Titiocht

Íocaíocht Iasachtaí Tithíochta

Bainistiú Iasachtaí Tithíochta

Má tá deacracht agat faoi láthair do mhorgáiste a íoc le Comhairle Contae Fhine Gall mar gheall ar chaillteanas ioncaim nó caillteanas fostaíochta de bharr Covid-19 beidh tú i dteideal iarratas a dhéanamh chuig an Roinn Tithíochta ar bhriseadh íocaíochta sealadach ar do mhorgáiste. 
Ní rachaidh an t-uasmhéid ama a cheadaítear le haghaidh briseadh íocaíochta sealadaí thar 9 mí san iomlán agus caithfear iarratas a dhéanamh air i mbaisceanna de 3 mhí. 

Gheobhaidh tú thíos roinnt Ceisteanna Coitianta agus foirm iarratais ar féidir leat a chomhlánú agus a sheoladh ar ais chuig ár n-oifigí trí ríomhphost le haon doiciméadúchán tacaíochta (tabhair le fios go mbeidh ort cóip den bhfoirm a phriontáil, a shíniú agus a chur isteach)

Beifear ag súil go n-íocfaidh tú méid a bheidh ar aon dul le d’inacmhainneacht agus caithfear cionroinnt do thráthchuid iasachta a chlúdaíonn d’Árachas Cosanta Morgáiste a chlúdach. 

Má tá aon cheist agat seol ríomhphost le do thoil chuig  [email protected]  agus rachaidh ball den bhfoireann tacaíochta morgáiste i dteagmháil leat a luaithe is féidir.

 

Léigh na ceisteanna coitianta: FAQs

Foirm Iarratais Socrú Íocaíochta

Is féidir íocaíochtaí iasachta a dhéanamh ar na bealaí seo a leanas:

  • Dochar Díreach Sepa. Tá sé seo difriúil ó bhuanorduithe sa mhéid is go bhfuil tú ag tabhairt treorach do do bhanc suimeanna athraitheacha a bhaint as do chuntas bainc gach mí. Más mian leat dochar díreach a shocrú chun d’iasacht a aisíoc, priontáil agus líon an Fhoirm Dochar Díreach SEPA agus seol ar ais chugainn í. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo. Nuair a shíníonn tú an treoir do do bhanc, tá tú ag aithint go mbeidh an gála míosúil curtha do dhochar do bhanc ar an 1ú lá de gach mí.
  • Buanordú. Chun íoc trí Bhuanordú trí do bhanc, priontáil agus líon an Fhoirm um Bhuanordú Iasachta agus seol ar ais chuig do bhanc í. 
  • Oifig an Phoist – Is féidir íocaíochtaí a bhaineann le hiasachtaí áirithe (Uimhreacha cuntais ag tosú leis na litreacha S,T & V) a dhéanamh saor in aisce ag oifig an phoist agus caithfear iad a dhéanamh ag úsáid cárta íocaíochta atá ar fáil ó Rannóg na gCuntas Iasachta.
  • Oifig Íocaíochtaí: Is féidir íocaíochtaí a dhéanamh le hairgead tirim, seic, dréacht bainc, agus cárta creidmheasa & léasair. Is féidir seiceanna a phostáil nó buail isteach chuig ár n-oifig íocaíochta i Halla an Chontae, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath nó ar Bhóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15.
  • Íocaíochtaí teileafóinMás mian leat íoc le cárta creidmheasa nó léasair, cuir glaoch ar ár n-oifig íocaíochtaí.
    Teileafón: (01) 8905309 nó (01) 8905154. 
    Tá an oifig íocaíochtaí oscailte ó 9.30rn go 3.30in Luan go hAoine.
  • Is é €1,000.00 an chnapshuim is lú gur féidir leat a íoc. Má dhéanann tú íocaíocht chnapshuime, beidh d’íocaíocht mhíosúil laghdaithe; ní thiocfaidh aon athrú ar théarma d’iasachta. Níl aon phionóis má dhéanann tú íocaíocht chnapshuime. Más mian leat íocaíocht chnapshuime a dhéanamh, téigh i dteagmháil linn, beidh ort foirm iarratais d’íocaíocht Chnapshuime a chomhlánú freisin. Foirm le haghaidh Íocaíocht Chnapshuime Speisialta le Cuntas Morgáiste

Más mian leat iarmhéid d’iasacht a sheiceáil (figiúirí fuascailte) beidh ort Foirm Luachana Fuascailte, a phriontáil, a líonadh agus í a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo. Cuirfimid cóip de d’iarmhéid (figiúirí fuascailte) chugat ar an bpost laistigh de 3 go 5 lá oibre. 

