Oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall le gníomhaireachtaí éagsúla chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce ag an dá thrá

Oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall le gníomhaireachtaí éagsúla chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce ag an dá thrá sa chontae inar laghdaíodh a n-aicmiú in Aicmiú Uisce Snámha bliantúil na Gníomhaireachta Cosanta Comhshaoil (an GCC) maidir le séasúr 2021.

 

Oibreoidh Comhairle Contae Fhine Gall le gníomhaireachtaí éagsúla chun feabhas a chur ar cháilíocht an uisce ag an dá thrá sa chontae inar laghdaíodh a n-aicmiú in Aicmiú Uisce Snámha bliantúil na Gníomhaireachta Cosanta Comhshaoil (an GCC) maidir le séasúr 2021.

 

Laghdaíodh rátáil Thrá Thosaigh (Front Strand) Bhaile Brigín agus Trá Loch Sionnaigh mar gheall ar thruailliú idirleata a bhain le Stoirm Francis, a bhuail Éire i Lúnasa na bliana seo caite. Tarlaíonn truailliú idirleata in uisce snámha nuair a thugtar cothaithigh, lotnaidicídí, baictéir fhaecacha, ceimiceáin agus dríodair mhíne ón talamh isteach i sruthanna, aibhneacha, lochanna agus screamhuisce áitiúil agus nuair a bhaineann siad an fharraige amach faoi dheireadh.

 

Bunaítear an t-aicmiú ar shonraí faoi cháilíocht an uisce do na ceithre bliana roimhe seo (2017-2020) agus ar fhógra sealadach a mhol daoine gan snámh ar Thrá Thosaigh Bhaile Brigín, a d’eisigh an GCC agus a bheidh i bhfeidhm d’fhad an tséasúir shnámha a ghabhann ó Mheitheamh go Meán Fómhair.

 

Bhain Baile Brigín aicmiú Íseal amach i ndiaidh gur baineadh rátáil ‘Dóthanach’ amach ar feadh go leor blianta.  Rinneadh anailís ar 36 sampla, ar an iomlán, i dtaobh cháilíocht an uisce snámha ag Trá Thosaigh Bhaile i rith na tréimhse 2017-2020 agus astu seo, bhain cúig cinn aicmiú Íseal amach, bhain ceann amháin aicmiú Dóthanach amach, bhain ceann amháin aicmiú Maith amach agus bhain na 29 sampla eile aicmiú Sármhaith amach.

 

Measann Comhairle Contae Fhine Gall gurb iad na príomhfhoinsí truaillithe sceitheadh camrais agus mícheangail ó chórais phluiméireachta tí, éin agus ainmhithe eile, agus sruthanna éilithe dromchla.

 

Ullmhaíodh Plean Bainistíochta do Bhaile Brigín agus cuireadh faoi bhráid an GCC é. Is féidir súil a chaitheamh air ag https://www.fingal.ie/directory/amenities/beaches/balbriggan-beach. Choimisiúnaigh Coiste Bailte Slachtmhara Bhaile Brigín staidéar measúnaithe ar thruailliú ar an Abhainn Dubh, a shreabhann tríd an mbaile, in 2020, agus chistigh Comhairle Contae Fhine Gall agus an CUÚÁ é agus cuirfidh a thorthaí le freagairt na Comhairle.

 

Thug Comhairle Contae Fhine Gall faoi shuirbhéanna ar mhícheangail phíopa aonair chun láithreacha a shainaithint inar ceanglaíodh píopaí camrais go mícheart le píopaí uisce dromchla a ritheann chun srutha agus tabharfar faoi chigireachtaí ar fheirmeacha i ndobharcheantar na hAbhann Duibhe.

 

Cuirfear Scéim na Siúlóirí Madra Glasa chun cinn i rith 2021 le húinéireacht fhreagrach ar mhadraí a spreagadh mar gheall go gcruthaíonn salú ag madraí baol d’uiscí snámha agus tabharfaidh maoir madraí na Comhairle faoi chigireachtaí i rith deirí seachtaine.

