Seirbhísí Corporáideach

Cosaint Sonraí

Faoi Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí (AE) 2016/679, agus faoin Acht um Chosaint Sonraí 2018 tá dualgas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a bheith cothrom maidir le haon fhaisnéis phearsanta a bhailítear a láimhseáil agus a stóráil.

 

Faoin na hachtanna cosnaítear príobháideachas pearsanta agus cearta dhaoine aonair trí theorainn a chur leis an tslí a úsáideann agus a roinneann an Chomhaire do fhaisnéis phearsanta.

Nuair a thugann faisnéis phearsanta dúinn, tá cearta agat maidir le conas a úsáidtear an fhaisnéis. Tá dualgas ar Chomhairle Contae Fhine Gall do shonraí a choimeád príobháideach agus slán.

Faoi Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí  (AE) 2016/679 tugtar sainmhíniú ar ‘shonraí pearsanta’ mar:

‘aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha saineathanta nó in-sainaitheanta (‘ábhar sonraí’); is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin;’

  • Á choinneáil ar ríomhaire
  • Á choinneáil ar phaipéar ná ar aon chóras comhdúcháin láimhe eile
  • I bhfoirm grianghrafanna, taifead TCI/fhiseáin; do ghrianghraf nó taifid de do ghuth.

(a) go ndéantar do shonraí pearsanta a phróiseáil go dleathach, go cothorm agus go trédhearcach;

(b) go mbailítear do shonraí pearsanta do chuspóirí sonraithe, follasacha agus dlisteanacha agus nach ndéantar aon phróiseáil bhreise air ar bhealach atá neamhfhreagrach do na cuspóirí sin;

(c) go bhfuil do shonraí pearsanta imleor, ábhartha agus teoranta do cad atá riachtanach maidir leis na cuspóirí agus don phróiseáil a dhéantar orthu.

(d) go bhfuil do shonraí pearsanta cruinn agus, nuair atá sé riachtanach, coimeádta suas chun dáta;

(e) go gcoimeádtar do shonraí pearsanta i bhfoirm nach dtugtar cead aitheantas a thabhairt ar ábhair shonraí ar feadh níos mó ná an t-am atá riachtanach do na cuspóirí atá cúis leis an bpróiseáil;

(f) go ndéantar próiseáil ar an sonraí pearsanta ar bhealach a chinntíonn slándáil cuí, ina measc cosaint ó phróiseáil neamhúdaraithe nó neamhdhleathach agus ó chailliúint thimpisteach, ó scrios nó ó damáiste. Úsáidtear bearta teicniúla cuí nó bearta eagraíochtúla chun é sin a dhéanamh .

  • a)  sonraí teagmhála Oifigigh Cosanta Sonraí na Comhairle;

    (b)  cad a dhéanfar le do shonraí pearsanta agus an chúis atá leis;

    (c)  gníomhaireachta eile, más ann, gur féidir do shonraí pearsanta a roinnt leo.

    Chomh maith leis sin, tá ceart agat na nithe seo a leannas a bheith ar eolas agat chun cinntiú go bhfuil an Chomhairle ag gníomhú ar bhealach atá cothrom agus follasach:

    a)    an fad a choimeádfaimid do Shonraí Pearsanta, agus an chúis atá leis;

    b)    go bhfuil ceart agat iarratas ar rochtain ar do Shonraí Pearsanta a chur isteach, cóip dá Shonraí Pearsanta a fháil, aon bhotúin atá ann a cheartú, do Shonraí Pearsanta a scriosadh (i gcásanna áirithe), cuir i gcoinne a úsáide, agus é a aistriú  (‘iniomparthacht sonraí’);

    c)    go bhfuil ceart agat caoineachán a chur i dtaisce údaráis mhaoirseachta;

    d)    aon chinnteoireacht uathoibrithe a bhí ann, próifíliú san áireamh, a bheith ar eolas agat agus na cúiseanna a bhí leis.

     

Faoi Alt 12 de Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 tá ceart agat fáil amach, saor in aisce, an bhfuil aon fhaisnéis ag an gComhairle fút. Is féidir an fhaisnéis atá againn a fháil amach agus an chúis atá leis.

Tá dualgas ar an gComhairle freagra a thabhairt ar d’iarratas ar fhaisnéis mar seo laistigh de mhí.

Faoi Alt 12 de Rialachán Ginearálta an AE maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 tá ceart agat cóip d’aon fhaisnéis phearsanta atá againn a fháil in aon fhoirm atá againn. Tá tú i dteideal a bheith ar an eolas maidir leis an áit a bhfuaireamar an fhaisnéis, an tslí a úsáideadh é agus má thugtar é d’aon duine eile.

Tá seans go n-iarrfar na nithe seo a leannas ort chun cabhrú linn dul i ngleic le d’Iarratas Duine ar a S(h)onraí:

  • Cruthúnas Céannachta
  • Seoladh poist reatha nó roimhe seo
  • An bhfuil faisnéis shonrach nó an fhaisnéis ar fad atá ag an gComhairle ag teastáíl

Cuireann an Chomhairle Foirm Foirm Iarratas Duine ar a S(h)onraí ar fáil chun an iarratas duine ar a s(h)onraí a éascú.

 Caithfear gach iarratas ar shonraí pearsanta atá a choimeád ag Comhairle Contae Fhine Gall a chur i scríbhinn tríd an bpost nó trí ríomhphoist chuig:

 Oifigeach Cosanta Sonraí

An Roinn um Ghnóthaí Corparáide agus Rialachas, Comhairle Contae Fhine Gall, Príomhshráid, Sord, Contae Bhaile Átha Cliath Ríomhphoist: [email protected]  Teileafón: 01 8905162 

Más é do thuairim nach bhfuil meas ar do chearta cosanta sonraí á léiriú ag an Chomhairle , téigh i dteagmháil linn le do thoil. Muna bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, is féidir dul i dteagmháil le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ar an seoladh seo:

 

Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí

Teach na Canálach, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise

LoCall: 1890 252 231, Teileafón: 057 8684800, Faisc: 057 8384757

Ríomhphoist:  [email protected]

Suíomh gréasáin: http://www.dataprotection.ie