Tattered Outlaws of History

Tattered Outlaws of History

Dan Dubowitz agus Fearghus O’Chonuir

Sa bhliain 2006, d'fhógair Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go raibh sí ag iarraidh ar ealaíontóirí a spéis a léiriú maidir le bheith ina bhall de Phainéal Ealaíne Poiblí d'Fhine Gall.

D'úsáid an Chomhairle maoiniú ó Scéim Céatadán d'Ealaín de chuid na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil chun obair nua a choimisiúnú a bheadh mar léiriú ar oidhreachta, tírdhreach, sochaí agus cultúr saibhir Fhine Gall. Roghnaíodh an t-amharcealaíontóir Dan Dubowitz (An Ríocht Aontaithe) agus cóiréagrafaí Fearghus Ó Conchúir (Éire) agus chuir siad tús leis an bpróiseas le líon mór cuairteanna suímh sa chontae.Ba léir go raibh tionchar ach go háirithe ag na túir Martello orthu agus thosaigh siad ag déanamh taighde ar stair na dtúr, úsáid na dtúr agus a gcuid úinéirí. Rinne siad scannánú ar na foirgnimh ar leith sin ó pheirspictíocht an dín.Cothaíodh comhpháirtíocht oiriúnach chruthaitheachta idir na healaíontóirí sin, agus, de thoradh air sin, bhí an chéad chomhshaothar amharcealaíne agus damhsa a tharla ar an mbealach sin in Éirinn. Chun an píosa sin a chruthú, cuireadh ceamara ar iarphointe chanóin an túir agus bogann sé go mall ar thríchosach mótarthrealmhaithe chun dhá chasadh dhéag gluaiseachta agus tírdhreacha a ghabháil, rud atá ag teacht le chéile leis an dá thúr dhéag. Tagann Fearghus chun cinn sa scannánú le gluaiseacht a chuireann carachtar agus atmaisféar gach áite in iúl. Léirítear tírdhreach Fhine Gall sna scannáin seo ar bhealach álainn tríd an gcóiréagrafaíocht agus trí charachtair éagsúla as Fine Gall a chur san áireamh. Léiríonn Joe ó Thúr Martello Mhúsaem Raidió Bhinn Éadair cód Morse, cuimhníonn Dorothy ón Ros ar na laethanta a chónaigh sí i dtúr, agus tá leanaí ag súgradh i dtúir eile.

Don taispeántas seo, tá na túir Martello aontaithe go siombalach.  Bhreathnaigh Ó Conchúir agus Dubowitz ar na túir mar theaghlach a chuaigh i bhfán ar a chéile ach tugtar le chéile go sealadach iad arís sa saothar seo.Tharraing an saothar go leor spéise sna meáin agus clúdaíodh é ar RTÉ Six One News, bhí gnéchuid ar Imeall ar TG4, bhí sé le feiceáil san Irish Times agus bhí gné-alt sa Herald.Bhí an tionscadal an-tábhachtach do mhuintir na Sceirí, agus thoiligh go leor díobh obair dheonach a dhéanamh ag an túr ag an deireadh seachtaine le linn an tsamhraidh.Tháinig scéalta maidir leis an túr chun cinn ag an deireadh seachtaine. Ghreamaigh cuairteoirí seaníomhánna an túir le bioráin agus scríobh siad moltaí ar an mballa maidir le cad a tharlóidh amach anseo leis an bhfoirgneamh. Cuireadh deireadh leis an tionscadal le himeacht oidhreachta nuair a bhí caint stairiúil ar siúl faoi na túir. Chuir Fearghus cuntas pearsanta ar fáil maidir leis an tionscadal, agus thug an Seanadóir Fergal Quinn cuairt ar an tuair. Ba le hathair Fergal Páirc Saoire an Oileáin Rua chaith sé féin an samhradh sa túr roinnt blianta. Ó thaobh todhchaí an fhoirgnimh, bhí Institiúid Teicneolaíochta, Baile Átha Cliath i dteagmháil le Comhairle Contae Fhine Gall maidir leis an túr a úsáid mar thionscadal beo do mhic léinn i dtaca le saincheisteanna ailtireachta caomhnaithe agus suirbhéireachta cainníochta. Ba é an aidhm go mbeidís ábalta taighde a dhéanamh ar athchóiriú féideartha agus é a chostáil.

Breathnaigh ar an bhfíseán