Má cheannaigh tú teach faoinár Scéim Úinéireachta Inacmhainne/Roinnte d’fhéadfá cáiliú chun an chuid cíosa de d’iasacht a athrú ina mhorgáiste iomlán. Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú an Fhoirm Iarratais chun Cothromas ar Cíos a Athrú ina Mhorgáiste a phriontáil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Más mian leat do theach inacmhainne a dhíol caithfidh tú é sin a chur in iúl dúinn i scríbhinn. Bí cinnte na sonraí faoi do ghníomhaire eastáit agus an praghas atá tú a iarraidh a chur san áireamh freisin. Nuair a gheobhaimid agus a cheadóimid cóip den chonradh sínithe faoi dhíolachán aontaithe ó do dhlíodóir, cuirfimid cóip de d’iarmhéid (figiúirí fuascailte), lena n-áirítear figiúirí aisghlámtha chugat ar an bpost ansin. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Nuair a cheannaigh tú do theach inacmhainne, fuair tú é ar lascaine i gcomórtas le maoin eile den chineál céanna ar an margadh. Tá an t-aisghlámadh bunaithe ar an gcéatadán de lascaine a fuair tú nuair a cheannaigh tú do theach inacmhainne. Má shocraíonn tú do theach a dhíol, cuirfimid an céatadán seo san áireamh sa phraghas a fhaigheann tú ón díolachán, ag brath ar luach reatha na maoine. Ag brath ar luach do mhaoin nuair a dhíolann tú é, is féidir le ríomh an aisghlámtha athrú. Is féidir leat ár mBileog um Aisghlámadh agus Maireachtáil i dTeach Inacmhainne a léamh freisin.

Tugaimid deis duit do mhaoin inacmhainne a ligean ar cíos i gcúinsí éagsúla, mar shampla sa chás is go bhfaigheann tú fostaíocht thar lear. Chun iarratas a dhéanamh, caithfidh tú Foirm Iarratais Chun Maoin Inacmhainne a Ligean ar Cíos a Cheadú a phriontáil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Cuirfimid ráiteas morgáiste chugat ar an bpost uair sa bhliain, go hiondúil in Eanáir/Feabhra. Ach is féidir leat ráiteas a iarraidh ag am ar bith trí theagmháil a dhéanamh linn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Chun iarratas a dhéanamh chun do chreidmheas/ró-íocaíocht a íoc d’iarmhéid d’iasacht atá fós le híoc, caithfidh tú Foirm Iarratais um Ró-íocaíocht Chaipitlithe a phriontáil, a líonadh agus a sheoladh ar ais chugainn. Tá ár sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Má tá tú pósta anois, nó i gcaidreamh nua, agus gur mhaith leat ainm eile a chur le d’iasacht; priontáil, comhlánaigh agus seol cóip de Aistriú Iasachta ó Ainm Aonair chuig Ainmneacha Comhpháirteacha chuig ár rannóg um chuntas iasachta. Tá na sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.  

Má tá tú scartha/colscartha anois agus gur mhaith leat ainm a bhaint de d’iasacht, priontáil, comhlánaigh agus seol cóip de Aistriú Iasachta ó Ainmneacha Comhpháirteacha chuig Ainm Aonair chuig ár rannóg um chuntas iasachta. Tá na sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Má tá d’iasacht faoi réir ordú cúirte, nó go bhfuil duine atá ainmnithe ar an iasacht tar éis bháis, beidh ort cóip den ordú cúirte/teastas báis a sheoladh chuig Clárlann na Talún freisin. Tá na sonraí teagmhála ag bun an leathanaigh seo.

Déan Teagmháil le Clárlann na Talún

Tríd an bpost:  Clárlann na Talún
                        An tÚdarás Clárúcháin Maoine 
                        Sráid na Seansaireachta
                        Baile Átha Cliath 7
Trí ríomhphost:  %[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]  

Contact Us

Tríd an bPost:  Comhairle Contae Fhine Gall
                        Rannóg na gCuntas Iasachtaí
                        Bóthar an Gharráin
                        Baile Bhlainséir
                        Baile Átha Cliath 15
Teileafón: (01) 8905590
Ríomhphost:  [email protected]