Is é aidhm atá leis an tionscadal Sord Inbhuanaithe ná straitéis déanta áite a tháirgeadh a bheidh dírithe ar athghiniúint straitéiseach agus ar fhorbairt dhlúth agus inbhuanaithe de Shord. Is é an sprioc athléimneacht an gheilleagair áitiúil a mhéadú agus timpeallacht uirbeach fheabhsaithe, inrochtana, uilechuimsitheach, chairdiúil do leanaí agus sláintiúil a chur ar fáil. Baile beoga do chách.

Is aschur de dhoiciméid straitéiseacha é an tionscnamh Sord Inbhuanaithe, i measc na ndoiciméad sin bhí ‘Your Swords - An Emerging City - Strategic Vision 2035’ (Do Shord- Cathair ag Teacht chun Cinn - Fís Straitéiseach) agus Plean Forbartha Contae Fhine Gall reatha 2017-2023. Is í an fhís a bhí sa chéad doiciméad thuasluaite ná lár baile stairiúil Shoird a chomhdhlúthú agus a neartú; agus sa dara dhoiciméad, tugtar cur síos ar roinnt cuspóirí sonracha do lár an bhaile i gcomhthéacs straitéise plean-threoraithe.

Is é an uaillmhian do Sord Inbhuanaithe gléas comhordaithe a chur le chéile lena mbunófar pacáiste beart agus tionscadal a bhfuil tosaíocht, ríomhchlárú agus tionchar acu, agus lena n-éascófar go suntasach infheistíocht agus cinnteoireacht a chomhordú i measc iliomad páirtithe leasmhara, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a uasmhéadú agus deiseanna le haghaidh sineirgí agus comhoibrithe a shainaithint.

sustainable swords strategy.PNG

Straitéis Sord Inbhuanaithe

Sustainable Swords montage
Resident

Bheith ina Bhaile Níos Athléimní

Is baile dinimiciúil é Sord atá ag fás go tapa le blianta beaga anuas mar gheall ar a ghaireacht d’Aerfort Bhaile Átha Cliath, lár na cathrach agus infheistíocht mhór áitiúil agus fás moil fhostaíochta ar nós Aerfort Bhaile Átha Cliath in aice láimhe, Ionad Siopadóireachta ‘the Pavillions’ agus páirceanna gnó feadh an R132 (lena n-áirítear Airside, Páirc Ghnó Shoird agus Campas Gnó Shoird). Meastar go leanfaidh an fás seo, cé go bhfuiltear ag brath go mór faoi láthair ar chur i bhfeidhm MetroLink chun deiseanna forbartha a thionscnamh laistigh den ‘Chonair Eacnamaíoch Meitreo'.

Tuilleadh faoi Shord

Beidh Sord Inbhuanaithe dírithe go sonrach ar dhéanamh áite i lár an bhaile agus tá sé beartaithe go n-aisiomprófar an t-aistriú stairiúil ón bPríomhshráid a thosaigh go luath sna 2000idí (mar a léiríodh leis an láimhdeachas agus rátaí folúntais réasúnta ard agus an t-aistriú d’áitribh níos lú ón tSráid Thuaidh-An Phríomhshráid go dtí the Pavillions agus na páirceanna gnó feadh chonair an R132) chun déanamh áite níos fearr agus lár baile níos athléimní a éascú. Le Sord Inbhuanaithe, éascófar spás poiblí inrochtana, fáilteach a nascfadh le comhthéacs nádúrtha agus stairiúil Pháirc Ghleann an Bharda agus Caisleán Shoird a chuirfeadh feabhas ar thréscaoilteacht agus a d’fheabhsódh na deiseanna le haghaidh nuálaíochta áitiúla agus forbairt eacnamaíoch.