Malahide

Christmas

Irish Strength Institute at Malahide Marina

Oiliúint Phearsanta - oibrímid leat chun tú a dhéanamh níos láidre.
Oiliúint Ghrúpa - Téigh i bpáirt le páirtí nó le cairde: Sábháil airgead, bí níos aclaí agus caill meáchan le chéile.
Cláir Chothaithe a oireann do do stíl maireachtála - Cruthaímid Cláir Cailleadh Meáchain Pearsanta: Fisiciúil & Cothú chun do Spriocanna do 2021 a bhaint amach.

 

Christmas

Old Street Restaurant

Bialann Comharsanachta agus Preabshiopa Nollag agus Grósaera suite i gcroílár Shráidbhaile Mullach Íde - Ina bhfuil Charcuterie de Dhéantús Baile, Mairteoil Aosach Tirim intí, Boscaí Fíona, Ciseáin Bhronntanais, Boscaí Manglaim, agus Bronntanais lámhdhéanta.

Christmas

Irish Air spectacular

Tá bailiúchán uathúil de ghrianghraif iontacha d’aerárthaí ar eitilt, i gcoinne chúlra thírdhreach iontach na hÉireann, curtha le chéile i leabhar álainn crua, atá ar fáil le ceannach ar líne agus ag Manor Books i Mullach Íde. Tá 160 leathanach de ghrianghrafadóireacht iontach in Irish Air Spectacular.

25 Nov 2020
Covid 19

"A Need to be Heard"/TÁ GÁ GO nÉISTFEAR LEO)

Chomhoibrigh daoine óga ó thionscadail Foróige ar fud Fhine Gall chun  píosa filíochta ó bhéal faoi Covid-19 agus an tionchar atá aige ar dhaoine óga go háirithe, a chur le chéile agus a scríobh.

25 Nov 2020
Budget

Glacann Fine Gall Buiséad €286 milliún do 2021

Tá buiséad €286 milliún glactha ag Comhairle Contae Fhine Gall do 2021 a chinnteoidh go ndéanfar seirbhísí a chothabháil agus a fheabhsú do dtí an bhliain seo chugainn. Léiríonn sé méadú de €16.3 milliún ó 2020 agus is ionann é agus €966.78 in aghaidh gach duine den daonra.

Neola Apparel

Is Búitíc Faisean do Mhná muid a bhfuil duaiseanna buaite againn agus atá lonnaithe i sráidbhaile Mhullach Íde, ag tairiscint píosaí uathúla nuálacha a oireann do gach cineál ó thomhas go stíliú. Cuirimid brandaí eisiacha agus seirbhís den scoth do chustaiméirí ar fáil chun do chuid riachtanas a chomhlíonadh :) Táimid ag tnúth le sibh a fheiceáil ar fud Séasúr na Féile. Neola xx

30 Oct 2020
Keep Well

Feachtas Go dTé tú Slán Seolta

Inniu (Déardaoin, 29 Deireadh Fómhair) sheol an Taoiseach, Micheál Martin TD, an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, agus an tAire Stáit don Roinn Sláinte a bhfuil freagracht aige as an tSláinte Phoiblí, as an bhFolláine agus as an an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Frank Feighan TD, an feachtas “Go dTé Tú Slán” a bhfuil sé mar aidhm aige tacú le daoine agus le pobail aire a thabhairt dá gcuid sláinte fhisiciúil agus mheabhrach sna míonna atá romhainn.

20 Oct 2020
Halloween Amnesty

Amnesty Oíche Shamhna Bliantúil ag Ionaid Athchúrsála 2020

Glacfar le hábhair indóite (leapacha, toilg, doirse adhmaid 7rl) saor in aisce ag Ionaid Athchúrsála Chomhairle Contae Fhine Gall do chónaitheoirí Fhine Gall ón gCéadaoin, 21 Deireadh Fómhair go dtí an Satharn, 31 Deireadh Fómhair, seachas an Domhnach agus Saoire Bainc.