Comhshaol

Eolas agus Comhairle maidir le Dabhaigh Shéarachais

Bainistíocht ar Cháilíocht Uisce

Tá feidhm ag Cód Cleachtais 2021 do Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí (Coibhéis Daonra ≤ 10) maidir le measúnaithe suímh agus suiteálacha a dhéanfar ina dhiaidh sin an 7 Meitheamh 2021 nó ina dhiaidh sin.

  • Bunaíonn an Cód Cleachtais creat foriomlán dea-chleactais maidir le córais chóireála fuíolluisce tí a fhorbairt, i gceantair thuaithe gan séaraigh, chun ár dtimpeallacht a chosaint agus go háirithe cáilíocht uisce agus sláinte an duine.
  • Clúdaíonn an Cód measúnú suímh, suiteáil, agus oibriú dabhach shéarachais agus córais chóireála fuíolluisce tí eile. Tá gá leis na rialacháin tógála agus an córas rialaithe pleanála a chomhlíonadh. Is ábhar spéise é mar sin do chónaitheoirí tuaithe ionchasacha, comhairleoirí/innealtóirí, pleanálaithe agus daoine eile a bhfuil baint acu leis an earnáil cóireála fuíolluisce tí.  

Caithfear Córais Chóireála Fuíolluisce Tí (Dabhaigh Shéarachais) a chlárú.

De réir an dlí, ní mór do gach úinéir áitribh atá nasctha le córas cóireála fuíolluisce tí  (DWWTS) a gcórais a bheith cláraithe faoin 1 Feabhra 2013.  Is féidir le húinéirí córas cóireála fuíolluisce tí nó dabhaigh shéarachais i bhFine Gall a gcóras a chlárú trí úsáid a bhaint as a nÉirchód (www.eircode.ie):

  • Ar líne ag www.protectourwater.ie
  • Tríd an bpost trí úsáid a bhaint as an bhfoirm iarratais; Lárionad Tacaíochta Cosain Ár nUisce, Bosca Poist 12204, Baile Átha Cliath 8. Is féidir leat glaoch a chur ar (10.00 -- 12.00), Íosghlao 1890 800 800 nó 00353-1-5242274 le haghaidh tuilleadh eolais.

Níl aon cheanglas ort athchlárú mar tá do theastas reatha fós bailí. Ní mór d’úinéirí maoine nua a sonraí ar an teastas seo a nuashonrú.

Tá scéim deontais ar fáil chun cúnamh airgeadais a sholáthar do theaghlaigh a measadh, tar éis cigireacht a dhéanamh ar a DWWTS faoi Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú) Act 2012,go raibh gá acu le feabhsúchán nó uasghrádú. Ní féidir leat cigireacht a iarraidh. Déantar Cigireachtaí faoi Phlean Náisiúnta Cigireachtaí an EPA. Tá an Plean do 2022-2026 ar fáil ag an nasc seo:- https://www.epa.ie/environment-and-you/waste-water/

Tá athbhreithniú déanta anois ar Alt I Uimh. 222 de 2013 le foilsiú na Rialachán um Chúnamh Airgeadais do Thithíocht (Córais Chóireála Fuíolluisce Tí (DWWTS))2020 (Alt I. Uimh. 184 de 2020).

Fóráiltear leis na Rialacháin athbhreithnithe, faoi réir na gcritéar incháilitheachta uile a chomhlíonadh, go bhféadfadh Comhairle Contae Fhine Gall deontas a íoc le duine chun oibreacha feabhsúcháin, deisiúcháin nó uasghrádaithe a dhéanamh ar DWWTS nó DWWTS a athsholáthar má mheastar, tar éis cigireachta, a leithéid d’oibreacha a bheith ag teastáil.

Áirítear leis na téarmaí agus coinníollacha nua:

  1. An ceanglas an dáta cláraithe forordaithe a chomhlíonadh mar atá luaite sna Rialacháin um Chórais Cóireála Fuíolluisce Tí (Clárú) 2012 (Alt I.220/2012), arna leasú ag an Rialacháin na gCóras Fuíolluisce Tí (Clárú)(Leasú) 2013 (Alt I. 180/2013);
  2. An riachtanas tástála acmhainne a bhaint; agus,
  3. Ráta deontais aonfhoirmeach a thabhairt isteach de 85% de chostais incháilithe oibreacha feabhsúcháin, deisiúcháin nó uasghrádaithe, nó athsholáthar aon chórais den sórt sin nó €5,000, cíbe acu is ísle.

