Oibreacha riachtanacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall chun an soláthar uisce i mBaile Brigín a chosaint
Tá oibreacha riachtanacha curtha i gcrích ag Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall chun an soláthar uisce do thithe agus do ghnólachtaí i mBaile Brigín a chosaint. Tá príomhphíobán uisce nua ó Bhaile Shiurdáin go Baile Brigín ceangailte agus tá sé ag feidhmiú anois. Níl aon srianta breise beartaithe i mBaile Brigín thar dheireadh seachtaine na Cásca agus bainfidh custaiméirí leas as soláthar uisce níos sláine mar thoradh ar na hoibreacha seo.