Comhairleoir nua arna chomhthoghadh ar Chomhairle Contae Fhine Gall

Tá an Comhairleoir JK Onwumereh ó Fhianna Fáil comhthofa ag baill Chomhairle Contae Fhine Gall in ionad an Chomhairleora Freddie Cooper a fuair bás i mí an Mheithimh. Déanfaidh sé ionadaíocht ar Thoghcheantar Áitiúil Bhaile Bhlainséir-Mullach Eadrad.

Ba é an Comhairleoir Howard Mahony a mhol an Comhairleoir Onwumereh agus thug an Comhairleoir Darragh Butler tacaíocht dó ag cruinniú míosúil na Comhairle tráthnóna inniu.  

Chuir Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh agus an Príomhfheidhmeannach AnnMarie Farrelly fáilte roimh an gComhairleoir nua chomh maith leis an gComhairleoir Kieran Dennison, an Comhairleoir Mary McCamley, an Comhairleoir Natalie Treacy, an Comhairleoir Daniel Whooley, an Comhairleoir Tom Kitt agus an Comhairleoir Jimmy Guerin.

Dúirt an Comhairleoir Onwumereh: “Tá súil agam tógáil ar an sárobair a bhí á déanamh ag Freddie don cheantar le hobair chrua agus díograis.”

Ceapadh an Comhairleoir Onwumereh freisin ar an gCoiste um Beartais Straitéiseacha um Fhorbairt Pobail, Oidhreacht, Cultúir agus Cruthaitheachta; Comhchoiste Comhairleach Bainistíochta na Life Fhine Gall agus Bhaile Átha Cliath Theas; an Comhchoiste Póilíneachta; SDZ Pháirc Hans; agus an Fóram Oidhreachta Contae.

Ceapadh an Comhairleoir Cathal Boland (Neamhspleách) chun ionadaíocht a dhéanamh ar Chomhairle Contae Fhine Gall ag the Airport Regions Conference