Tá deontais ar fáil faoi na scéimeanna seo a leanas:

  • Deontais do DWWTS (Plean Cigireachta Náisiúnta)
  • Deontais do DWWTS (Réimsí Gníomhaíochta Tosaíochta faoin RBMP)
  • Deontais do DWWTS (Dobharcheantair Cuspóir Ardstádais faoin RBMP)

 Mar sin féin, tá srianta ar incháilitheacht faoi gach scéim. 
 

  • D’fhorbair An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) Plean Cigireachta Náisiúnta  chun cabhrú le córais chóireála fuíolluisce tí nach bhfuil ag teacht leis an gcaighdeán a bhfuil súil leis a aithint. Caithfidh cigireacht a bheith déanta ar an gcóras cóireála faoin bplean cigireachta seo agus fógra comhairleach arna eisiúint ag an údarás áitiúil faoin Acht um Sheirbhísí Uisce (Leasú) 2012.  nó
  • Freastlaíonn an córas cóireála ar theach atá suite i Limistéar Gníomhaíochta Tosaíochta de réir Phlean Bainistíochta Abhantraí 2018-2021, agus tá litir eisithe ag Oifig Chlár Uiscí an Údaráis Áitiúil thar ceann an údaráis áitiúil ábhartha, ag deimhniú incháilitheachta chun iarratas a dhéanamh.

nó 

Tá na critéir seo a leanas i bhfeidhm i ngach ceann de na scéimeanna deontais thuas:

  • Caithfidh gach dabhach séarachais agus cineálacha eile córais chóireála agus diúscartha le haghaidh fuíolluisce tí a dteastaíonn aire uathu a bheith cláraithe ag an úinéir faoi 1ú Feabhra 2013, nó i gcás córais chóireála a tógadh nó a suiteáladh tar éis an dáta seo ní mór go mbeadh an clárú críochnaithe laistigh de 90 laethanta nasctha (tag. Rialachán 3 de na Rialacháin um Chórais Chóireála Fuíolluisce Tí (Clárú) (Leasú) 2013 (Uimh. 180 de 2013)). Más gá duit seiceáil an bhfuil tú cláraithe seol ríomhphost chuig [email protected] le d’ainm, do sheoladh agus d’éirchód (seiceáil d’éirchód ar www.eircode.ie).  Tabhair le fios le do thoil nach bhfuil deontais iníoctha i gcás nár cláraíodh an dabhach séarachais. Níl deontais iníoctha i gcás nár claraíodh dabhcha séarachais.  Chomh maith leis sin, ní ghlacaimid le hiarratais ar chigireachtaí dabhach séarachais ó úinéirí tí.
  • íocfar deontais i dtreo na ngnáthchostas lena chinntiú go bhfuil córas ag obair i gceart m.sh. córas cóireála fuíolluisce tí a chothabháil, a sheirbhísiú nó a dhí-sloda.
  • Ciallaíonn “costas ceadaithe” maidir le hoibreacha feabhsúcháin, deisiúcháin nó uasghrádaithe ar chóras cóireála fuíolluisce tí, nó an córas sin a athsholáthar, an costas a mheas an t-údarás tithíochta mar chostas réasúnta chuh na hoibreacha a dhéanamh nó an t-athsholáthar, nó an costas iarbhír a bhaineann leis na hoibreacha nó an t-athsholáthar a dhéanamh, cíbe acu is lú;
  •  

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó má theastaíonn ceann de na foirmeacha iarratais uait nó má tá ceist agat faoi mhaoin (tabhair Éirchód leis an seoladh le haghaidh d’áit chónaithe bhuan agus cruthúnas ar chlárú an chórais chóireála) agus seol ríomhphost chuig [email protected]

 

Tabhair le fios le do thoil:  Déileálfar le cigireacht de bhun gearáin faoi thruailliú uisce mar is gnách. Toirmisctear le hAlt 3 den Acht Rialtais Áitiúil, (Truailliú Uisce), 1977 arna leasú ag an Acht Rialtais Áitiúil, (Truailliú Uisce)(Leasú), 1990,  ábhair thruaillithe a chur isteach in uiscí.  Má theipeann ar úinéir tí córas fuíolluisce tí a chothabháil i gceart, beidh iarrthóir neamh-incháilithe don deontas seo.