Titiocht

Eolas agus Comhairle maidir leis an Easpa Dídine

Tacaíocht do Dhaoine gan Dídean

Má tá tú gan dídean, ag codladh amuigh nó i mbaol a bheith gan dídean agus gur i gceantar Fhine Gall a bhí do sheoladh buan deiridh ar feadh os cionn bliana, caithfidh tú dul i dteagmháil leis an tSeirbhís Mheasúnaithe agus Shocrúcháin. Tar chuig oifig na Comhairle go pearsanta in Oifigí na Cathrach, Bóthar an Gharráin, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15

Bíonn ár nAonad do Dhaoine Gan Dídean oscailte le haghaidh cur i láithreacha nua ó Luan go hAoine ó 9.30 - 12.30

Is féidir leat glaoch orainn le linn uaireanta oifige (9.30 r.n. go 4.30 i.n.) ar Teileafón: 01 890 5090

Má rinne an Fhoireann do Dhaoine Gan Dídean measúnú ort cheana féin agus gur mian leat coinne a dhéanamh, cuir glaoch teileafón ar 01-8905800.

Is féidir leat teacht orainn tar éis uaireanta oibre ar Teileafón: 1800 707 707

 

An bhfuil áit ar cíos agat agus imní ort go gcaillfidh tú é?

Tá líne thiomanta chomhairle shaorghlao ann arna oibriú ag Threshold ar son na ceithre Údarás Áitiúla i mBaile Átha Cliath. Is féidir leat comhairle a fháil faoi:

  • Iarraidh ort imeacht as cóiríocht ar cíos sula mbíonn an léas caite
  • Do léas a athnuachan, ach imní ort faoi do chumas é a íoc
  • An tiarna talún ag díol nó ag tógáil ar ais an tí
  • Ceisteanna faoi fhorlíonadh cíosa an Liúntais Leasa Shóisialaigh agus arduithe cíosa nuair a chríochnaíonn téarma an léasa

Teileafón 1800 454 454 

An bhfuilim i dteideal cóiríocht shealadach?

Chun an cinneadh seo a dhéanamh déanfaimid athbhreithniú  ar cé acu:

  • An bhfuil tú gan dídean nó an dóigh go mbeidh tú gan dídean
  • An bhfuil riachtanas tosaíochta agat do chóiríocht shealadach/rochtain ar thithíocht
  • An bhfuil nasc áitiúil agat le ceantar Bhaile Átha Cliath – má tá tú cláraithe mar dhuine gan dídean le haon cheann de na 4 údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath.

Agus muid ag meas do chás, d’fhéadfaí cóiríocht shealadach a chur ar fáil duit mura bhfuil aon áit eile agat le fanacht ann. 

 

Más rud é nach as Fine Gall mé an féidir liom fós an tseirbhís a úsáid?

Murar as ceantar Fhine Gall tú caithfidh tú tú féin a chur i láthair don cheantar údarás áitiúil ina raibh tú i do chónaí sula raibh tú gan dídean.

Mura bhfuil tú ag fáil cúnaimh leasa shóisialaigh faoi láthair agus go dteastaíonn cóiríocht éigeandála uait, caithfidh tú dul chuig

Aonad na nDaoine Gan Dídean,
Teach Oisín,
Baile Átha Cliath 2,
áit a seiceálfaidh siad an bhfuil tú incháilithe chun íocaíochtaí príomhshrutha leasa shóisialaigh a éileamh. Oibríonn Aonad na nDaoine Gan Dídean córas coinní agus is féidir é a rochtain trí Shaorghlao ar 1800 724 724.

Más as lasmuigh de Cheantar Fhine Gall tú déan teagmháil leis an Lár-Sheirbhís Shocrúcháin trí Shaorghlao ar 1800 707 707..

 

Daoine gan dídean agus incháilitheacht do chóiríocht éigeandála

Féachaimid ort mar dhuine gan dídean agus atá incháilithe do chóiríocht éigeandála mura bhfuil áit ar bith agat le fanacht ar an lá a dtagann tú isteach chuig ár nAonad do Dhaoine Gan Dídean mar:

  • Go bhfuil tú ag fanacht in áit éigin ach nach bhfuil aon cheart agat fanacht ann
  • Go bhfuil áit agat chun fanacht ann ach go bhfuil tú i mbaol díobhála má fhanann tú ann
  • Ní féidir leat íoc as aon chóiríocht tú féin

Ní féidir linn cóiríocht bhuan a chur ar fáil láithreach, ach má fhéachtar ort mar dhuine gan dídean d’fhéadfadh muid a bheith in ann cóiríocht shealadach a shocrú duit nó go bhfaighidh tú cóiríocht fhadtéarmach..

 

Táim faoi bhun 18, cad a dhéanfaidh mé?

Tabharfaidh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) cúnamh duit má tá tú faoi bhun 18 bliain. Má tá tú gan dídean nó i mbaol a bheith gan dídean téigh chuig Oifig Sláinte do cheantar áitiúil agus tabharfaidh oibrí sóisialta cúnamh duit. Má tá an oifig sin dúnta, mar shampla má tá sé tar éis 17.00, téigh chuig an Stáisiún Gardaí áitiúil agus déanfaidh siadsan teagmháil leis an oibrí sóisialta atá ar dualgas agus socróidh an té sin cóiríocht éigeandála duit.

Cuireann an tAonad seo íocaíochtaí ar fáil faoin Scéim um Liúntas Leasa Forlíontacha agus is féidir leo comhairle a chur ort faoi do theidlíochtaí ach ní féidir leo tú a chur i gcóiríocht shealadach. Tabhair cuairt ar a n-oifig le haghaidh tuilleadh eolais a fháil ag:

41 Sráid an Chaisleáin,
Baile Átha Cliath 2 
do mhná agus teaghlaigh nó

212-213 Teach Oisín,
Sráid an Phiarsaigh,
Baile Átha Cliath 2
d’fhir
Teileafón: 1800 724 724

Déan Teagmháil le hAonad Fhine Gall do Dhaoine Gan Dídean chun eolas a fháil

Teileafón: 01 890 5090 le linn uaireanta oibre
Teileafón d’uaireanta lasmuigh d’uaireanta oibre: 1800 707 707
Ríomhphost:  [email protected]