TÁ DAIDÍ NA NOLLAG AG TEACHT CHUN BAILE - Tiúnáil isteach chuig Facebook.com/EventsinFingal

Tá draíocht na Nollag ar a bhealach go Fine Gall le Daidí na Nollag ag glacadh ama as a sceideal gnóthach chun páirt a ghlacadh i gcomhrá beo ar Facebook le daoine óga corraitheacha ó gach cearn den Chontae!

Santa at Swords Castle

“Tá a fhios agam go mbeidh na buachaillí agus na cailíní go léir i bhFine Gall ar bís don Nollaig i mbliana agus Daidí na Nollag a fheiceáil. Tá Daidí na Nollag ar tí a bheith linn i bhFine Gall ag Caisleán Shoird i mbliana ag ócáid speisialta inar féidir le gach duine a bheith in éineacht leis ar líne chun canadh agus comhrá a dhéanamh leis faoin Nollaig,’ a dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy.

“Beidh a chuairt i mbliana difriúil, ach dhearbhaigh sé linn go mbeidh sé in ann mianta na mbuachaillí agus na gcailíní go léir i bhFine Gall a chomhlíonadh. Táimid ag tnúth lena chuairt.”

“Bíonn Daidí na Nollag i gcónaí ag súil le cuairt a thabhairt ar Fhine Gall. I mbliana beidh sé ag teacht i dtír ag Caisleán Shoird chun cuairt fíorspeisialta a thabhairt ar bhuachaillí agus cailíní áitiúla,” a d’fhógair Emer O’Gorman ó Chomhairle Contae Fhine Gall, a bhí gnóthach ag obair ar phleananna.

“Tá rudaí difriúil i mbliana agus mar sin ní bheidh leanaí Fhine Gall in ann scuaine a dhéanamh chun Daidí na Nollag a fheiceáil agus suí ar a ghlúin agus a mianta rúnda a rá i gcogar ina chluas. Ach tá plean iontach aige chun a chinntiú go bhfeicfidh sé sibh go léir. Faoi chlúdach an dorchadais, beidh sé ag eitilt isteach go Caisleán Shoird in éineacht lena bhean chéile agus na réinfhianna agus ag comhrá linn go léir ar Facebook,” a dúirt Emer.

Tiúnáil isteach ar An Satharn, 12ú Nollaig ag 4.30in ar www.Facebook.com/eventsinfingal. Canfaidh Daidí na Nollag amhráin, déanfaidh se comhrá agus roinnfidh sé go leor deachomhairle faoi bheith réidh don Nollaig.

Ag labhairt dó faoi Oíche Nollag dúirt Daidí na Nollag “Is breá liom i gcónaí cuairt a thabhairt ar Fhine Gall ar Oíche Nollag. Agus mé ag eitilt thall is féidir liom Caisleán Bhrí Mhór a fheiceáil agus na páirceanna spóirt i mBaile Brigín. Bím i gcónaí ag faire amach do na hainmhithe atá ina gcónaí ag Teach agus Feirm an Droichid Nua. Is féidir liom Diméin na Sí a fheiceáil i bPáirc San Caitríona agus Amharchlann Draíocht i mBaile Bhlainséir. Eitlím thar scoileanna agus clóis shúgartha, ach bíonn siad go léir ciúin nuair a eitlím tharstu mar bíonn gach éinne ina chodladh ag fanacht le mo chuairt.”

Mar fhocal scoir, dúirt Emer “Ná caill Daidí na Nollag ar Facebook.com/EventsinFingal ar 12ú Nollaig ag 4.30in. Tá áthas an domhain orainn go bhfuil sé ag teacht go Fine Gall agus táimid ag comhaireamh na laethanta!”