Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall saothar ealaíne poiblí nua a fhógairt do Bhaile Brigín. Tá an saothar dar teideal “Wish You Were Here” leis an ealaíontóir áitiúil Dave West suiteáilte anois ag suíomh feiceálach Na Bruacha ag Cuan Bhaile Brigín agus sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, go hoifigiúil é Dé Máirt 14 Feabhra.