Ceisteanna Coitianta um Fhorbairt Eacnamaíochta, Fiontar & Turasóireachta

Imeachtaí

Is é Bainistiú Imeachtaí an speisialtóireacht atá ag an Aonad Imeachtaí ar fud Fhine Gall.  Eagraíonn siad agus déanann siad maoirseacht ar imeachtaí mórscála agus ar scála níos lú ar fud an chontae.  Is éard a bhíonn i gceist le pleanáil agus eagrú imeachtaí ar mhórscála (DBO - dearadh, tógáil, oibriú) ná comhairliúchán i measc gníomhaireachtaí reachtúla agus páirtithe leasmhara éagsúla.

 

Tá imeachtaí mar phríomhspreagthóir d’fhás eacnamaíoch le himeachtaí an-rathúla ar nós Bhlasanna Fhine Gall.  Tá imeachtaí i bhFine Gall ag fás i méid, minicíocht agus infheictheacht. Is féidir an tairbhe eacnamaíoch a bhaineann le himeachtaí don gheilleagar áitiúil a fheiceáil agus a ualú leis an méadú a tháinig ar líon na gcuairteoirí, caiteachas srl.

 

Is é ár misean turasóireacht agus inbhuanaitheacht eacnamaíoch a chur chun cinn trí imeachtaí agus Fine Gall a dhéanamh mar cheann scríbe tarraingteach, beoga agus inbhuanaithe, ag seachadadh eispéireas sainiúil do chónaitheoirí áitiúla, do chuairteoirí baile agus idirnáisiúnta.  Déanaimid é seo trí: -

 

·         Tacú le geilleagar Fhine Gall trí dhul i dteagmháil le gnólachtaí áitiúla agus nuair is féidir trí sholáthraithe/chonraitheoirí áitiúla a úsáid

·             Ag obair le Turasóireacht Fhine Gall an phunann saibhir sócmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chur chun cinn lena n-áirítear ár réadmhaoin oidhreachta mar shuíomhanna dár n-imeachtaí

·             Forbairt pobail a chur chun cinn agus tacú léi trí chúnamh a thabhairt do ghrúpaí áitiúla a n-imeachtaí féin a eagrú agus a phleanáil trí mhaoiniú agus roinnt eolais

·             Ár réadmhaoin oidhreachta, páirceanna réigiúnacha agus spásanna oscailte a chur chun cinn

·             Próifíliú agus rannpháirtíocht trí mheán sóisialta na Comhairle

·             Comhoibriú leis an OFÁ, leis an gCumann Tráchtála agus le cumainn ghnó chun gnólachtaí nuathionscanta a chur chun cinn agus a éascú

PRÍOMH-IMEACHTAÍ

·             Seo Blasanna Chontae Fhine Gall

·             Féile Muirí & Bia Mara Bhinn Éadair

·             Paráid Lá Fhéile Pádraig– 7 Suíomh

·             Ceolchoirmeacha Chaisleán Shoird

·             Imeachtaí Spraoi don Teaghlach D15

·             7 bhFéile Sráidbhaile/Baile - an Ros, na Sceirí, Domhnach  Bat/ Port  Reachrann, Mullach Íde, Sord, Baile Dúil, Baile Brigín

·             Féile Thine - Baile Brigín, Baile Bhlainséir & Sord

·             Soilse Nollag Bhaile Bhlainséir

·             Margadh agus Soilse Nollag Shoird

·             Margadh agus Soilse Nollag Bhaile Brigín

·             Craobhchomórtais Tras-Tíre na hEorpa

SCÉIM CHÚNAMH AIRGEADAIS D’IMEACHTAÍ & D’FHÉILTE

Tá an scéim seo ann chun imeachtaí tráchtála agus neamhthráchtála éagsúla a chumasú agus cabhrú leo. 

Le tacaíocht tugtha do bhreis agus 140 imeacht agus féilte ó tugadh isteach an scéim, tá liosta thíos de chuid de na himeachtaí a mhaoinímid.

