Ceisteanna Coitianta maidir leis na hEalaíona

Táthar ag súil go n-osclófaí ár nIonaid Ealaíon ón 29 Meitheamh, Dé Luain - Dé hAoine 10rn go 6 i.n.

Níl Deontais Ealaíon á bpróiseáil ná á gceadú faoi láthair.

Is féidir an fhaisnéis ábhartha uile a fháil ar www.Fingalarts.ie , ar Twitter @Fingalarts nó ar Instagram.com/ fingalartsoffice agus Instagram.com/fingalpublicart

Tá an Oifig Ealaíon ar fáil faoi láthair d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí pobail atá ag lorg tacaíochta agus comhairle ar thionscadail, smaointe agus cleachtas i ndiaidh Covid - 19.

Bíonn clinicí ar gach ceann ar siúl gach Céadaoin agus is féidir sonraí a fháil ar:

http://fingalarts.ie/fingal-arts-office/news/lets-stay-together-fingal-arts-office-connecting-people-and-ideas-during-covid-19

In ainneoin gur cealaíodh agus gur cuireadh siar obair/cónaitheachtaí/ taisteal de bharr Covid-19, urramóidh Comhairle Contae Fhine Gall gach gealltanas maoinithe a dámhadh tríd an ‘Scéim Tacaíochta d’Ealaíontóirí 2020’ . Ní bheidh aon phionóis airgeadais ann d’ealaíontóirí a rinne athruithe suntasacha ar a gcuid tograí a d’eascair as tionchar an víris COVID-19.

Leanann an Oifig Ealaíon ag déanamh monatóireachta, agus ag athbhreithniú dámhachtainí cónaitheachta a thairgtear i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí ealaíon. Le haghaidh ceisteanna ar leith a bhaineann leis na dámhachtainí seo téigh i dteagmháil le do thoil le [email protected]