Clár Fhine Gall Ildánach 2017

Clár Fhine Gall Ildánach 2017

Is áit ar leith í Fine Gall, atá sainithe ag a hoidhreacht nádúrtha ar an gcósta, lena huiscebhealaí, a tírdhreach agus a fiadhúlra féin, le cultur saibhir staire, ceoil agus béaloidis. Tá traidisiúin láidre ag an gcontae sa ghairneoireacht, sa talmhaíocht agus san iascaireacht chomh maith le hoidhreacht shaibhir a shíneann siar na mílte blianta, mar ar tógadh tuamaí pasáiste Bhrí Mhór agus lonnaíochtaí meánaoiseacha amhail Sord agus Lusca, agus caisleáin amhail Caisleán Mhullach Íde agus Caisleán Ard Giolláin. Tá 88km de chósta ag an gcontae ag síneadh ó Bhinn Éadair chuig tuaisceart Bhaile Brigín, chomh maith le trí cinn d’inbhir agus de ghnáthóga riasc goirt le 13 mhór-thrá – is léir mar sin go bhfuil oidhreacht nádúrtha againn a bhfuil luach mór ag baint léi ó thaobh an chaomhantais agus an chonláiste de.

Is iad na daoine an acmhainn is mó atá ag Fine Gall – an daonra is tapúla fás agus is óige in Éirinn agus an tríú daonra is mó. Tá beogacht agus ilchineálachas ár gcultúir ar cheann dár sócmhainní is tábhachtaí.

Tá ról ríthábhachtach ag údaráis áitiúla i gcur i bhfeidhm foriomlán an Chláir Éire Ildánach agus tá an dualgas orthusan amháin, trína bhfoirne cultúir, Crann Taca 2 den chlár a chur i bhfeidhm – Cruthaitheacht a Chumasú i nGach Pobal. Sannadh an fhreagracht sin as Éire Ildánach ar na húdaráis áitiúla mar gheall ar an tionchar dochreidte a bhí ag tionscadail chomhoibritheacha chomhordaithe an údaráis áitiúil do chomóradh céad bliain 1916. Leagtar amach sa Phlean seo tús aistear cúig bliana Fhine Gall, tionscnamh beartais an-tábhachtach agus náisiúnta atá lárnaithe ar an gcultúr agus ar an bhfolláine.

Léigh tuilleadh faoin gClár Éire Ildánach Fhine Gall Clár Fhine Gall Ildánach

Creative Fingal Grants

Mar chuid den Chlár Fhine Gall Ildánach, tabharfaidh Comhairle Contae Fhine Gall tacaíocht do dhaoine aonair agus do ghrúpaí chun tionscnaimh a thacaíonn le cúrsaí cultúrtha agus cruthaitheachta sa phobal a fhorbairt. Tá an scéim oscailte d'iarratais ó Mheitheamh 2017 agus tá €20,000 ar fáil sa bhliain reatha leis an gcur chuige comhpháirtíochta a chuimsíonn an chontae ar fad a mhaoiniú. 

Faoin scéim seo cuirfear maoiniú ar fáil do thionscnaimh a fhorbraíonn comhlachtaí oibre a dhéanann iniúchadh cruthaitheach ar an oidhreacht nádúrtha (lena n-áirítear bithéagsúlacht, geolaíochta agus tírdhreacha) agus ar an oidhreacht chultúrtha (lena n-áirítear oidhreacht seandálaíochta agus ailtireachta); Rannpháirtíocht Saoránach; Ómós Áite; Folláine; STEAM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht, Ealaíon agus Matamaitic); An Ghaeilge, Litríocht & Scríbhneoireacht; Léirithe, Ceol & Rince Amharclainne; Féilte, Imeachtaí, Seimineáir, Ceardlanna & Taispeántais; Spórt nó cineálacha cruthaitheacha eile.

Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le duine de na daoine seo a leanas:

 Nó   [email protected] .

Éire Ildánach Clár Náisiúnta

Éire Ildánach an tionscnamh de chuid an Rialtais a eascraíonn le hoidhreacht ó Éire 2016 – tionscnamh cúig bliana, ó  2017 go 2022, a chuireann cruthaitheacht i gcroílár bheartas poiblí. Is tionscnamh ard-leibhéal, ard-uaillmhian, uile-rialtais  é chun cruthaitheacht a chur i gcroílár saol an náisiúin chun ár n-acmhainneacht chruthaitheach iomlán a bhaint amach le chéile, inár saol pearsanta agus inár n-institiúidí.

Léigh Tuilleadh Creative Ireland Programme.

Comhairliúchán Éire Ildánach Fhine Gall

Le linn thréimhse Chlár Fhine Gall Ildánach, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag iarraidh comhrá leanúnach maidir le cruthaitheacht i bhFine Gall a éascú i measc an phobail, cleachtóirí cruthaitheacha agus thar réimse leathan páirtithe leasmhara sna hearnálacha ealaíon, cultúir, oidhreachta, spóirt, STEM agus gnó. Trí mheán na scannánaíochta, déanfar na comhráite éagsúla maidir le cruthaitheacht i bhFine Gall a thaifeadadh agus a roinnt ar líne agus i gcumarsáid le páirtithe leasmhara le linn an chláir cúig bliana. Cruthóidh sé sin stór digiteach de chultúr cruthaitheach dinimiciúil agus uathúil Fhine Gall, cultúr atá ag fás, agus léireoidh sé tuairimí an réimse leathan daoine a bhfuil baint acu lenár gcomhrá ildánach.

PRÓISIS CHOMHAIRLIÚCHÁIN

Seisiún Eolais Poiblí - Óstán Carlton, Aerfort Bhaile Átha Cliath, an 24 Aibreán 2017

Cuireadh tús leis an bpróiseas comhairliúcháin i mí Aibreáin le Seisiún Eolais Poiblí a ndearnadh taifeadadh air agus is féidir féachaint air sin tríd na trí nasc ar an leathanach seo.

  • Éire Ildánach - Dearcadh Náisiúnta - Cainteoir: Michael O’Reilly ( féach nasc thuas)
  • Éire Ildánach - Dearcadh Fhine Gall - Cainteoirí: Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Darragh Butler & Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Paul Reid (nasc) (https://youtu.be/RPYiEb9K6Ok)
  • Seisiún Eolais Poiblí Éire Ildánach - Aiseolas ón bPobal (https://youtu.be/G9dMkatsN0k)