An Timpeallacht Nádúrtha

Leis an tionscadal seo, éascófar cur chuige inbhuanaithe i leith forbairt agus déanamh áiteanna i Sord trí tharraingt ar an gcomhthéacs áitiúil agus réitigh bunaithe ar nádúr a éascú a chuirfeadh feabhas ar an bhfearann poiblí.

Sustainable Swords Natural Environment

Cé gur chuir an t-uasghrádú le déanaí ar an gcois abhann idir Bóthar na hEaglaise agus Ionad Siopadóireachta an Chaisleáin feabhas ar nascacht agus ar iompar frithshóisialta a laghdú, tá sé seo sách ilroinnte go fóill ón bPríomhshráid.

Tá comhtháthú agus déanamh áiteanna breise sa cheantar seo thar a bheith tábhachtach i gcomhthéacs Pháirc Ghleann an Bharda agus Páirc Chaisleán Sord. Is cinn scríbe áitiúla iad an dá cheantar seo le haghaidh áineasa agus taitneamhachta lena n-áirítear spóirt eagraithe ar nós leadóige (i.e. Club Leadóige Shoird ar chúl an Chaisleáin agus na Sráide Thuaidh), spóirt allamuigh (lena n-áirítear club CLG Naomh Finians agus Club Peile Sword Manor sa Pháirc Ghleann an Bharda) chomh maith leis na clóis súgartha agus siúlóide feadh an líonra cosán atá ann cheana.

Féachfaidh Sord Inbhuanaithe le feabhas  chur ar rochtain ar thimpeallacht nádúrtha Shoird agus ar an meas atá ann air, ag cur ar chumas na ndaoine atá ina gcónaí agus ag obair i lár an bhaile taitneamh a bhaint as an timpeallacht nádúrtha atá díreach in aice láimhe.

Féadann feabhsuithe ar an bhfearann poiblí infheistíocht isteach a éascú agus timpeallachtaí tarraingteacha a ghiniúint dóibh siúd a bhfuil cónaí orthu go háitiúil. Trí na deiseanna áitiúla seo a thionscnamh agus an t-eis-sreabhadh a íoslaghdú, bainfear leas as geilleagar áitiúil níos athléimní.

Le Sord Inbhuanaithe, cabhrófar le deiseanna den sórt sin a shainaithint agus a sholáthar agus na riachtanais chomhshaoil a chothromú chun forbairt sa todhchaí a éascú. Féachfaidh aon bhearta a shainaithneofar tríd an obair seo tacú leis na SDGanna, tabharfar tosaíocht dóibh de réir oibleagáidí an bheartais ábhartha agus freastal ar riachtanais an phobail áitiúil chun lár baile comhdhlúite bríomhar beogach agus timpeallacht uirbeach tharraingteach a chinntiú ina mbaintear an leas is mó as acmhainneacht an comhthéacs áitiúil gan na hacmhainní nádúrtha a shaothrú.