Comhshaol

Fodhlíthe Chomhairle Contae Fhine Gall um Dhramhaíl Teaghlaigh agus Tráchtála a Leithlisiú, a Stóráil agus a Thabhairt i Láthair 2020

Waste Management

Rialaíonn na fodhlíthe seo raon saincheisteanna, lena n-áirítear oibleagáid a chur ar thomhaltóirí páirt a ghlacadh i seirbhís bailithe dramhaíola údaraithe nó cruthúnas doiciméadach a sholáthar maidir leis na modhanna malartacha a úsáideann siad chun a gcuid dramhaíola a dhiúscairt agus chun leithlisiú dramhaíola níos mó a spreagadh chun an méid dramhaíola iarmharaí a bhailítear a laghdú.

Ciallaíonn sé seo go gcaithfidh gach teaghlach a bheith in ann a chruthú go bhfuil conradh i bhfeidhm acu le bailitheoir dramhaíola údaraithe nó go n-úsáideann siad ionad fóntas poiblí nó ionad athchúrsála go rialta. Trí do dhramhaíl a bhainistiú i gceart:

  • Beidh tú ag cur go mór le comhlíonadh an dúshláin aeráide
  • Feabhsóidh tú méid agus cáilíocht an ábhair in-athchúrsáilte* a bhailítear
  • Laghdóidh tú an méid dramhaíola a théann chuig líonadh talún agus loscadh
  • Cabhróidh tú le hacmhainní teoranta an Domhain a chaomhnú

 

Tagann na Fodhlíthe i bhfeidhm an 1ú Márta 2020, agus is féidir iad a íoslódáil thíos:

[nasc leis na fodhlíthe a íoslódáil]

Tá tuilleadh eolais ar fáil ó:

https://www.mywaste.ie/my-household-waste-bye-laws/