Robert McColgan, Realt na Mára

Robert McColgan, Realt na Mára

Coimisiúnaíodh Réalt na Mara le Robert McColgan in 2008 mar chuid de Scéim Feabhsúcháin Sráidbhaile agus Uirbeach Bhinn Éadair. Tá an dealbh, atá lonnaithe ar rinnphointe thoir na cé thiar i mBinn Éadair, 12 mhéadar ar airde agus cruthaíodh é le cruach dhosmálta de ghrád muirí chun an méid is mó is féidir solais a fhrithchaitheamh, chomh maith le spéir agus farraige. Cuireann an réalta airde compáis i gcuimhne agus tagraíonn sé do na téamaí cosaint, solas agus treoir. Tugann sé treoir don taistealaí agus iascaire araon agus iad ar a mbealach abhaile.

.