D’fhoilsigh ANCA léarscáileanna chomhrianacha den neamhchosaint ar thorann ó aerárthaí don bhliain 2024

Léirítear sna léarscáileanna an neamhchosaint ar thorann, atá meánaithe ar bhonn bliantúil, sna pobail timpeall Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2024, agus is féidir iad sin a chur i gcomparáid le chéile do gach bliain ó bhí an bhliain 2019 ann. 

contour 2024

Léirítear sna léarscáileanna an neamhchosaint ar thorann, atá meánaithe ar bhonn bliantúil, sna pobail timpeall Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2024, agus is féidir iad sin a chur i gcomparáid le chéile do gach bliain ó bhí an bhliain 2019 ann. Tá léarscáileanna comhrianacha ar leithligh ann don tréimhse oíche agus don tréimhse (ualaithe) lae-tráthnóna-oíche i gcás torann ó aerárthaí arna mheánú thar bhliain féilire iomlán.

Ceanglaítear leis an reachtaíocht um thorann comhshaoil go n-ullmhófaí léarscáileanna comhrianacha i bhformáid chaighdeánach ar fud an Aontais Eorpaigh agus is é daa an t-údarás ainmnithe léarscáilithe torainn chun na críche sin.

Tá faisnéis ar fáil sa rannán dar teideal ‘Aircraft Noise’ ar shuíomh Gréasáin ANCA ina dtugtar tuilleadh mionsonraí faoin gcúis a gcuirtear na tionchair thorainn atá ag aerárthaí i láthair ar an mbealach sin agus cad is brí leis na haonaid tomhais. Is féidir an neamhchosaint ar thorann a fheiceáil síos go leibhéal na réadmhaoine aonair trí sheoladh nó Éirchód a chur isteach sa bhosca cuardaigh.

Is féidir faisnéis faoin tionchar torainn atá ag teagmhais aerárthaigh aonair a fheiceáil ar thairseach Gréasáin WebTrak de chuid an údaráis aerfoirt. Tá nasc chuig tairseach WebTrak ar fáil ar shuíomh Gréasáin Aerfort Bhaile Átha Cliath agus ar shuíomh Gréasáin ANCA.

Cliceáil anseo chun amharc ar léarscáileanna comhrianacha na bliana 2024.