Spraoi iontach don phobal áitiúil ag Féile Gníomhaíochta Trá Bhaile Brigín 2022

Rinneadh ceiliúradh arís ar an gcaidreamh a bhí ag muintir Bhaile Brigín lena dtrá ghainimh álainn ag an dara Féile Gníomhaíochta Trá, a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 14 Lúnasa.

Balbriggan Beach Activity Festival 22

Rinneadh ceiliúradh arís ar an gcaidreamh a bhí ag muintir Bhaile Brigín lena dtrá ghainimh álainn ag an dara Féile Gníomhaíochta Trá, a bhí ar siúl Dé Domhnaigh 14 Lúnasa. Bhí na déithe aimsire cineálta le spéartha gorma agus solas na gréine don imeacht a mheall slua mór díograiseach chun taitneamh a bhaint as an imeacht agus triail a bhaint as an iliomad gníomhaíochtaí a bhí ar siúl.

Áiríodh ar chlár na n-imeachtaí rud éigin do gach duine na teaghlaigh. Ag an imeacht, bhí clubanna CLG agus sacar áitiúil ag taispeáint a gcuid scileanna le linn blitzchomórtais, thug comhlachtaí rialaithe náisiúnta Volleyball Ireland agus Cruicéid Laighean seisiúin tar agus bain triail asgo dtí an trá agus breisiú nua i mbliana d’aclaíocht trá le íoga teaghlaigh agus bootcamp trá. Tá gnéithe eile nach mbaineann le spórt curtha le sceideal na hócáide i mbliana freisin, mar shampla, Grasshoppers ag cur gníomhaíochtaí spraíúla ar fáil do pháistí 0-6 bliana trí mheán na healaíne, Insitiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann ag cur seisiún drumadóireachta ar fáil agus Cumann Staire Cheantar Bhaile Brigín ag cur siúlóid staire an-fhaisnéiseach ar fáil de Chuan Bhaile Brigín.

Ba í Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall, i gcomhpháirtíocht lenár mBaile Brigín, Coiste Turasóireachta Bhaile Brigín, clubanna áitiúla agus comhlachtaí náisiúnta spóirt a d’óstáil an Fhéile a líon an cladach le gníomhaíocht, dath agus spraoi.

Balbriggan Beach Activity Festival 22

Dar le Méara Gníomhach Fhine Gall ar an lá, an Comhairleoir Brian Dennehy, d’aibhsigh Feile Gníomhaíochta Trá Bhaile Brigín taitneamhacht iontach na trá áitiúil.

“Is áis iontach é Trá Bhaile Brigín do mhuintir na háite agus do chuairteoirí araon agus ba iontach an rud é a fheiceáil arís í lán le daoine ag baint taitneamh as na deiseanna gníomhaíochta a chuireann sé ar fáil agus páistí agus daoine fásta araon ag glacadh páirte sna gníomhaíochtaí éagsúla,” dúirt Comhairleoir Dennehy.

Dúirt Robert Burns, an Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail, go raibh áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall an Fhéile a óstáil.

“Ba ócáid iontach é agus leag sé béim ar cheann de na rudaí iontacha faoi Bhaile Brigín, a thrá agus a nasc leis an bhfarraige, trí spórt agus trí ghníomhaíocht,” dúirt Uasal Burns “Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’Fhoireann Spóirt Fhine Gall agus gach duine a ghlac páirte ar an lá, bíodh siad ag eagrú nó ag glacadh páirte sna gníomhaíochtaí nó díreach ag baint taitneamh as an ócáid.”

Dúirt Aoife Sheridan, Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach ag Comhairle Contae Fhine Gall, go bhfuil Trá Bhaile Brigín ríthábhachtach d’fhorbairt an cheantair sa todhchaí.

“Leanann ár mBaile Brigín ag obair chun príomhsmaointe agus tionscadail a chur chun cinn leasa an bhaile agus ba shampla iontach eile é an Fhéile Gníomhaíochta ar an Trá den cheantair a chur chun cinn agus gach rud a bhfuil le tairiscint aici,” dúirt Bean Sheridan.

Balbriggan Beach Activity Festival 22
Balbriggan Beach Activity Festival 22
Balbriggan Beach Activity Festival 22
Balbriggan Beach Activity Festival 22
Heritage Walk balbriggan beach activity festival.jpg