Libraries OnLine

15 Jan 2021
Libraries OnLine

Athbhreithniú Bliana ar Imeachtaí Digiteacha: Leabharlanna Fhine Gall 2020

Cuid mhór dár seirbhís ag Leabharlanna Fhine Gall is ea scéalta, ceardaíocht, agus imeachtaí speisialta a sholáthar don phobal. Nuair a tugadh an chéad dianghlasáil isteach i mí an Mhárta 2020, bhog Leabharlanna Fhine Gall a seirbhísí ar líne go tapaidh chun ábhar a chruthú i rith na bliana. Cé go mbraithimid uainn go mór a bheith in ann na seirbhísí seo a sholáthar go pearsanta dár bpátrúin iontacha, bhí áthas orainn iad a chur ar fáil saor in aisce ar líne do gach duine chun taitneamh a bhaint astu. Seo cuid de bhuaicphointí na n-imeachtaí speisialta ó 2020.

 

18 Jan 2021
Libraries OnLine

Borrowbox

An bhfuil leabhar maith á lorg agat? Mura bhfuil a fhios agat fós conas ceann dár ríomhsheirbhísí is mó tóir, BorrowBox, a úsáid, ba cheart duit féachaint ar an bhfíseán seo thíos. rogha mhaith ríomhleabhar agus ríomh-chlosleabhar ar fáil do gach duine ar BorrowBox, idir óg agus aosta!