Comhairle faoi Radón

Gás radaighníomhach é radón a chruthaíonn úráiniam i gcarraigeacha agus in ithir nuair a thagann meath air.  Níl dath, boladh ná blas ar an ngás agus ní féidir é a thomhas ach trí bhrathadóirí speisialta a úsáid.  Nuair a thagann radón faoin aer ón talamh aníos, déantar é a chaolú ina thiúchan neamhurchóideach, ach nuair a iontrálann sé spás iata, ar nós tí nó foirgneamh eile, is féidir leis dul i méid agus ardleibhéil nach féidir glacadh leo a bhaint amach.

Tagann meath ar radón chun cáithníní an-bheaga radaighníomhacha a chruthú, agus nuair a dhéantar iad seo a ion-análú isteach sna scamhóga, d’fhéadfadh na cáithníní seo dáileog radaíochta a thabhairt leis agus d’fhéadfadh seo díobháil a dhéanamh do chillíní sa scamhóg agus an baol i dtaobh ailse scamhóg a mhéadú.  Bíonn baint ag radón le thart ar 300 cás d’ailse scamhóg in Éirinn gach bliain.

Leag an rialtas leibhéal tagartha 200 Bq/m3 amach do theaghlaigh agus molann sé go mbíonn leibhéil radóin i ngach teach faoin leibhéal seo.  Is éasca tástáil a dhéanamh ar radón agus is éasca na leibhéil radóin i do theach a laghdú.

 

Níos Mó a Fhoghlaim

Láithreán Gréasáin: www.radon.ie

Saorghlao: 1800 300 600

Ríomhphost: [email protected]