Roghnaíonn Comhairle Contae Fhine Gall trí ghrúpa le haghaidh páirt a ghlacadh i gcomórtas bliantúil Bród na hÁite
Reáchtálfar an mholtóireacht i gcomórtas Bród na hÁite IPB i bhFine Gall go luath sa mhí seo chugainn agus roghnófar trí ghrúpa chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann an chontae san imeacht bliantúil seo a léiríonn forbairt is fearr an phobail ar oileán na hÉireann.