Comhshaol

Bainistíocht ar Líonraí Talún Stairiúla

Bainistíocht Dramhaíola

Tá dhá ionad líonadh talún i gceantar Fhine Gall – ag Baile Amhlaoibh agus Dún Sinche. Níl ceachtar acu ag glacadh le dramhábhar a thuilleadh agus tá obair athchóirithe agus iarchúraim ar siúl iontu

Líonadh Talún Bhaile Amhlaoibh

Bhí líonadh talún Bhaile Amhlaoibh ag feidhmiú ó 1971 agus stopadh ag glacadh le dramhábhar ann ar 15ú Bealtaine, 2012. 

Cuimsíonn obair athchóirithe na cealla a dhúnadh le líonáil shaorga (ábhair poiléitiléin agus beintinéite) agus ithir an líonadh talún agus ansin tírdhreachadh a dhéanamh ar an bpróifíl dheiridh agus iarchúram a dhéanamh ar an suíomh. Ta na hoibreacha sin riachtanach faoin gceadúnas dramhaíola atá againn ón EPA.

 

Líonadh Talún Dhún Sinche

Tá líonadh talún Dhún Sinche sa chéim iarchúraim ag an bpointe seo. Bíonn faireachán agus bainistiú comhshaoil le déanamh ann. Déanann an Ghníomhaireacht um Chosaint Comhshaoil maoirseacht ar bhainistíocht na Comhairle ar an líonadh talún dúnta faoi cheadúnas dramhaíola a eisíodh i 2004.

Bailítear gás ar an láthair agus úsáidtear an gás le leictreachas, a théann isteach san eangach náisiúnta, a ghiniúint.

Is féidir mionsonraí faoi bhainistíocht comhshaoil na láithreach a fháil ar shuíomh gréasáin an EPA faoi Cheadúnas Uimhir W0127-01.