Pleanáil

Aighneachtaí Tuairimí um Iarratas Pleanála

Bainistíocht Forbartha

Is féidir le duine ar bith seachas an t-iarratasóir agóid a dhéanamh in aghaidh iarratas pleanála / tuairim a thabhairt faoi.

Tabhair faoi deara:

    • Is é €20 an táille. (Ní dhéanfar aighneachtaí a bhailíochtú go dtí go mbeidh íocaíocht faighte)
    • Foilsítear gach agóid/tuairim ar ár suíomh gréasáin
    • Ní mór duit agóid a dhéanamh/tuairim a thabhairt laistigh de chúig seachtaine ó dháta cláraithe an iarratais.  Féadfaidh tú d’agóid/thuairimí a tharraingt siar i litir laistigh den tréimhse cúig seachtaine chéanna.  Is féidir breathnú ar gach doiciméad bailí a fhaighimid ar an suíomh gréasáin agus ar an gcomhad poiblí.
    • Ní féidir leat agóid a dhéanamh/tuairim a thabhairt ach amháin maidir le saincheisteanna pleanála agus forbartha. Ní chuirfear aon saincheisteanna nach gcomhlíonann na treoirlínte san áireamh. Léigh ár dtreoir maidir le hun tuilleadh eolais a fháil.
    • Ní mór go mbeadh d’ainm agus do sheoladh leis an litir.

    • Thair faoi deara, de réir Airteagal 35 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, nach gcuirfear fógra chuig daoine a sholáthair aighneacht nó breathnóireacht maidir le hiarratas pleanála maidir le Faisnéis Bhreise nó Soiléiriú ar Fhaisnéis Bhreise a bheith faighte, ach sa chás go meastar an Fhaisnéis Bhreise sin nó an Soiléiriú ar Fhaisnéis Bhreise a bheith suntasach agus gá a bheith le fógraí poiblí nua.  Ní ghlacfar le hAighneachtaí Breise ach ó agóideoirí reatha i ndiaidh admháil maidir le Faisnéis Bhreise shuntasach a bheith faighte.  Níl aon fhoráil dlí ann maidir le glacadh le haighneachtaí / agóidí nuair nach bhfuil an Fhaisnéis Bhreise suntasach. 

    • Nóta Tábhachtach: “teip an phróisis íocaíochta”
      Sa chás go dteipeann ar an bpróiseas íocaíochta, agus is annamh a tharlaíonn sé sin, cuir an fhoireann pleanála ar an eolas láithreach trí ríomhphost a sheoladh chuig  [email protected]  
      agus/nó glaoigh ar 8905000.
      Tá sé tábhachtach an cás a réiteach chomh luath agus is féidir mar gheall ar theorainneacha ama reachtúla atá an-ghéar chun aighneacht a dhéanamh/tuairim a thabhairt.
    • Chomh luath is a dhéantar cinneadh maidir leis an iarratas, cuirfimid ar an eolas thú laistigh de thrí lá oibre.

     

    Féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála mura bhfuil tú sásta le cinneadh pleanála, nó leis na coinníollacha a ghabhann le cinneadh pleanála.

    Is féidir leis an iarratasóir nó le duine ar bith a thug tuairim / a rinne aighneacht maidir leis an gcéad iarratas pleanála achomharc a dhéanamh in aghaidh cinneadh pleanála.

    Tabhair faoi deara:

    • Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an chinnidh phleanála. Check dates here
    • Labhair linn ag (01) 8905753 má chaill tú an litir admhála a fuair tú le do thuairim / aighneacht toisc go dteastóidh sí sin uait chun achomharc a dhéanamh.