 

Laghdaíodh rátáil Thrá Loch Sionnaigh anuas ó Maith in 2020 go Dóthanach, ach tá an Chomhairle muiníneach go bhfeabhsóidh an t-uasghrádú atá á dhéanamh faoi láthair ag Uisce Éireann ar an mbonneagar fuíolluisce cáilíocht an uisce in 2022.  Is éard a bhaineann leis seo ná príomhdhabhach ró-ualaithe lonnaíochta a bhaint agus camras a chaidéalú ón limistéar chuig Ionad Cóireála Fuíolluisce Bhaile Brigín.  

 

Tá aicmiú Maith bainte amach anois ag Trá an Choinicéir i bPort Reachrann, a bhain aicmiú Íseal amach le roinnt blianta anuas agus inar cuireadh an fógra comhairleach ‘Cosc ar Shnámh’ in airde, i ndiaidh gur chaith an Rannán Comhshaoil roinnt blianta ag oibriú chun dul i ngleic le brúnna truaillithe a sainaithníodh taobh leis an uisce snámha.  B’éard a bhain leis seo ná cigireacht a dhéanamh ar chórais chóireála fuíolluisce tí, páirceanna carbhán agus suirbhéanna ar mhícheangail.  Tugadh faoi chláir fhorleathana shamplála faoi mhaoirseacht an Ollaimh Wim Meijer le UCD agus sainaithníodh na foinsí truaillithe go córasach a rachfar i mbun gnímh ina leith.  Trí rianú foinse miocróbaí a úsáid, bhíothas in ann díriú ar na foinsí “dóchúla” de bhrúnna E. coli.

 

Bhain ceithre thrá i bhFine Gall rátáil Sármhaith amach. Lean an Trá Mhín i bPort Mearnóg agus Trá an Choinicéir i gCill Fhionntain lena stádas Sármhaith a choimeád agus tháinig méadú ar rátáil cháilíocht uisce Thrá Theas an Rois agus Thrá Bhaile Carraige i nDomhnach Bat aníos ó Maith go Sármhaith.

 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comh. David Healy:   “Tá gliondar croí orm go bhfuil rátáil Sármhaith i dtaobh cháilíocht an uisce bainte amach anois againn le haghaidh ceithre thrá i bhFine Gall agus gur baineadh rátáil Maith  amach i ngeall ar an obair a rinneadh ag Port Reachrann le roinnt blianta anuas agus gur baineadh an Fógra ‘Cosc ar Shnámh’ dá bharr. Tá an Chomhairle tiomanta do cháilíocht Shármhaith uisce a bhaint amach ag na tránna go léir agus do Bhratacha Gorma a bhaint amach dá mhéid tránna agus is féidir. Is féidir linn go léir páirt thábhachtach a ghlacadh i gcáilíocht an uisce a fheabhsú trí dhramhaíl ar bith a fhágáil ar an trá agus aon tuairisciú a thugaimid faoi deara a thabhairt le fios. Tionscnamh iontach é Glanadh Dhá Nóiméad na Trá agus ba cheart go mbeadh sé á dhéanamh ag gach duine ag deireadh a gcuairte ar thrá.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Taistil Ghníomhaigh: “Cé gurbh iontach feabhsúcháin ar cháilíocht uisce a thabhairt faoi deara ag roinnt dár dtránna, tá díomá orainn gur tháinig laghdú ar an aicmiú ag Baile Brigín agus Loch Sionnaigh.  Tá go leor foghlamtha againn ón obair a rinneadh ag Port Reachrann le blianta beaga anuas, áfach, agus tá Plean Bainistíochta daingean i bhfeidhm againn do Bhaile Brigín a mbainfear rátáil níos fearr amach dá bharr, tá súil againn.”

 

 

Láthair

Rátáil 2021

Rátáil 2020

Nóta

Trá Thosaigh Bhaile Brigín

Íseal

Dóthanach

Moltar Gan Snámh i rith an tSéasúir go Léir

Trá Theas na Sceirí

Maith

Maith

 

Trá Loch Sionnaigh

Dóthanach

Maith

 

Trá Thuaidh an Rois

Maith

Maith

 

Trá Theas an Rois

Sármhaith

Maith

 

Trá an Choinicéir, Port Reachrann

Maith

Íseal

 

Trá Bhaile Carraige, Domhnach Bat

Sármhaith

Maith

 

An Trá Mhín, Port Mearnóg

Sármhaith

Sármhaith

 

Trá an Choinicéir, Cill Fhionntain

Sármhaith

Sármhaith

 

Trá Claremont, Binn Éadair

Dóthanach

Dóthanach