Saothair Ealaíne Nua ag Na Bruacha, Baile Brigín leis an ealaíontóir áitiúil Dave West

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall saothar ealaíne poiblí nua a fhógairt do Bhaile Brigín. Tá an saothar dar teideal “Wish You Were Here” leis an ealaíontóir áitiúil Dave West suiteáilte anois ag suíomh feiceálach Na Bruacha ag Cuan Bhaile Brigín agus sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, go hoifigiúil é Dé Máirt 14 Feabhra.

Wish you were here image with Irish Rail Technical Executive Enda Murtagh, Artist Dave West, Mayor of Fingal Mayor Cllr Howard Mahony, Cllr Karen Power and Irish Rail Supervisor Larry Flood

Cuireann sé áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall saothar ealaíne poiblí nua a fhógairt do Bhaile Brigín. Tá an saothar dar teideal “Wish You Were Here” leis an ealaíontóir áitiúil Dave West suiteáilte anois ag suíomh feiceálach Na Bruacha ag Cuan Bhaile Brigín agus sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, go hoifigiúil é Dé Máirt 14 Feabhra. D'eirigh leis an saothar seo a chur ar fáil mar thoradh an gcomhpháirtíocht leanúnach againne le hIarnród Éireann, Baile Brigín agus leis an gClár Athghiniúna Ár mBaile Brigín.

Go luath sa bhliain 2022, d’fhógair an t-ealaíontóir i gcomhar le hIarnród Éireann agus le hÁr mBaile Brigín gairm chun gnímh ón bpobal, agus tugadh cuireadh dóibh a gcuid tuairimí a chur faoi bhráid an ealaíontóra Dave West ar a bhfuil grá ag gach éinne i mBaile Brigín. Seachadadh an glao i bhfoirm feachtas cártaí poist agus clár fógraí agus scaipeadh é ar fud ár leabharlanna, ár moil phobail, stáisiún traenach Bhaile Brigín agus lár-oifig Ár mBaile Brigín. B'inspioráid do shaothar nua an ealaíontóra ag an suíomh iad na hiontrálacha a bhfuarthas,

Is cuid den iliomad tionscnamh atá ar siúl faoi láthair i mBaile Brigín é an saothar seo a léiríonn conas is féidir leis an ealaín agus le healaíontóirí beocht agus ceiliúradh a dhéanamh ar na spásanna poiblí againne agus cuireann sé leis an bpainéal iontach eile, le healaíontóir áitiúil eile Sean Molloy, a léiríonn an cósta álainn ar an suíomh .

Wish you were here and take a dip with Mayor and Artist

Mhol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Howard Mahony, “Tá ról ríthábhachtach á imirt ag an ealaín agus ag ealaíontóirí chun beocht a thabhairt dár mbailte agus dár sráidbhailte don phobal áitiúil agus dár gcuid chuairteoirí araon. Sé atá sa thionscadal ‘Wish You Were Here’ seo na sapla den chaoi a dtacaíonn Oifig Ealaíon Fhine Gall le cruthaitheacht ealaíontóirí ar nós Dave West agus spreagann sé rannpháirtíocht an phobail leis an ealaín phoiblí. Is mór an áthas a chuireann sé orm á fheiceáil ag teacht chun críche le go mbainfidh gach éinne taitneamh as.”

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir Roinn an Fhiontair Eacnamaíoch, na Turasóireachta agus Forbairt an Chultúir linn: “Tá athnuachan Bhaile Brigín faoi lánseol anois, ag baint amach fós na garspriocanna infheicthe agus é ag leanúint ar aghaidh, lena n-áirítear faomhadh an Phlean um Athnuachan Shráid na Cé agus a Ceantar Máguaird. Gealláimid ceiliúradh a dhéanamh ar gach atá le tairiscint ag an mbaile dá phobail agus dá chuairteoirí araon agus tá ról ollmhór ann ag an ealaín, le tionscadail mar phainéil áille Dave West ag na Bruacha.”

Oibríonn Dave West thar réimse éagsúil na meán lena n-áirítear an phéinteáil, mósáic agus gloine.

Wish you were here launch Group with Regatta and Baile Brigín

Díríonn an 5 phainéal, Take a Dip (Léim Isteach), See the Coast (Féach ar an gCósta), Wish You Were Here (Go mBeifeá Anseo), Regatta (Geallta Bád) agus Baile Brigín ar phointí tagartha áitiúla agus stairiúla a thainig as an bpobal. B'iad snámhóirí rialta na farraige an t-inspioráid áitiúil do Take a Dip; tá tionchar mór ag an bhfarraige ar shláinte agus ar fholláine muintir na háite ar feadh stair an bhaile. Nocht Dave West seanchárta poist ón 19ú hAois ar a raibh 2 ardán snámha a bhí sa chuan roimhe seo le feiceáil agus chuir sé béim sa phainéal seo ar an nasc seo leis na laethanta a bhí. Léiríonn See the Coast an tarbhealach ar leith atá ina shainchomhartha de chuid Bhaile Brigín agus a léiríonn an tábhacht a baineann leis an taisteal traenach lena thagann na cuairteoirí go Baile Brigín chun taitneamh a bhaint as a chósta álainn.

Is moladh é Wish you Were Here do ghrá an phobail ar lá grianmhar i mBaile Brigín, lá ar an trá, ag baint sult as uachtar reoite agus as an radharc atá daingnithe ag an dá shainchomhartha stairiúil, Caisleán Bhrí Mhór agus Caisleán Ard Giolláin. Insíonn Regatta scéal Comhlacht Iarnróid Dhroichead Átha a bhí ina óstach ar feadh 40 bliain ar gheallta bád sa chuan áit a raibh an trá lán le gníomhaíochtaí na bádóireachta agus leis an gcraic. B'é fíorionsporáid Baile Brigín don ealaíontóir ná ceiliúradh a dhéanamh ar ghrá an phobail dá mbaile, agus tá an teach solais nua-athchóirithe le feiceail sa tsaothar seo chomh maith.

Wish you were here launch Mayor Caroline Cowley and Dave West

Mhínígh an Comhordaitheoir na Ealaíne Poiblí Caroline Cowley “Tá sé aitheanta ag ár gcairde ag Iarnród Éireann Baile Brigín gur deis iontach é seo le dul i ngleic leis an bpobal ionas go n-inseoidh an saothar a bheidh lonnaithe san áit fheiceálach seo scéal faoi na rudaí is breá le gach éinne faoina mbaile. Agus beannacht na saoire Wish you Here á ghlacadh aige, tá West ag iarraidh ar mhuintir Bhaile Brigín smaoineamh ar conas a d’fhéadfaidís cur síos a dhéanamh ar an mbaile acu dá gcuid chuairteoirí. Ba ghnáth do chuairteoirí na seanlaethanta turas traenach a dhéanamh le taitneamh a bhaint as lá ar an trá agus, mar atá le feiceáil i seanchártaí poist na cartlainne, cuirteat i gcuimhne dúinn oidhreacht na bpóstaeir stairiúla arna dtáirgeadh ag Iarnród Éireann agus ina léiríodh cinn scríbe na hÉireann mar a chum an t-ealaíontóir mór le rá Paul Henry”.

Tá an saothar nua le Dave West Wish You were Here agus The Banks le Sean Molloy le feiceáil faoi láthair ag Na Bruacha os cionn Trá agus Cuan Bhaile Brigín.

www.fingalarts.ie

Wish you were here - see the coast