Nuashonrú maidir le Fógra Toirmisc 'Ná Snámh' atá fós i bhfeidhm ag an Trá Thosaigh, Baile Brigín
Bhain na torthaí uisce snámha is déanaí ó Thrá Thosaigh, Baile Brigín a tógadh ar an 25ú & 29 Lúnasa an caighdeán maidir le cáilíocht uisce ‘mhaith’ amach. Mar sin féin, tar éis dul i gcomhairle le FSS fanfaidh an fógra toirmisc ‘ná snámh’ i bhfeidhm go dtí an 9ú Meán Fómhair.