Forbartha don Mheitreo Thuaidh

Supplementary Contribution Schemes