Ócáid phoiblí chun Cónaitheacht Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh a chur ar taispeáint
Beidh 'It's Written in the Rocks /Scríobhtar é sna Carraigeacha' ar siúl Dé Sathairn 10 Bealtaine ó 1- 4pm ag Teach Bád Loch Sionnaigh

Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall 'It's Written in the Rocks / Scríobhtar é sna Carraigeacha' le Louis Haugh a fhógairt, ócáid a chuireann deireadh lena chónaitheacht ag Teach Bád Loch Sionnaigh.
Beidh 'It's Written in the Rocks/ Scríobhtar é sna Carraigeacha' ar siúl Dé Sathairn 10 Bealtaine ó 1-4pm ag Teach Bád Loch Sionnaigh agus beidh stiúideo oscailte ann ina mbeidh rogha de shaothar ealaíne déanta mar fhreagra ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeolaíocht áitiúil agus seoladh irisín nua scríofa i nGaeilge dar teideal; Scríobhtar é sna Carraigeacha, a forbraíodh i gcomhar le hIan MacGabhan, Speisialtóir & Oideachasóir Gaeilge.
In éineacht leis an imeacht stiúideo oscailte seo tá dhá shiúlóid sceidealaithe timpeall an cheantair áitiúil le saineolaithe timpeallachta chun bithéagsúlacht agus geolaíocht uathúil Loch Sionnaigh a phlé.
Sceideal Imeachtaí
1.00pm: Fáilte, Sólaistí, Stiúideo Oscailte agus Seoladh Irisín
2.15pm: Siúlóid Gheolaíochta agus Caint leis an Dr Quentin Crowley, Ollamh le Geolaíocht agus Stiúrthóir Ionad Comhshaoil Choláiste na Tríonóide.
3.00pm: Siúlóid agus Caint Bithéagsúlachta le Lorraine Bull, Oifigeach Feidhmiúcháin Bithéagsúlachta, Comhairle Contae Fhine Gall
4pm: Críoch
Tabhair faoi deara le do thoil: Is imeacht amuigh faoin aer é seo atá faoi réir coinníollacha aimsire fabhracha, gléas thú féin dá réir sin don lá agus caith bróga oiriúnacha don trá agus do thalamh creagach. Déanfar an t-imeacht seo a dhoiciméadú trí ghrianghrafadóireacht agus fístaifeadadh. Ní mór do leanaí a bheith in éineacht le duine fásta i gcónaí.
Is amharcealaíontóir é Louis Haugh, atá ag obair sa ghrianghrafadóireacht, san fhuaim agus sa tsuiteáil, a fuair an chéad Ghradam Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Is é cuspóir an ghradaim ná stiúideo lánmhaoinithe a chur ar fáil d'fhísealaíontóir gairmiúil chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar shaothar nua ina bhfiosraítear bithéagsúlacht Fhine Gall, gnáthóga cósta agus tionchair an athraithe aeráide. Le linn a chónaitheachta, a thosaigh i mí Mheán Fómhair 2024, chuaigh Louis i dteagmháil le hOifigigh Bithéagsúlachta agus Gníomhaithe ar son na hAeráide Chomhairle de chuid Chontae Fhine Gall agus le pobal Loch Sionnaigh. D'éascaigh sé ceardlann do chlár imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall do Sheachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide Bhaile Átha Cliath agus sraith ceardlann d'fhoireann na Comhairle, daltaí rang 6 ó Scoil Náisiúnta Bhreandáin, AerachAiteachGaelach (Comharchumann Ealaíon Gaeilge Labhartha LADTA+) agus an grúpa de chuid Bhaintreacha Loch Sionnaigh, Club na Céadaoine.
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Gall 'It's Written in the Rocks /Scríobhtar é sna Carraigeacha' le Louis Haugh a fhógairt, ócáid a chuireann deireadh lena chónaitheacht ag Teach Bád Loch Sionnaigh.