Seo a leanas cuid de na himeachtaí a dtacaítear leo:

·        Féile na Bealtaine Bhaile Dúill

·         Féile Samhraidh Níos Sábháilte le Chéile Baile Bhlainséir

·          Féile Samhraidh Bhaile Brigín

·         Craobh Banna Píopaí Laighean

·          Féile Samhraidh Dhomhnach Bat/Port Reachrann

·          Féile Chuan an Rois

·           Craobhchomórtais Tras-Tíre na hEorpa

Foilsítear na critéir maidir le cúnamh airgeadais gach bliain tar éis don mhaoiniú imeachtaí a bheith fógartha.  https://www.fingal.ie/news/fingal-award-funding-eu288000-under-festival-and-events-funding-programme-2020

 

Tacóidh, cuireann Comhairle Contae Fhine Gall trína nGrúpa Comhairleach Sábháilteachta tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun d’imeacht a phleanáil.  Mar cheann de na tacaíochtaí sin a chuirtear ar fáil tá an tsraith de Dhoiciméid Chomhairleacha Sábháilteachta.

 

DOICIMÉID CHOMHAIRLEACHA SÁBHÁILTEACHTA

Is iad seo a leanas an tsraith doiciméad Doiciméid Chomhairleacha Sábháilteachta a chuirtear ar fáil do gach sealbhóir imeachta:

 

·             Treoir um Bainistíocht Imeachtaí Fhine Gall

·             Foirm Iarratais ar Imeacht

·             Plean Bainistíochta Imeachtaí

·             Seicliosta Cigireachta Sábháilteachta

·             Foirm Tuairiscithe Duine ar Iarraidh

·             Foirm Tuairiscithe Theagmhais nó Timpiste

·             Foirm Faisnéise Imeachta

·             Prótacal Mhéara Fhine Gall

·             Treoir maidir le Gás

Is féidir teacht orthu seo anseo: https://www.fingal.ie/council/service/event-safety-management

Forbairt Áitiúil agus Tuaithe agus Ionaid Fiontair

Soláthraíonn an Clár LEADER i mBaile Átha Cliath Tuaithe tacaíocht do phobail agus d’fhiontair ar fud ceantair riaracháin Fhine Gall, Baile Átha Cliath Theas agus Ráth an Dúin Dún Laoghaire i gContae Bhaile Átha Cliath. Is é príomhaidhm an Chláir LEADER geilleagar na tuaithe a neartú agus cáilíocht na beatha i gceantair thuaithe a fheabhsú. Bunaíodh Grúpa Gníomhaíochta Áitiúil Tuaithe Bhaile Átha Cliath (LAG) chun an ghné LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe a sheachadadh don tréimhse 2014-2020 i réigiún tuaithe Bhaile Átha Cliath. Beidh € 4.83 milliún ar fáil do thionscadail áitiúla sa réigiún le linn na tréimhse seo.

Tá an Clár Forbartha Tuaithe 2014 - 2020 roinnte ina thrí théama lena léirítear riachtanais uileghabhálacha tuaithe na hÉireann. Caithfidh iarratas luí le ceann amháin nó níos mó de na téamaí d’fhonn a bheith incháilithe. Áirítear leo seo Forbairt Eacnamaíochta agus Fiontar, Ionchuimsiú Sóisialta agus an Timpeallacht Tuaithe.

Féadtar suas le  200,000 de chúnamh deontais a sholáthar in aghaidh an tionscadail tríd an gClár Leader do Bhaile Átha Cliath Tuaithe, toisc nach bhfuil maoiniú LEADER beartaithe do mhórthionscadail. Is é uasmhéid an deontais do thionscadail anailíse agus Forbartha ná €30,000. D’fhéadfadh tionscadail pobail eisceachtúla a bheith incháilithe do dheontas níos airde suas le €500,000.

