An comórtas Relove Fashion 2021

Relove Fashion 2021-2022 Poster

Tá an-áthas ar an bhFoireann Relove Fashion ag an Ionad Athfhionnachtana, in éineacht leis na hOifigigh Feasachta Comhshaoil sna hÚdaráis Áitiula sa Réigiún (Cill Mhantáin, An Iarmhí, An Longfort, Laois, An Mhí, Fine Gall, Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Baile Átha Cliath Theas agus Cill Dara) seoladh an Chomórtais Relove Fashion don bhliain acadúil 2021/2022 a fhógairt. 

 

Is comórtas faisin inbhuanaithe é an Comórtas Relove Fashion agus tá sé oscailte do gach dalta meánscoile sna contaetha rannpháirteachaForbraíodh an Comórtas mar fhreagairt ar na tionchair chomhshaoil agus shóisialta den Tionscal Faisin atá ag méadú agus ar an ngá le hathrú dearfach. Spreagann sé iarrthóirí chun breathnú níos doimhne ar an gcaoi a ndéantar a gcuid éadaí agus tugann sé dúshlán dóibh roghanna cruthaitheacha athúsáide a iniúchadh mar uaschúrsáil, deisiúcháin, athruithe agus deisiú.

Ag imeacht fíorúil san Ionad Athfhionnachtana ar an 25 Feabhra, fógraíodh buaiteoirí an chomórtais Relove Fashion, comórtas iontach a bhfuil duaiseanna buaite aige. Thug an t-imeacht fíorúil léiriú ar na 18 gcraobhiomaitheoir go léir agus ba í an craoltóir Lorraine Keane a d’fhógair buaiteoir iomlán an chomórtais.

Bhí an comórtas Relove Fashion oscailte d’iarbhunscoileanna i Réigiún Dramhaíola an Oirthir agus Lár Tíre agus spreag sé daltaí dul i mbun léargas níos fearr a fháil ar conas a dhéantar a gcuid éadaigh. Tháinig deich n-údarás áitiúla le chéile, mar aon leis an Ionad Athfhionnachtana, chun an comórtas Relove Fashion a chruthú d’fhonn cabhrú le daltaí iniúchadh a dhéanamh ar roghanna cruthaitheacha athúsáide, amhail uaschúrsáil, deisiúcháin, athruithe agus cóirithe. Cuireadh dúshlán roimh na daltaí píosa faisin inbhuanaithe uathúil a dhearadh agus a iontráil chun an chéad duais a bhaint amach; is é sin paca dearaidh faisin ón Ionad Athfhionnachtana ar fiú €1,000 é. Is iad na deich n-údarás áitiúla rannpháirteacha (Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, Fine Gall, Cill Dara, Laois, an Longfort, an Mhí, Baile Átha Cliath Theas, an Iarmhí, agus Cill Mhantáin) a mhaoiníonn an comórtas seo.

Reáchtáladh an babhta ceannais fíorúil san Ionad Athfhionnachtana, agus léiríodh agus craoladh ar fud na hÉireann na 18 ndearadh a bhí sa bhabhta ceannais. Thug na moltóirí Arran Murphy (Bainisteoir an Chláir Rediscover Fashion), Joanne Rourke (Oifig Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir agus Lár Tíre), agus Lorraine Keane (craoltóir agus bunaitheoir Fashion Relief) aiseolas do na craobhiomaitheoirí.

Is iad Maria Candela, Alyssa O’Leary, Sarah Ambrose, Róisín Moore, agus Fina Torrecilla as Scoil San Raphaela, Dún Laoghaire, na buaiteoirí sa chatagóir ‘an Feisteas Neamhfhoirmiúil is Fearr’; is í Sarah Fogarty as Pobalscoil Mhullach Íde, Mullach Íde, an buaiteoir sa chatagóir ‘an Feisteas Tráthnóna is Fearr’; is í Lily Hemus as Meánscoil Chnoc Mhuire sa Longfoirt an buaiteoir sa chatagóir an Feisteas is Nuálaí’; is é Ian Concannon as Coláiste Pobail Bhaile Átha Luain san Iarmhí an buaiteoir sa chatagóir ‘an Táilliúireacht Is Fearr’ agus is í Rebecca Power ó Choláiste Pháirc Mhucrois i mBaile Átha Cliath Buaiteoir Iomlán an Chomórtais. Bhuaigh na craobhiomaitheoirí go léir ceardlann faisin inbhuanaithe saor in aisce leis an bhfiontar sóisialta Rediscover Fashion san Ionad Athfhionnachtana. Bronnadh paca dearaidh ar fiú €1,000 é ón Ionad Athfhionnachtana ar bhuaiteoir iomlán an chomórtais.

