An Trá Mhín Port Mearnóg

Cad is ciall leis an logainm seo?

Tá Port Mearnóg ainmnithe i ndiaidh Naomh Mearnóg, misinéir mór le rá a bhunaigh eaglais sa limistéar.

 

An Trá Mhín agus Stair Eitlíochta

Ba iad muintir Hamilton, tiarnaí talún áitiúla, a thóg an cuan i mBaile Brigín, idir na blianta 1761 agus 1765, agus rannchuidigh an cuan le fás an chalafoirt tráchtála ag a sráidbhaile eastáit.  Is as aolchloch atá na céanna déanta. Ba iad an mhuintir chéanna a thóg an teach solais sa bhliain 1769, agus é ina fhoinse solais mara do shoithí amach ón gcósta thoir. Is rud uathúil é an teach solais sa mhéid is gurbh é cléireach, an tUrramach George Hamilton, an chéad choimeádaí solais a bhí aige. Tá siúlbhealach iarainn theilgthe suite timpeall an lóchrainn.

 

Ba ón Trá Mhín, an 24 Meitheamh 1930, a thosaigh Southern Cross, aerárthach cáiliúil Astrálach, a eitilt cheannródaíoch Atlantach go Harbour Grace, Talamh an Éisc, áit ar thuirling sé go sábháilte chun talún thart ar 31.5 uair an chloig ina dhiaidh sin. Ba é Charles Kingsford Smith a phíolótaigh an t-eitleán, agus ba é an Captaen J.P. Saul, Baile Átha Cliathach, a stiúir é, in éineacht le John Stannage agus Evert Van Dyk, baill den chriú.

Ba ón trá seo freisin, an 18 Lúnasa 1932, a thóg James Mollison an chéad eitilt aonair Soir-Siar trasna an Atlantaigh in aerárthach de chineál de Havilland Puss Moth darbh ainm ‘Heart’s Content’.

Is leis an dealbh ‘Eccentric Orbit’ a chomórtar eitilt Southern Cross, agus is féidir an dealbh sin a fheiceáil sa limistéar féir ar an taobh thuaidh den trá. Is é atá sa phíosa seo, le Remco de Fouw (2002), ná sféar aolchloiche ar a léirítear léarscáil den domhan. Leis an tsnáthaid chré-umha ag barr an sféir, treoraítear go díreach chuig an Réalta Thuaidh, atá á húsáid don loingseoireacht le mílte blianta anuas.

Na Dumhcha

Gné nádúrtha thábhachtach is ea na dumhcha ar thrá Phort Mearnóg. Is gnáthóg íogair iad dumhcha, agus braitheann siad ar mhuiríneach chun an ghaoth a chosc an gaineamh a shéideadh chun siúil. Gníomhaíonn fréamhchóras na muiríní mar chlúdach cosanta do na dumhcha. Is féidir na dumhcha a chreimeadh mar thoradh ar ghluaiseacht na gaoithe, ar thaoidí agus ar thrampáil iomarcach. Is féidir leat cabhrú le creimeadh na ndumhcha a chosc trí shiúl agus imirt ar an trá, agus ní ar na dumhcha féin.

Cuirtear fál thart ar chodanna den chóras dumhcha uaireanta, rud a chuireann srian ar rochtain. Ar an drochuair, is gá déanamh amhlaidh chun na dumhcha a chosaint trí mhuiríneach a chur agus trí ligean di fás gan aon chur isteach. Iarrtar ar chuairteoirí a bheith ar an eolas faoi ghluaiseacht na dtaoidí i gcomharsanacht na limistéar a bhfuil fál thart orthu.

Cá bhfuil mo thriall ón áit seo?

• Tá sráidbhaile agus stáisiún traenach Mhullach Íde suite thart ar 2.5 míle ar shiúl (siúlóid 60-80 nóiméad).

 

• Tá stáisiún traenach Phort Mearnóg suite thart ar 1.5 míle ar shiúl (siúlóid 30-45 nóiméad).

 

 

SÉANADH

AN tACHT UM DHLITEANAS ÁITITHEOIRÍ, 1995

TABHAIR FAOI DEARA gurb í Comhairle Contae Fhine Gall a dhéanann na cosáin coisithe a chothabháil agus, mar áititheoir na dtailte seo, EISIANN SÍ LEIS SEO, de réir alt 5(2) den Acht um Dhliteanas Áititheoirí, 1995, an dualgas cúraim atá uirthi i leith cuairteoirí faoi alt 3 den Acht sin, i leith aon díobháil nó aon damáiste a dhéantar do chuairteoirí agus dá maoin de dheasca aon chontúirt atá ann ar na cosáin agus ar na tailte.

FÓGRA SÁBHÁILTEACHTA

Tá na Cosáin Aille ard agus géar in áiteanna áirithe, agus níl siad oiriúnach do leanaí beaga ná do dhaoine a bhfuil lagú soghluaisteachta orthu.

Tabhair faoi deara an ghuais snámha ar an léarscáil.

Níor cheart na cosáin aille a úsáid le linn gaotha arda ná le linn drochaimsire.

Ba cheart do shiúlóirí a bheith cúramach i gcónaí.

 

CÓD TRÁ

Bain úsáid as na boscaí bruscair atá tugtha nó tabhair do bhruscar abhaile leat.

 

Tá toirmeasc ann ar alcól a ól ar an trá seo faoi na Fodhlíthe um Ól Deochanna Meisciúla ar Bhóithre agus in Áiteanna Poiblí a Thoirmeasc, 2002, a rinneadh faoin Acht Rialtais Áitiúil, 1994.

 

Is ar a bpriacal féin a pháirceálann úinéirí a ngluaisteán.

 

Tá úinéirí madraí freagrach as salachar madraí a ghlanadh faoi alt 22 den Acht um Thruailliú ó Bhruscar, 1997.

 

Ó mhí na Bealtaine go mí Mheán Fómhair, agus an dá mhí sin san áireamh, ní cheadaítear aon chapall a bheith ar an trá idir 10am agus 8pm. Ó mhí Dheireadh Fómhair go mí Aibreáin, agus an dá mhí sin san áireamh, ní cheadaítear aon chapall a bheith ar an trá ar an Satharn, ar an Domhnach ná ar Laethanta Saoire Bainc idir 10am agus 8pm.

Is é nó í an duine atá i bhfeighil capaill/capaillín ar an trá a dhéanfaidh salachar an chapaill/an chapaillín a bhaint agus a chur i mbosca bruscair nó i ngabhdán eile a bheidh ainmnithe chun na críche sin de réir na bhFodhlíthe Trá, 1999.

GARDA TARRTHÁLA

Má tá bratach ann ar a bhfuil dath dearg os cionn dath buí, tá garda tarrthála ar dualgas. 

Mura bhfuil aon bhratach ar bith ann, níl aon gharda tarrthála ar dualgas agus níl sé sábháilte snámh.

Má tá bratach dhearg ann, níl sé sábháilte snámh in am ar bith.

Chun teagmháil a dhéanamh le Comhairle Contae Fhine Gall, cuir glao ar:

01 8905000 (le linn uaireanta oifige)

Le haghaidh seirbhísí éigeandála, cuir glao ar: 112

AMANNA GARDA TARRTHÁLA

An deireadh seachtaine amháin i mí an Mheithimh

(11.00am go 8.00pm)

 

Go lánaimseartha i mí Iúil agus i mí Lúnasa 

(11.00am go 8.00pm)