Seirbhísí Corporáideach

Clár Caipitil

Leagtar amach sa Chlár Caipitil na tionscadail mhóra bhonneagair atá beartaithe a dhéanamh, ach maoiniú a bheith ar fáil dóibh, as seo go ceann trí bliana.

Baintear úsáid as maoiniú caipitil chun tionscadail bhonneagair i gceantar Fhine Gall a chur ar fáil e.g. tógáil tithe, bóithre, áiseanna pobail/caitheamh aimsire etc. Tá cur i gcrích na dtionscadal atá sa Chlár Caipitil ag brath ar mhaoiniú a bheith ar fáil. Toisc gurb é cuspóir na hoibre bonneagar a chur ar fáil, cuireann an próiseas tairisceana agus/nó an próiseas pleanála atá i gceist isteach ar an méid ama a thógann sé tionscadail a chur i gcrích.

Foinsí mhaoiniú na Comhairle don Bhuiséad Caipitil

Faighimid maoiniú don Bhuiséad Caipitil ó na foinsí seo a leanas:

  • Státchiste/Maoiniú AE
  • Iasachtaí
  • Tobhaigh forbartha
  • Ár gcuid acmhainní féin