Cuidíonn Clár Leader do Bhaile Átha Cliath Tuaithe le go leor grúpaí éagsúla de dhaoine. Lorgaítear iarratais ó:

1. Daoine aonair nó grúpa tionscnóirí a bhfuil smaoineamh inmharthana fiontar tuaithe acu

2. Gnólachtaí Tuaith/Micrifhiontair nó FBManna; ar mian leo gnó nuathionscanta a leathnú, a éagsúlú nó a chur ar bun

3. Teaghlaigh Feirme ar mian leo éagsúlú go gníomhaíochtaí nua lena n-áirítear Bianna Ceardaí, Turasóireacht Tuaithe, Siopa Feirme

4. Grúpaí Pobail

5. Grúpaí Deonacha

6. Grúpaí Fiontar Sóisialta a chuireann fiontar pobail chun cinn

Tá maoiniú LEADER sainiúil don cheantar agus ní ghlactar ach le hiarratais laistigh de theorainn gheografach shainithe de gach ceantair LAG. Tá ceantair thuaithe Fhine Gall, Bhaile Átha Cliath Theas agus Ráth an Dúin Dún Laoghaire i gContae Bhaile Átha Cliath clúdaithe ag LAG limistéar LEADER Bhaile Átha Cliath Tuaithe.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag http://dublinruralleader.ie/

 

Cuimsiú Sóisialta agus Rannpháirtíocht Gníomhaíochta Pobail.

Is clár maoinithe é SICAP chun tacú le grúpaí agus daoine aonair atá eisiata go sóisialta agus atá faoi mhíbhuntáiste.

Tacú le pobail agus spriocghrúpaí teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara ábhartha chun saincheisteanna eisiaimh shóisialta agus comhionannais a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, acmhainneacht na ngrúpaí pobail áitiúla a fhorbairt agus pobail níos inbhuanaithe a chruthú

Tacú le daoine faoi mhíbhuntáiste cáilíocht a saoil a fheabhsú trí thacaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil agus mhargadh an tsaothair a sholáthar

Cuireadh tús leis an gclár reatha an 1 Eanáir 2018 agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí deireadh 2022.

Is ionann ciste bliantúil SICAP i bhFine Gall agus €1,246,141.

Tá SICAP cómhaoinithe ag Rialtas na hÉireann, tríd an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Ciste Sóisialta na hEorpa mar chuid de Chlár ESF um Infhostaitheacht, Ionchuimsiú agus Foghlaim 2014-2020.

Is é Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Fhine Gall a bhainistíonn SICAP.

Cuireann Empower CLG an clár i bhfeidhm i bhFine Gall.

Is príomhthionscnamh í an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile faoin bPlean Gníomhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus tá sí mar chuid de raon beart chun tacú le hathbheochan na tuaithe in Éirinn faoi Chlár Athghiniúna Tuaithe Thionscadal Éireann 2040 de chuid an Rialtais. Tá an Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh trí na hÚdaráis Áitiúla. Leis an maoiniú seo, éascaítear d’fhorbairt tuaithe agus pobail a chur chun cinn agus chun tacú le pobail bheoga, chuimsitheacha agus inbhuanaithe ar fud na hÉireann.

Tá an scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile dírithe ar an dá chatagóir seo a leanas de Bhailte/Sráidbhailte i gceantar tuaithe Fhine Gall:

 

·             Catagóir 1: Bailte agus sráidbhailte a bhfuil daonra suas le 5,000 duine iontu.

·             Catagóir 2: Bailte agus sráidbhailte a bhfuil daonra idir 5,001 agus 10,000 duine iontu.

 

Is trí phróiseas iomaíoch a roghnaítear tionscadail faoin Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile. Ach, mar cuspóir i gcónaí, áfach, ná a chinntiú go mbeidh leibhéal réasúnta maoinithe ar fáil do na ceantair is mó a dteastaíonn sé uathu. Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a dhéanann an tionscadal deiridh a roghnú.

Fógraíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail an Scéim, uair sa bhliain, go ginearálta le linn mhí Aibreáin-Bealtaine.

Nuair a bheidh an scéim fógartha ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, déanann Comhairle Contae Fhine Gall í a fhógairt trí www.fingal.ie agus i nuachtáin áitiúla lena leagtar amach sonraí na scéime agus ag lorg Léiriú Leasanna ó bhailte/sráidbhailte incháilithe.

Déanann an tÚdarás Áitiúil athbhreithniú ar gach Léiriú Leasanna agus socraíonn sé cé acu a chuirfear isteach mar iarratas chuig an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail lena bhreithniú. Ní féidir leis an Údarás Áitiúil ach iarratas amháin a chur isteach maidir le haon bhaile ar leith; áfach, d’fhéadfadh go mbeadh roinnt comhpháirteanna nasctha san iarratas chun tacú le hathnuachan an bhaile / an tsráidbhaile.