    An Bord Pleanála checklist

    Guide to fees payable

    Murar Agóideoir ó Thús Thú ach go bhfuil tú ag iarraidh Achomharc a dhéanamh chuig an mBord

    Is féidir leat é sin a dhéanamh i gcásanna áirithe : Guidelines for leave to appeal

    Féadfaidh tú d’achomharc a sheoladh chuig an mBord Pleanála ag

    An Bord Pleanála
    64 Sráid Mhaoilbhríde
    Baile Átha Cliath 1

     

    Déan teagmháil

    Má tá tuilleadh eolais uait faoi agóid a dhéanamh in aghaidh iarratas pleanála/tuairim a thabhairt faoi iarratas pleanála

    Ríomhphost:

    [email protected]

    AN RANNÓG PLEANÁLA SÉANADH GINEARÁLTA 

    Ní ghlacann Comhairle Contae Fhine Gall le haon dliteanas dlíthiúil ná le haon dliteanas eile as aon mhíchruinneas, aon bhotún, aon mhíshonrú ná aon earráid eile d’aon chineál ar bith atá laistigh den cháipéisíocht a chuirfear faoi bhráid na Comhairle i leith aon iarratais pleanála ná i leith aon aighneachta is trácht nó is agóid i leith aon iarratais pleanála. Séanann Comhairle Contae Fhine Gall go foirmiúil leis seo aon dliteanas i leith na nithe thuasluaite.

     

    SÉANADH CÓIPCHIRT 

    Ní bheidh Comhairle Contae Fhine Gall freagrach as mí-leithghabháil cóipchirt ná cirt intleachtúil eile do na húinéirí dlisteanacha, rud a d’fhéadfadh a tharlú nuair a chuirtear aon cháipéis isteach i ndáil le hiarratas pleanála. Glacann an Chomhairle le gach aighneacht agus cáipéis i ndáil le hiarratas pleanála le hintinn mhaith. Is ábhar sibhialta aon sárú ar chóipcheart nó ar chearta intleachtúla eile de bhun an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Séanann Comhairle Contae Fhine Gall go foirmiúil leis seo aon dliteanas i leith na nithe thuasluaite.

     

    FÓGRA MAIDIR LE CLÚMHILLEADH

    Is cóir dóibh siúd atá ag cur aighneachtaí/barúlacha faoi bhráid Chomhairle Contae Fhine Gall i leith aon iarratais pleanála a bheith feasach, sa chás go ndéantar líomhaintí i gcoinne duine nó eagraíochta ainmnithe nó duine nó eagraíochta is féidir a aithint ar bhealach eile, go bhféadfadh sé go measfadh an té sin go bhfuil a leithéid de thráchtanna clúmhillteach. D’fhéadfadh sé go dtabharfaí cás go díreach in éadan na ndaoine siúd atá ag cur na n-aighneachtaí/na mbarúlacha sin isteach, ar aighneachtaí/barúlacha iad a d’fhéadfaí a mheas atá clúmhillteach, as aon líomhaintí clúmhillteacha atá in aighneacht den sórt sin agus ba chóir dóibh fanacht glan ar a leithéid de líomhaintí a dhéanamh.

    Tabhair do d’aire go bhfoilsítear gach uile aighneacht/bharúil a chuirtear faoi bhráid na Comhairle ar láithreán gréasáin na Comhairle le gur féidir leis an bpobal iad a scrúdú de réir riachtanais na nAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000-2015 agus na Rialúchán um Pleanáil agus Forbairt.

    Ní chuirfidh an Chomhairle aon ní i gceilt sna haighneachtaí a chuirtear faoina bráid i leith aon iarratais pleanála ach amháin oiread agus is gá leis an Acht um Chosaint Sonraí, 2003 a chomhlíonadh.

    Tabhair do d’aire, i gcás aon líomhna a d’fhéadfadh a bheith clúmhillteach a n-eascróidh caingean dlí aisti i gcoinne na Comhairle, féadfaidh an Chomhairle slánaíocht a lorg in aghaidh an duine atá ag déanamh na líomhna. Ba chóir a thuiscint nach bhfuil ar aird na Comhairle ach saincheisteanna pleanála a bhaineann leis an iarratas atá i gceist agus ní tráchtanna nach mbaineann lena breithniú i dtaobh cinneadh pleanála a dhéanamh.