Seachtaine Soghluaiseachta Eorpaí - rothar leictreach lastais
Le linn na Seachtaine Soghluaiseachta Eorpaí seo, ghlac Méara Fhine Gall, Cllr Brian McDonagh seilbh ar rothar leictreach lastais dá théarma in oifig. Tá an tionscnamh nuálaíoch seo mar chuid de thiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall chun Taisteal Gníomhach agus iompar inbhuanaithe a chur chun cinn agus astaíochtaí carbóin a laghdú.