Sord Inbhuanaithe Freagraí ar Bhur gCeisteanna

Is é aidhm atá leis an tionscadal ná straitéis déanta áite a tháirgeadh a bheidh dírithe ar athghiniúint straitéiseach agus ar fhorbairt dhlúth agus inbhuanaithe de Shord. Is é an sprioc athléimneacht an gheilleagair áitiúil a mhéadú agus timpeallacht uirbeach fheabhsaithe, inrochtana, uilechuimsitheach, cairdiúil do leanaí agus sláintiúil a chur ar fáil.

Is aschur de dhoiciméid straitéiseacha é an tionscadal seo, i measc na ndoiciméad sin bhí Do Shord- Cathair ag Teacht chun Cinn - Fís Straitéiseach agus Plean Forbartha Fhine Gall reatha 2017-2023. Is í an fhís a bhí sa chéad doiciméad thuasluaite ná lár bhaile stairiúil Shoird a chomhdhlúthú agus a neartú; agus sa dara dhoiciméad, tugtar cur síos ar roinnt cuspóirí sonracha do lár an bhaile i gcomhthéacs straitéis fhorbartha phlean-threoraithe.

Mar gheall ar an ról ríthábhachtach atá ag lár bhaile Shoird sa phobal áitiúil, tá sé ríthábhachtach go gcuirfidh an Limistéar Staidéir, go háirithe an Phríomhshráid agus na naisc choisithe lena mbaineann, le cáilíocht beatha na gcónaitheoirí áitiúla agus meas acu ar an timpeallacht nádúrtha agus ar chomhthéacs stairiúil an limistéir.

Is é an uaillmhian don straitéis seo ná gléas comhordaithe a chur le chéile lena mbunófar pacáiste beart agus tionscadal a bhfuil tosaíocht, ríomhchlárú agus tionchar acu, agus lena n-éascófar infheistíocht agus cinnteoireacht a chomhordú i measc iliomad páirtithe leasmhara, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí a uasmhéadú agus le haghaidh sineirgí agus deiseanna a shainaithint.

Ní amháin go gcaithfear an straitéis a bhunú trí thaighde fianaise, ach freisin tógáil ar an obair a rinneadh roimhe seo le haghaidh Sord agus a bheith feasach uirthi, agus ar an dtaighde agus ar an gcomhairliúchán a rinneadh chun bonn eolais a chur faoi phleananna agus straitéisí roimhe seo. Cuimsíonn sé seo tionscadal Ceathrú Cultúrtha Chaisleán Shoird (SCQ) chomh maith le cuspóirí níos leithne i lár an bhaile a leagtar amach i Do Shord Fís Straitéiseach .

Is í an aidhm raon comhordaithe de thionscadail ‘píblíne’ a shainaithint ar féidir iad a mhaoiniú mar chuid den Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbí (URDF).

 

Is iad na príomhchuspóirí atá i Sord Inbhuanaithe:

  • Aitheantas lár an bhaile a fheabhsú trí: Ionad Cathartha agus Ionad Cultúrtha Shoird a fhorbairt; cur i bhfeidhm leanúnach an phlean caomhnaithe do Chaisleán Shoird; agus fearann poiblí feabhsaithe inrochtana do leanaí a sholáthar, lena n-áirítear nóid phoiblí nua i Lár Bhaile an Chlaimh.
  • Cruthú cosáin nua sráide / do choisithe os comhair siúlóid na habhann siar ón bPríomhshráid a éascú, chun na ‘cúlchríocha’ seo a oscailt gus tacú le forbairt inlíonta comhordaithe ar phríomhshuímh straitéiseacha feadh na Príomhshráide agus na Sráide Thuaidh.
  • Spásanna lárnacha áineasa agus taitneamhachta a chur chun cinn, ag úsáid go háirithe Páirc Ghleann an Bharda, Ceathrún Cultúrtha Shoird lena n-áirítear Páirc an Bhaile, Siúlóid Abhainn an Bharda siar ó limistéar na Príomhshráide.
  • Iniúchadh a dhéanamh ar an bhféidearthacht Ceantar Feabhsúcháin Gnó Shoird (BID) a bhunú.
  • Leathnú ar na moltaí sa chuid Sord de Staidéar Iompair Fhine Gall Theas agus straitéis iompair ilmhódach a fhorbairt do Shord a bheidh taighde agus anailís dhomhain mar bhonn eolais di.
  • Tacú le bearta comhtháthaithe pobail lena n-áirítear, mar shampla, cur chuige comhoibritheach ‘cad a oibríonn’ a bhunú chun comharsanachtaí níos sábháilte a chur chun cinn agus iompar frithshóisialta a laghdú le cur ar chumas gach duine cur le mothú folláine laistigh de cháilíocht beatha fheabhsaithe.
  • Bearta chun athghiniúint tailte laistigh den limistéar staidéir a chumasú chun athnuachan lár an bhaile a chinntiú agus chun gníomhachtú talún a chumasú le haghaidh forbairt dhlúth.
  • Pacáiste beart agus tionscadal tosaíochta, cláraithe agus tionchair a bhunú.

