Páirceanna agus Tránna

Aimsigh trá

Balbriggan Coastal Shot

Síneann cósta Fhine Gall 88 ciliméadar ar fhad, ó Chill Fhionntain go Baile Brigín. Tá trí inbhear cosanta, gnáthóg riasc goirt agus trí cinn déag de thránna móra againn.  Tá an Life buailte linn san iardheisceart den réigiún.

Tosaíonn an séasúr snámha go hoifigiúil Dé Sathairn, an 3ú la  Meitheamh 2017.  Cuirtear gardaí tarrthála chuig na  tránna aitheanta go léir ó 11am go dtí 7pm ag an deireadh seachtaine amháin i mí an Mheithimh agus ansin ar feadh seacht lá na seachtaine i mí Iúil agus i mí Lúnasa.  Moltar don phobal a chinntiú nach dtéann siad ag snámh ach i  limistéir aitheanta shnámha, go dtugann siad na bratacha atá ar foluain faoi deara nuair a thagann siad ar cuairt agus go gcloíonn siad le haon treoracha a thugann na gardaí tarrthála.  Tá clár fógraí ag gach  trá aitheanta ar a gcuirtear eolas úsáideach faoi rudaí ar nós fógraí maidir le Cáilíocht Uisce Snámha. Nó féadann tú logáil isteach ar  splash.epa.ie  le haghaidh eolais agus an scéala is deireanaí faoinár dtránna go léir. Iarrtar ar thuismitheoirí/chaomhnóirí leanaí beaga a bheith ag faire i gcónaí ar leanaí chun timpistí a chosc.