Bóithre agus Taisteal

Córas Páirceála Chlib

Ta córas páirceála gan airgead tirim tugtha isteach againn via teileafón póca chun réiteach áisiúil íocaíocht i leith páirceála a chur ar fáil.

Tá an Córas Páirceála Chlib tugtha isteach againn ar fud Fhine Gall. Córas íocaíochta gan airgead tirim via teileafón póca atá ann agus tá sé ag obair go rathúil cheana i gCeantar Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá sé á thabhairt isteach anois i gceantair Bhaile Átha Cliath Theas, Dhún Laoghaire/Rath an Dúin agus Chomhairle Contae Fhine Gall, chun réiteach íocaíocht i leith páirceála do réigiún uile Bhaile Átha Cliath a chur ar fáil.

Is réiteach páirceála soghluaiste gan airgead tirim atá i gceist le Clib Pháirceála a chuireann leis na modhanna íocaíochta atá ann cheana agus oibríonn sé mar seo:

  • Déanann custaiméir cuntas a chlárú trí ghlaoch a chur ar an lárionad glaonna nó trí é a dhéanamh ar líne.
  • Cuir téacs nó glaoigh chun páirceála – m.sh. ceadaíonn “park FC 60” páirceáil a dhéanamh i Saincheantar FC ar feadh 60 nóiméad.
  • Tagann téacs deimhnithe ó Chlib Pháirceála
  • Déanann Maoir clárúchán an chairr a scanadh chun seiceáil an bhfuil táille pháirceála íoctha
  • Is féidir leis an gcustaiméir a roghnú go gcuirfí téacs meabhrúcháin aige 10 nóiméad roimh am caite na táille – an rogha aige ansin fad a chur leis an am páirceála más mian leis
  • Is féidir le custaiméirí íocaíocht i leith páirceála a dhéanamh in ionaid mhiondíola a oibríonn líonra Payzone (mar a d’íocfá dolaí don M50)
  • Ní gá filleadh ar do charr nuair a bhíonn íocaíocht déanta via teileafón póca nó trí ionad miondíola.

Tá solúbthacht bhreise chun táillí páirceála a íoc ar fud réigiún Bhaile Átha Cliath ag baint leis an gcóras páirceála chlib via teileafón póca nó trí ionad miondíola agus is féidir cur leis an tréimhse páirceála gan gá le ticéad a cheannach ón méadar ná le filleadh ag an gcarr.

Le haghaidh tuilleadh eolais féach www.parkingtag.ie