 

Chuir foireann an tionscadail, faoi stiúir KPMG Future Analytics agus Turner & Townsend, tús leis an obair i mí Feabhra 2021 le scála ama tionscadail de 14 mhí.  Sa chéad chuid den tionscadal tá seiceáil sláinte baile le hanailís mhionsonraithe ar an staid reatha lena n-áireofar rannpháirtíocht fhairsing an phobail. Beidh sé seo críochnaithe sa samhradh de 2021. In éineacht leis an scrúdú sláinte, déanfar anailís mhionsonraithe ar an bhfearann poiblí agus ar iompar, agus beidh straitéis an fhearainn phoiblí agus samhaltú iompair curtha i gcrích faoin bhFómhar de 2021. Sainaithneoidh foireann an tionscadail liosta tionscadal, bunaithe ar thaighde agus anailís ar shaincheisteanna agus ar dheiseanna agus dírithe ar an maoiniú atá ar fáil. Tabharfar faoi anailís fhéidearthachta cásanna gnó agus ag deireadh 2021 agus go luath in 2022, beidh dréacht-tuarascáil deiridh críochnaithe faoin Earrach de 2022.

Ciallaíonn forbairt inbhuanaithe forbairt agus fás a chothromú le riachtanais dhaonra an domhain atá ag dul i méid agus le hacmhainní teoranta agus sláinte ár bplainéad. Is iad na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe in 2015 an glao is cuimsithí ar ghníomh agus is í an treoir le forbairt inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2030.

Tá 17 gcuspóir ag gach ceann acu idirghaolmhar agus frithleagtha ag liosta cuimsitheach de spriocanna (169 san iomlán) a thomhaistear de réir táscairí ar leith. Ailíneoidh Sord Inbhuanaithe leis na SDGanna agus féachfaidh siad le torthaí marthanacha a bhaint amach don tsochaí agus don phláinéad (i.e. daoine agus an timpeallacht laistigh de Shord) agus ag an am céanna ag aithint an chaidrimh shiombóisigh idir chórais fhisiciúla agus éiceolaíocha, ghníomhaíochtaí daonna agus caipiteal sóisialta (go háirithe laistigh de Chaisleán Shoird - Conair Pháirc Ghleann an Bharda agus feadh na Príomhshráide).

Tabharfaidh foireann an tionscadail faoi chleachtadh tagarmharcála chun comparáid a dhéanamh i gcoinne na SDGanna agus féachfaidh siad le torthaí a sheachadadh a ailíníonn leis na SGDanna, agus tabharfar aird

 

Tá sé ríthábhachtach leanaí a bheith páirteach sa tionscadal agus dul i gcomhairle leo maidir le forbairt a mbaile. Is minic a dhéantar dearmad ar leanaí agus fágadh as an bpróiseas pleanála iad, mar thoradh air sin forbraíodh bailte agus cathracha a dhéanann faillí go minic ar riachtanais agus mianta leanaí maidir leis an gcaoi a n-úsáideann siad spásanna, conas a bhraitheann siad agus iad i spás, cad iad na háiseanna a bhfuil ag teastáil uathu agus conas ar mhaith leo taisteal. Tá ról tábhachtach ag leanaí maidir le Sord Inbhuanaithe a chruthú agus is féidir leo cur go mór leis an bpróiseas trína bpeirspictíochtaí uathúla a thabhairt chuig an tionscadal agus réitigh a thairiscint a bhféadfadh daoine fásta dearmad a dhéanamh orthu.

Is sínítheoir í Éire le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDG) agus i Sprioc 11 - Cathracha agus Pobail Inbhuanaithe leagtar fís amach faoin gcaoi a ndéanaimid ár mbailte agus ár gcathracha inbhuanaithe. Is í an phríomhghné chun ár bpobail a dhéanamh inbhuanaithe ná cur chuige uilechuimsitheach a chinntiú ionas go mbeidh guth ag gach ball dár bpobal maidir le baile a fhorbairt dá dtodhchaí. Is iad na leanaí an todhchaí de Shord agus gan a rannpháirtíocht ní fhéadfar baile uilechuimsitheach, sábháilte, athléimneach agus inbhuanaithe a bhaint amach. Ar an gcúis seo, tá Scoileanna Glasa de chuid An Taisce mar chuid d’fhoireann an tionscadail agus beidh siad ag dul i dteagmháil le níos mó ná 7,500 dalta bunscoile agus meánscoile, ag tabhairt faoi iniúchtaí ar insiúltacht agus in-rothaitheacht, agus ag plé le tuismitheoirí agus le daltaí chun tuiscint a fháil ar cén cuma ar mhaith leo feiceáil do Shord sa todhchaí.

 

I ndeireadh na dála, beidh rath an tionscadail ag brath ar pháirtithe leasmhara chun an spás atá ann agus na rannchuiditheoirí le cáilíocht na beatha sa phobal áitiúil a thuiscint. Ag féachaint ar aghaidh, beidh rannpháirtíocht an phobail agus an ghnó mar phríomhbheart na rathúlachta, agus tabharfar tosaíocht don chomhoibriú agus don chomhairliúchán agus cuirfear chun cinn é.

Más ball den phobal tú nó má tá cónaí ort in áit eile agus má tá suim agat i Sord, nó má tá gnó agat (go háirithe i lár bhaile Shoird), beimid ag tabhairt cuireadh duit ár suirbhéanna a líonadh isteach i lár mhí na Bealtaine.
Más mian leat aighneacht níos mionsonraithe a dhéanamh seol ríomhphost chuig ja%6des.chil%74%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]