Dúirt Lorraine Keane, an craoltóir agus bunaitheoir Fashion Relief, “Bhí spéis as cuimse agam riamh i gcúrsaí faisin ach bím aireach i gcónaí faoi na hacmhainní agus ábhair nádúrtha shuntasacha a úsáidtear chun éadaí a dhéanamh agus faoi cé chomh tapa a fhaightear réidh le cuid díobh sin ag deireadh an lae. Is tacadóir mór mé ar son an fhaisin inbhuanaithe agus is iontach spreagúil é gur éirigh leis na daltaí seo dearaí chomh hiontacha sin a dhéanamh as ábhair a bheadh curtha chuig an líonadh talún murach a gcuid oibre iontach seo. Tá sé léirithe ag na dearthóirí seo atá ag teacht chun cinn gur féidir éadaí nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh a athdhéanamh, a athúsáid, agus a uaschúrsáil chun baill éadaigh inchaite ilúsáide a chruthú. 

Dúirt Joanne Rourke ó Oifig Phlean Bainistíochta Dramhaíola an Oirthir agus Lár Tíre, "Tá ríméad orm a bheith i mo mholtóir don Chomórtas Relove Fashion don dara bliain as a chéile. Sa phróiseas dearaidh faisin, ní smaoinítear i gcónaí ar ábhair a úsáid nuair atá éadaí á ndearadh. Tá go leor leor éadaí againn cheana féin mórthimpeall an domhain a d’fhéadfaí a úsáid an athuair nó a athdhéanamh ina n-éadaí nua gan mórán stró. Tá sé tábhachtach go mbaintear leas as prionsabail dearaidh inbhuanaithe agus chiorclacha, agus teicstílí á ndéanamh. Tá an comórtas Relove Fashion tar éis dóchas a thabhairt dom go ndéanfaidh an chéad ghlúin eile de dhearthóirí an faisean inbhuanaithe a chur i gcroí lár an aonaigh.” 

 

relove 2

Ba mhaith linn tú a threorú chuig ár láithreán gréasáin tiomnaithe nua www.relovefashion.ie áit a bhfaighidh tú an t-eolas ar fad a bheidh uait faoin gcomórtas agus conas cur isteach.

Ba cheart d’iontrálaithe a spéis a chlárú tríd an láithreán gréasáin chun nuashonruithe agus fógraí faoin gcomórtas a fháil.

Déanfar aighneachtaí tríd an láithreán gréasáin i mbliana agus mar sin féach go cúramach ar na riachtanais iontrála go léir. Is é Dé hAoine 26ú Samhain 2021 an spriocdháta le haghaidh iontrálacha.

Is féidir leat teacht orainn freisin ar InstagramFacebook agus Twitter

Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le rannpháirtithe iontacha uile an dá bhliain dheireanacha den chomórtas seo agus táimid ag tnúth go mór leis an gcruthaitheacht agus an cumas a fheiceáil in iontrálacha na bliana seo.

Faigh póstaer faoi iamh le do thoil chun é a phriontáil agus a thaispeáint mórthimpeall do scoile.

Is comórtas iontach cruthaitheach agus nuálach é seo do mheánscoileanna chun páirt a ghlacadh ann. Is féidir leis na hiontrálaithe a bheith ina ndaoine aonair nó ranganna iomlána.   

Cruthaíonn daltaí ball éadaigh ag úsáid éadaí réamhghaolta agus a gcuid scileanna fuála!! Tá an tionscadal seo ar siúl go réigiúnach agus i gcomhpháirtíocht leis an Ionad Athfhionnachtana. Tabhair cuairt ar an láithreán gréasáin le haghaidh tuilleadh sonraí le do thoil www.relovefashion.ie

 

 

 

LA relove fashion