Ná lig do shalachar do mhadraí an séasúr snámha a mhilleadh

Níl aon dabht ach gur féidir le madraí cáilíocht ár mbeatha a fheabhsú, agus gur bealach iontach é do pheataí a thabhairt ar shiúlóid feadh trá ghainmheach le haclaíocht a fháil, ach ós rud é go bhfuil an samhradh ag druidim linn go tapaidh, spreagtar úinéirí madraí ar fud Fhine Gall gan ach lorg lapaí a fhágáil sa ghaineamh agus piocadh suas i ndiaidh a bpeataí agus iad ag úsáid tránna iomadúla an chontae.

Níl aon dabht ach gur féidir le madraí cáilíocht ár mbeatha a fheabhsú, agus gur bealach iontach é do pheataí a thabhairt ar shiúlóid feadh trá ghainmheach le haclaíocht a fháil, ach ós rud é go bhfuil an samhradh ag druidim linn go tapaidh, spreagtar úinéirí madraí ar fud Fhine Gall gan ach lorg lapaí a fhágáil sa ghaineamh agus piocadh suas i ndiaidh a bpeataí agus iad ag úsáid tránna iomadúla an chontae.

D’fhonn cabhrú le meabhrú d’úinéirí an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag salachar madraí tréigthe, tá Fine Gall tar éis dul i gcomhar leis an Tionscadal Cuibhithe de chuid UCD agus comhairlí eile i mBaile Átha Cliath chun an nasc díreach idir salú ag madraí agus droch-chaighdeán an uisce trá a léiriú.  Aibhsíonn beochan nua ‘Ná Fág Ach Lorg Lapaí’ an dochar a d’fhéadfadh a bheith ann de bharr gan glanadh suas i ndiaidh madraí ar an trá agus chun cabhrú le cáilíocht uisce níos fearr a chinntiú do chách.

Is é an séasúr snámha - a mhaireann ón 1ú Meitheamh go dtí an 15ú Meán Fómhair – an tréimhse nuair is dócha go rachaidh i bhfad níos mó daoine i dteagmháil le salachar madraí ar thránna trí shnámh agus trí ghníomhaíochtaí áineasa eile. D’aithin Tionscadal Cuibhithe de chuid UCD dramhaíl madraí mar chúis thábhachtach le truailliú uisce, agus d’fhéadfaí go n-eiseodh údaráis áitiúla fógraí   um thoirmeasc sealadach (ná snámh) dá bharr. D’fhéadfadh drochthionchar sláinte a bheith ag teagmháil le faecas madraí lena n-áirítear buinneach agus d’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le daille i leanaí fiú. 

Léiríonn an beochan spéisiúil nua go bhféadfadh fiú bréan madra amháin a fhágtar ina dhiaidh truailliú ar mhéid cúirte leadóige a bheith mar thoradh air. Trí é sin a iolrú faoi 10 madra fiú, léirítear an tionchar ollmhór a d’fhéadfadh a bheith aige seo ar dhaoine a bhíonn ag snámh nó ag súgradh ar thránna. Ar deireadh thiar, is ar úinéirí a d’fhéadfaí na srianta breise a chur maidir le húsáid trá.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Comhshaoil, Gníomhú Aeráide agus Taisteal Gníomhach i bhFine Gall: “Ba mhaith liom go mbeadh úinéirí madraí freagrach agus ár dtránna á n-úsáid agus meabhrú dóibh ní hamháin am a ghlacadh chun salachar madraí a chur i mála, ach gur cheart dóibh an t-am a ghlacadh freisin chun é a chur sa bhruscar. “Is rud amháin é a bheith dearmadach nó a bheith díreach leisciúil maidir leis an salachar a phiocadh suas, ach tá na tránna agus uiscebhealaí atá againn i bhFine Gall ann le go mbainfidh gach duine taitneamh astu, mar sin trí gan é a chur i mála agus sa bhruscar tá an tionchar i bhfad níos leithne agus tá impleachtaí sláinte tromchúiseacha ag baint leis.”

Chun sonraí a bhailiú ar an ábhar, rinne Tionscadal Cuibhithe de chuid UCD, a thosaigh i 2019 imscrúdú ar an méid salachair madraí ar cheithre thrá i mBaile Átha Cliath; Dumhach Thrá, Trá Mhuirfean, tránna Dhomhnach Bat agus Phort Reachrann. Baineadh úsáid as na torthaí ansin chun a thionchar ar cháilíocht an uisce snámha a mheas.  Tá a chuid taighde ar siúl go leanúnach.

Chun an beochan nua a fheiceáil téigh chuig: https://youtu.be/7bas6zvBmM4

uLéigh tuilleadh  The Impact of Dog Fouling on Bathing Water Quality in Dublin Bay