Soláthrófar suas le 80% de chostas iomlán tionscadail faoin Scéim Athnuachana Baile agus Sráidbhaile d'aon tionscadal aonair. Caithfidh an tÚdarás Áitiúil agus/nó an pobal an maoiniú meaitseála de 20% eile a chur leis. Is é €20,000 an deontas íosta atá ar fáil agus de ghnáth is é €100,000 an t-uasmhéid.

Breithneofar uasmhéid níos airde de €200,000 do líon beag tionscadal inar féidir cás láidir a dhéanamh lena léireofar an buntáiste eisceachtúil a bheidh ann don bhaile. Tá sé beartaithe go ndéanfar 20% táscach den mhaoiniú foriomlán atá ar fáil a imfhálú do thionscadail den sórt sin, faoi réir líon leordhóthanach tionscadal ardchaighdeáin den chineál seo a chuirtear isteach lena mbreithniú chuig an Roinn.

Féadfar suas le 10% den chostas iomlán a sholáthar i bhfoirm ranníocaíochtaí “comhchineáil” (m.sh. léas talún nó saothar deonach4); beidh íos-ranníocaíocht airgid de 10% ag teastáil freisin.

 

Soláthraíonn an Clár Feabhsúcháin Pobail (CFP) maoiniú do ghrúpaí pobail ar fud na hÉireann chun saoráidí i gceantair faoi mhíbhuntáiste a fheabhsú.

Tá an CFP maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) i ngach ceantar Údarás Áitiúil. 

Soláthraíonn an Roinn maoiniú do gach limistéar de chuid an Údaráis Áitiúil (ÚÁ) agus ansin déanann na CFPÁnna an maoiniú seo a riar go háitiúil lena chinntiú go ndírítear maoiniú go cuí ar aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste sna ceantair is mó a bhfuil gá leis.

  • Is féidir le haon phobal neamhbhrabúis nó grúpa deonach iarratas a dhéanamh.
  • Níl eagraíochtaí tráchtála agus daoine aonair incháilithe le haghaidh maoinithe.

Ní chumhdaítear leis an maoiniú ach tionscadail chaipitil.  I gcásanna ina ndéantar oibreacha reatha agus caipitil le chéile, ní féidir ach an ghné caipitil a mhaoiniú tríd an gClár seo.  

Níor fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail go fóill aon mhaoiniú in 2020

Má fhaigheann an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) maoiniú ón gClár Feabhsúcháin Pobail (CFP) ón Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail (RFTP) in 2020 fógrófar sonraí an chláir ar gach láithreán meán sóisialta de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.

Má tá d’eagraíocht ina ball den Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (PPN) https://fingalppn.ie/ cuirfear in iúl duit má bhíonn maoiniú ar fáil

Má rinne do ghrúpa iarratas ar mhaoiniú an Chláir Feabhsúcháin Pobail in 2019 cuirfear do ghrúpa ar an eolas go huathoibríoch trí ríomhphost

Mura ndearna do ghrúpa iarratas ar mhaoiniú in 2019 ach gur mhaith leo go gcuirfí in iúl duit má bhíonn maoiniú ar fáil in 2020 seol ríomhphost chuig %[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] ag lua CFP, le d’ainm grúpa, uimhir theileafóin agus ríomhphost, agus cuirfear do ghrúpa lenár liosta teagmhála.

Níl cistiú meaitseála ina riachtanas faoin gclár seo.

Is ciste imfhálaithe é Ciste Bhothán na bhFear faoin gClár Feabhsúcháin Pobail atá ann cheana a sholáthraíonn maoiniú do gach Bothán Fir in Éirinn atá cleamhnaithe le Cumann Bhothán Fir na hÉireann.

Tá Ciste Bhothán na bhFear de chuid an CFP maoinithe ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus á riaradh ag na Coistí Forbartha Pobail Áitiúla (CFPÁnna) i ngach ceantar Údarás Áitiúil. 

