Tá taispeántas ealaíne camchuairte Viewpoints ag teacht go dtí Leabharlanna Fhine Gall

Cuireann sé áthas ar Leabharlanna Fhine Gall óstáil a dhéanamh ar Viewpoints (Dearcaidh), taispeántas camchuairte na healaíne, atá ar fáil trí Leabharlann Glucksman na hEalaíne, cur chuige nuálaíoch maidir leis an ealaín agus leis an eolas a roinnt arna spreagadh ag prionsabail na cruthaitheachta, na cuimsitheachta agus na rannpháirtíochta.

Viewpoints - overview of images

Cuireann sé áthas ar Leabharlanna Fhine Gall óstáil a dhéanamh ar Viewpoints (Dearcaidh), taispeántas camchuairte na healaíne, atá ar fáil trí Leabharlann Glucksman na hEalaíne, cur chuige nuálaíoch maidir leis an ealaín agus leis an eolas a roinnt arna spreagadh ag prionsabail na cruthaitheachta, na cuimsitheachta agus na rannpháirtíochta.

Tá taispeántas na healaíne dírithe ar theaghlaigh agus ar leanaí ar an gcéad dul síos agus cuireann sé bealach spraíúil inrochtana ar fáil chun ealaín a iniúchadh. I gcomhpháirtíocht le Scoil Dlí COC, choimisiúnaigh Gailearaí Glucksman seacht n-údar pictiúrleabhar Éireannach chun freagra a thabhairt ar théamaí éagsúla laistigh de Choinbhinsiún na NA um Chearta an Linbh. Chum na healaíontóirí Mary Murphy, Róisín Hahessy, Niamh Sharkey, Peter Donnelly, Fatti Burke, Chris Haughton agus Chris Judge seacht léaráid nua a dhírigh ar theaghlach agus ar fhéiniúlacht ar oideachas, ar chruthaitheacht agus ar shúgradh, ar ceartas agus ar an gceart chun éisteacht a fháil, ar chomhionannas, ar athrú aeráide agus ar an timpeallacht, agus ar imircigh agus ar theifigh.

Mar chuid den chlár Éire Chruthaitheach i bhFine Gall, tá an-áthas orainn an taispeántas álainn seo a óstáil a théann ní hamháin i ngleic le téamaí casta ar bhealach inrochtana ach a cheiliúrann saibhreas na tallainne i measc maisitheoirí na hÉireann chomh maith. Ó mhí Eanáir go dtí mí Meitheamh, tugtar cuireadh don phobal féachaint ar an taispeántas ealaíne agus é ar camchuairt ar líonra an deich leabharlann de chuid Fhine Gall. Críochnóidh an taispeántas camchuairte le lá an spraoí agus na cruthaitheachta De Satharn an 10 Meitheamh ag Cruinniú na nÓg -  lá bliantúil gníomhaíochtaí na cruthaitheachta saor in aisce do leanaí agus do d' ógánaigh de chuid Éire Chruthaitheach agus Fine Gall.

Ag oscailt an taispeántais i Leabharlann Mhullach Íde De Satharn an 28 Eanáir, dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí Contae Leabharlanna Fhine Gall:

“Tabharfaidh Viewpoints an-deis do shaoránaigh Fhine Gall teacht ar bhunshaothair ealaíne agus bualadh le cuid de mhaisitheoirí cumasacha na Éireann ina leabharlann áitiúil. De réir mar a théann an taispeántas ar camchuairt ar gach leabharlann, cuirfidh clár saor in aisce de cheardlanna na cruthaitheachta ar chumas leanaí agus a gcuid teaghlach dul i ngleic le ceisteanna ábhartha ár linne, trí shaothair spreagthacha seo ha healaíne. Beidh an-tóir ar an taispeántas i measc úsáideoirí ár gcuid leabharlainne agus, go deimhin, iad siúd atá ag teacht go sonrach chun an taispeántas a fheiceáil.”

Beidh Viewpoints ar taispeáint sna leabharlanna seo a leanas ar fud pobail Fhine Gall. Beidh clár spraíúil idirghníomhach ceardlanna cruthaitheacha ar siúl do leanaí agus a gcuiddteaghlach agus an taispeántas ar camchuairt ar gach leabharlann. Déan teagmháil leis an leabharlann is gaire duit le haghaidh tuilleadh eolais a fháil.

Arts Council logo.png

Tabhair faoi deara go bhfuil Leabharlanna dúnta ar an Domhnach agus ar an Satharn agus ar Dé Luan gach Deireadh Seachtain Saoire.

Tá tacaíocht á fháil ag Leabharlann na hEalaíne ó Chomhairle Ealaíon na hÉireann.

 

Dáta an Taispeántais 

Leabharlann 

28 Eanáir – 19 Feabhra  

Mullach Íde 

20 Feabhra – 5 Márta

Baile Dúill  

6 Márta – 19 Márta 

Baile Brigín 

20 Márta – 2 Aibreán  

An Ros  

3 Aibreán – 16 Aibreán  

Domhnach Bat  

17 Aibreán – 30 Aibreán  

Sord agus Na Sceirí  

1 Bealtaine – 14 Bealtaine 

Binn Éidear agus Baile Gháire  

15 Bealtaine – 4 Meitheamh 

Baile Bhlainséir  

5 Meitheamh – 10 Meitheamh 

Cruinniú na nÓg 2023 

 Tá 10 mbrainse leabharlainne i bhfeidhm ag Leabharlanna Fhine Gall chomh maith le leabharlann taistil, le seirbhís dóibh siúd atá gafa sa teach agus le seirbhís na Staidéar Áitiúil agus na Cartlainne. Tá gach eolas faoi uaireanta oscailte ár gcuid chraobhacha ar fáil ag  https://www.fingal.ie/fingallibraries nó is féidir leat coimeád suas chun dáta trí Leabharlanna Fhine Gall a leanúint ar Facebook, Twitter agus Instagram.

Viewpoints - children painting