Beidh 'It's Written in the Rocks /Scríobhtar é sna Carraigeacha' ar siúl Dé Sathairn 10 Bealtaine ó 1- 4pm ag Teach Bád Loch Sionnaigh agus beidh stiúideo oscailte ann, ina mbeidh rogha de shaothar ealaíne déanta mar fhreagra ar an mbithéagsúlacht agus ar an ngeolaíocht áitiúil, agus irisín nua scríofa i nGaeilge dar teideal; Scríobhtar é sna Carraigeacha, a forbraíodh i gcomhar le hIan MacGabhan, Speisialtóir & Oideachasóir Gaeilge.
Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Brian McDonagh: ‘Tugann Cónaitheacht Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh deis d'ealaíontóirí a gcleachtas a fhorbairt laistigh de thimpeallacht uathúil. Tá Louis tar éis úsáid a bhaint as an am seo chun múineadh, nascadh agus foghlaim .'
Dúirt Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, Sarah O'Neil: ‘Tá ríméad ar an Oifig Ealaíon tacú le Louis agus é ag forbairt a chleachtais laistigh den phobal áitiúil. Tá fáilte curtha ag Rois roimh Louis i dTeach Báid Loch Sionnaigh le 9 mí anuas dá chónaitheacht agus is bealach iontach a bheidh san ócáid seo chun aird a tharraingt ar a chuid oibre le linn an ama seo .'
In éineacht leis an imeacht stiúideo oscailte seo tá dhá shiúlóid sceidealaithe timpeall an cheantair áitiúil le saineolaithe timpeallachta chun bithéagsúlacht agus geolaíocht uathúil Loch Sionnaigh a phlé. Faoi stiúir an Dr Quentin Crowley; Ollamh Geolaíochta agus Stiúrthóir Ionad an Chomhshaoil, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus an Dr Lorainne Bull, Oifigeach Bithéagsúlachta do Chomhairle Contae Fhine Gall, beidh na siúlóidí ar siúl ag 2.15pm agus 3pm.
Dúirt Louis faoin gcónaitheacht: ‘Bhí an t-am a chaith mé ar Chónaitheacht Stiúideo Teach Bád Loch Sionnaigh thar a bheith luachmhar. Thug sé am dom ní hamháin mo chleachtas ealaíne a fhorbairt ar bhealaí nua agus turgnamhacha, ach freisin machnamh a dhéanamh i ndáiríre ar a bhfuil tábhachtach domsa mar ealaíontóir; go praiticiúil, go polaitiúil agus go pearsanta. Táim thar a bheith buíoch as na deiseanna sin agus táim ar bís na smaointe agus an taighde a bhí á bhforbairt agam a thabhairt isteach sa chéad chéim eile níos faide ná an tréimhse chónaitheachta .'
Físealaíontóir atá ag obair i ngrianghrafadóireacht, fuaim agus suiteáil, is eas Louis Haugh, a fuair an chéad Ghradam Stiúideo Theach Bád Loch Sionnaigh. Cuireann an gradam seo stiúideo lánmhaoinithe ar fáil d'fhísealaíontóir gairmiúil chun taighde agus forbairt a dhéanamh ar obair nua a fhiosraíonn bithéagsúlacht Fhine Gall, gnáthóga cósta agus tionchair athraithe aeráide.
Le linn a chónaitheachta, a thosaigh i mí Mheán Fómhair 2024, chuaigh Louis i dteagmháil le hOifigigh Bithéagsúlachta agus Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall agus le pobal Loch Sionnaigh. D'éascaigh sé ceardlann do chlár imeachtaí Chomhairle Contae Fhine Gall do Sheachtain Gníomhaithe ar son na hAeráide do Bhaile Átha Cliath mar aon le sraith ceardlann ina raibh daltaí rang 6 ó Scoil Náisiúnta Bhreandáin, AerachAiteachGaelach (AAG) agus an grúpa 'Baintreacha Loch Sionnaigh' nó 'the Loughshinny Widows'.