Soláthraíonn an Roinn maoiniú do gach limistéar de chuid an Údaráis Áitiúil (ÚÁ) agus ansin déanann na CFPÁnna an maoiniú seo a riar go háitiúil lena chinntiú go ndírítear maoiniú go cuí ar aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste sna ceantair is mó a bhfuil gá leis.

Gach Bothán na bhFear in Éirinn atá cleamhnaithe le Cumann Bhothán Fir na hÉireann.

Ní chumhdaítear leis an maoiniú ach tionscadail chaipitil.  I gcásanna ina ndéantar oibreacha reatha agus caipitil le chéile, ní féidir ach an ghné caipitil a mhaoiniú tríd an gClár seo.  

Níor fhógair an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail go fóill aon mhaoiniú in 2020

Má fhaigheann an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil (CFPÁ) maoiniú ón gClár Feabhsúcháin Pobail (CFP) do Bhothán na bhFear ón Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail (RFTP) in 2020 fógrófar sonraí an chláir ar gach láithreán meán sóisialta de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.

Má tá do Bhothán na bhFear cleamhnaithe le Cumann Bhothán Fir na hÉireann., cuirfear é sin in iúl duit trí ríomhphost.

Má rinne do Bhothán na bhFear iarratas ar mhaoiniú Bhothán na bhFear tríd an gClár Feabhsúcháin Pobail in 2019 cuirfear é sin in iúl duit go huathoibríoch trí ríomhphost.

Más rud é gur bunaíodh do Bhothán na bhFear le déanaí, agus gur mhaith leat go gcuirfí in iúl duit má bhíonn maoiniú ar fáil in 2020 seol ríomhphost chuig lc%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected] ag lua CFP Bhothán na bhFear, le d’ainm grúpa, uimhir theileafóin agus ríomhphost, agus cuirfear do ghrúpa lenár liosta teagmhála.

Níl cistiú meaitseála ina riachtanas faoin gclár seo.

Is tionscnamh faoi stiúir an rialtais é Éire Sláintiúil atá dírithe ar fheabhas a chur ar shláinte agus folláine gach duine atá ina gcónaí in Éirinn.

Is é aidhm an chiste tacú le tionscadail agus tionscnaimh nuálacha, trasearnála, fianaise-bhunaithe a thacaíonn le príomhbheartais náisiúnta a chur i bhfeidhm i réimsí cosúil le hotracht, caitheamh tobac, alcól, gníomhaíocht choirp agus sláinte ghnéis.

Rialtas na hÉireann.

Mairfidh an ciste reatha ar feadh dhá bhliain 1 Iúil 2019 - 31 Meitheamh 2021. Leithdháileadh €334,360 ar Chomhairle Contae Fhine Gall don tréimhse seo.

Is ciste é seo le haghaidh comhiarratas Chomhairle Contae Fhine Gall agus Coiste Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga Fhine Gall.

Déanann Forbairt Pobail Áitiúil Fhine Gall i bhFine Gall bainistíocht ar an gCiste de ‘Éire Shláintiúil’ i bhFine Gall.

Tacaíonn Comhairle Contae Fhine Gall le trí Ionad Fiontair sa Chontae, Ionad Fiontar Drinan i gCionn Sáile, Ionad Fiontar BASE i Mullach Eadrad, agus Ionad Fiontar Beat i mBaile Brigín.

Gnóthaí nua-thionscanta agus gnóthaí atá i mbun forbartha a bhfuil acmhainneacht fáis fostaíochta acu. Cuideachtaí Oiliúna a dteastaíonn seomraí oiliúna uathu chun cúrsaí a reáchtáil.

Aonaid ghorlainne

Aonaid oifige

Spás oifige roinnte

Aonaid Bhia

Áiseanna Oiliúna

Déantúsaíocht éadrom

Ollstóráil / Dáileadh

Socruithe ceadúnais solúbtha ar fáil ag na trí Ionad Fiontair.

Tá seomraí oiliúna, leathanbhanda, cláir bhána, teilgeoirí, áiseanna cistine agus rochtain iomlán do dhaoine faoi mhíchumas, agus áiseanna oiliúna tar éis uaireanta oibre ar fáil i ngach ceann de thrí Ionad Fiontar Fhine Gall.

