Seirbhísí Corporáideach

Aonad Bainistíochta Éigeandála

Aonad Bainistíochta Éigeandála

Bunaíodh an tAonad Bainistíochta Éigeandála sa bhliain 2010 chun tacú le Comhairle Contae Fhine Gall a cuid oibleagáidí mar Údarás Áitiúil a shásamh faoi “Creat Oibre do Bhainistíocht Mór-Éigeandála” (www.mem.ie). 

 

Is Príomh-Ghníomhaireacht Freagartha í Comhairle Contae Fhine Gall agus oibríonn i gcomhar le dhá Phríomh-Ghníomhaireacht Freagartha eile, An Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i dtaobh gach gné de Bhainistíocht Éigeandála.

Tá measúnú riosca dréachtaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall, i gcomhar leis na Príomh-Ghníomhaireachtaí Freagartha eile, don Chontae, áit a bhfuil rioscaí áirithe aitheanta agus meas tugtha ar a dtionchar.

 

Chomh luath agus a aithnítear rioscaí, cuirtear i bhfeidhm bearta maolaithe chun an riosca a laghdú nó a chur de dhroim seoil trí phleanáil agus trí fhorbairt cheart.    

 

Mar sin féin, nuair nach féidir riosca a chur de dhroim seoil, caithfear é a bhainistiú trí chórais mhaithe agus rialú géar.   

 

Ar deireadh, má tharlaíonn Mór-Éigeandáil, caithfidh Comhairle Contae Fhine Gall a bheith réidh chun freagairt a thabhairt ar eachtra agus a chinntiú go gcuirtear acmhainní ar fáil ar an mbealach is fearr agus is féidir.  

 

D'fhonn an ról freagartha seo a chomhlíonadh, ní mór do Chomhairle Contae Fhine Gall a chinntiú go gcuirtear oiliúint chuí ar bhaill foirne sa Chomhairle do na róil a gcaithfidh siad gabháil dóibh. 

 

Ní foláir do bhaill foirne oibleagáidí agus róil na comhairle faoin gCreat Oibre a thuiscint chomh maith.  

 

I ngach cás, tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí freagairt an Údaráis Áitiúil a chomhordú leis an dá Phríomh-Ghníomhaireacht Freagartha eile, An Garda Síochána agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, mar aon le gníomhaireachtaí stáit eile agus comhlachtaí san earnáil phríobháideach, de réir mar is gá.

Is rannpháirtithe gníomhacha iad baill an Aonaid Bainistíochta Éigeandála i gcoistí áitiúla, réigiúnach agus náisiúnta, ag plé le gnéithe éagsúla de Mhór-Éigeandálacha.   

 

Eagraíonn agus soláthraíonn an t-aonad oiliúint agus ceachtanna ar bhonn idirghníomhaireachta agus glacann páirt in oiliúint áitiúil.  

 

Is traenálaí ainmnithe ilghníomhaireachta é an tOifigeach Bainistíochta Éigeandála don réigiún le haghaidh Bainistíocht Eolais agus Comhordú ar an Láthair.  

 

Cabhraíonn sé le hoiliúint a chur ar fáil d'Údaráis Áitiúla eile sa réigiún.

 

Anuas ar an ngníomhaíocht fhoirmiúil seo, tá baint ag an Aonad Bainistíochta Éigeandála le gníomhaíocht rannpháirtíochta san earnáil bainistíochta éigeandála.    

 

 

Thar aon rud eile, tá naisc den scoth ag an Aonad Bainistíochta Éigeandála le Scoil Gnó Feidhmiúcháin Ollscoil Chathair Átha Cliath.  

 

Déanann an t-aonad obair i gcomhar maidir le taighde ar Bhainistíocht Éigeandála agus glacann páirt in imeachtaí malartaithe agus líonraithe.  

 

Tá an-fhonn ar Ollscoil Chathair Átha Cliath agus Comhairle Contae Fhine Gall deiseanna a thapú feabhas a chur ar phleanáil agus ar fhreagairt bainistíochta éigeandála in Éirinn. 

Emergency Management Unit
Emergency Management Unit
Emergency Management Unit