Comhshaol

Forfheidhmiú na Rialachán maidir le Dramhaíl Bia (Tráchtála)

Bainistíocht Dramhaíola

Is féidir batairí a thabhairt le haghaidh athchúrsála chuig aon siopa a dhíolann batairí den chineál céanna. Ní ghá duit aon rud a cheannach ann ach na batairí a thabhairt dóibh saor in aisce.

Is féidir leat batairí a thabhairt ag na hIonaid Athchúrsála dár gcuid (An Inbhear, Sord agus Cúil Mhín, Baile Átha Cliath 15), áiteanna ina nglacfar leo saor in aisce, chomh maith. Seiceáil, le do thoil, leathanach na nIonad Athchúrsála le haghaidh amanna oscailte.

Is Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach é WEEE - ar nós seanteilifíseáin, cuisneoirí/reoiteoirí, cócaireáin, VCRanna, DVDanna, triomadóirí gruaige, &rl. Má théann bataire ann nó má tá plocóid aige is WEEE é.

Is féidir do chuid WEEE (teaghlaigh amháin) a thabhairt saor in aisce ag na hIonaid Athchúrsála.

Nuair a cheannaíonn tú trealamh nua is féidir an sean trealamh a thabhairt ar ais ag an siopa inar cheannaigh tú an ceann nua – ní mór don trealamh a bheith mar a chéile. Mar shampla is féidir seantóstaer a thabhairt ar ais ag an siopa nuair a cheannaíonn tú tóstaer nua agus caithfidh siad é a ghlacadh uait saor in aisce. Ach má cheannaíonn tu tóstaer ní ghá dóibh seanteilifíseán a ghlacadh uait. Nuair a sheachadtar trealamh nua tógfaidh an duine seachadta an seantrealamh chun bealaigh saor in aisce, má bhíonn sé i riocht bailithe (i.e. díscortha agus réidh le tabhairt chun bealaigh).

Uaireanta d’fhéadfá bileog a fháil isteach an doras ag tabhairt fógra faoi bhailiúchán earraí leictreacha ar an lá dár gcion – ag iarraidh ort earraí a fhágáil amuigh sa ghairdín tosaigh. Gach seans go bhfuil mórchuid na mbailiúchán seo bréagach mar nach mbíonn ceadúnas bhailiúchán dramhaíola ag na veaineanna seo. Níor cheart duit rud ar bith a fhágáil amuigh le bailiú nuair a fhaigheann tú na bileoga sin.