Raon iomlán de sheirbhísí oifige

Fáiltiú lánaimseartha

Seoltaí poist

Seomraí cruinnithe

Seirbhísí leathanbhanda/teileafóin

Comhairle nua-thionscanta gnó  

Áiseanna oiliúna

Áiseanna ceaintín / cistine  

Rochtain do dhaoine faoi mhíchumas

Rochtain 24 uair ar aonaid dorais féin

Páirceáil saor in aisce

Ceamaraí CCTV i bhfeidhm

Gach aonad feistithe le aláram dóiteáin lárnach

Seomra cruinnithe agus seomra Boird ar fáil

Fruiliú teilgeora & smeach-chairt

Leabharchoimeád

T.F.

Rochtain ar Chomhairle agus Faisnéis Tacaíochta Fiontar

Deiseanna Líonraithe

Tacaíochtaí d’Fhorbairt Ghnó

Comhairle agus Saineolas Saineolaithe

Naisc le gníomhaireachtaí tacaíochta fiontar

Naisc le hinstitiúidí tríú leibhéal

Naisc le deiseanna taighde agus forbartha

Aláraim a ndéantar Monatóireacht orthu

Ionad Fiontar Drinan, Páirc Fiontar Shoird, Bóthar Fhaoldroma, Sord, Co. Bhaile Átha Cliath

Teileafón: 01-892 8000   

Facs: 01-892 8050 

Ríomhphost: [email protected]

Suíomh Gréasáin: www.drinanenterprisecentre.ie

 

Ionad Fiontar BASE, Bóthar Bhaile Dama, Mullach Eadrad, Baile Átha Cliath 15

Teileafón: 01 8203020

Facs: 01 8209469

Ríomhphost:  [email protected]

Suíomh Gréasáin: www.base-centre.com

Ionad Fiontar & Oiliúna Baile Brigín (BEaT) Teo, Foirgneamh Robert Beggs, Eastát Tionsclaíochta Baile Stiofáin, Baile Brigín, Co. Baile Átha Cliath

Teileafón: 01 8020400

Ríomhphost: [email protected]

Suíomh Gréasáin: www.beat.ie.

 

Oifig Fiontair Áitiúil Fhine Gall

Tá sé mar aidhm ag an Oifig Fiontar Áitiúil Fhine Gall fiontraíocht a chur chun cinn, gnóthaí nuathionscanta a chothú agus micrea-ghnóthaí agus gnóthaí beaga atá ann a fhorbairt chun cruthú post a spreagadh agus tacaíochtaí inrochtana ar ardchaighdeán a sholáthar le haghaidh do chuid smaointe gnó.

Soláthraíonn sé sraith leathan seirbhísí do ghnóthaí beaga agus do mhicrifhiontair ina bhfuil deichniúr fostaí nó níos lú. 

Tá OFÁ Fhine Gall ar cheann de 31 OFÁ timpeall na tíre atá ag feidhmiú laistigh de gach Údarás Áitiúil. Is é Fiontraíocht Éireann agus na hÚdaráis Áitiúla agus a máthair-Ranna  - an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, agus an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, a fheidhmíonn OFÁnna ar bhonn comhpháirtíochta 

Maoiníonn Rialtas na hÉireann agus Ciste Forbartha Réigiúnaí na hEorpa iad.

Cibé an bhfuil suim agat gnó nua a bhunú, nó má tá gnó seanbhunaithe agat cheana féin, tá seirbhísí agus tacaíochtaí againn chun cabhrú leat, lena n-áirítear:

Má tá tú ag smaoineamh ar do ghnó féin a thosú: https://www.localenterprise.ie/Fingal/Start-or-Grow-your-Business/Start-a-Business/Starting-a-Business.html 

Más gnó seanbhunaithe tú agus gur mhaith leat tacaíocht chun do ghnó a fhás nó a leathnú: https://www.localenterprise.ie/Fingal/Start-or-Grow-your-Business/Grow-your-Business/Grow-your-Business .html

Chun a bheith suas chun dáta ar na seirbhísí agus na tacaíochtaí atá ar fáil duit trí OFÁ Fhine Gall, is féidir leat clárú dár nuachtlitir ar leathanach baile ár suíomh Gréasáin anseo: https://www.localenterprise.ie/Fingal/