Oidhreacht

Tá luach ag gach foirgneamh - fiú amháin mar fhuinneamh corpraithe agus tríd an tsócmhainn seo tá acmhainn ag gach foirgneamh

Sustainable Swords Heritage

is féidir é sin a bhaint amach trí shamhlaíocht, in éineacht le hardchaighdeáin dearaidh a leagan síos. Is foirgnimh ardluacha iad struchtúir stairiúla a caomhnaíodh, uaireanta i bhfad tar éis dóibh scor de bheith úsáideach. Uaireanta bíonn a n-úsáid díomhaoin - ag fanacht le cuspóir nua a d’fhéadfaí a thabhairt di trí athrú nuálach nó trí idirghabháil ghlinn. Is iad foirgnimh chomhaimseartha a bhfuil fiúntas ailtireachta ard acu iad na foirgnimh a bheidh ina bhfoirgnimh stairiúla agus struchtúir chosanta sa todhchaí, coinneofar, stórálfar iad agus uasghrádófar iad go tréimhsiúil chun beatha, cuspóir agus brí nua a thabhairt dóibh.

Caithfear déanamh áite agus fearann poiblí ar ardchaighdeán a fhí isteach i bhfabraic an bhaile, laistigh agus timpeall ar na foirgnimh cháilíochta sin ó gach aois. Cruthaíonn dea-dhearadh uirbeach áilleacht agus áisiúlacht - sráid-dreacha sábháilte, beoga agus páirceanna uirbeacha le maireachtáil agus obair iontu, siopadóireacht a dhéanamh iontu, teagmháil le daoine eile agus scíth a ligean iontu.

Tá foireann an tionscadail ag tabhairt faoi iniúchadh oidhreachta ar lár bhaile Shoird chun tuiscint níos fearr a fháil ar shócmhainní na fabraice uirbí atá ann agus na deiseanna le haghaidh athúsáid agus ar an gcaoi a bhféadfar foirgnimh oidhreachta a chomhtháthú níos fearr, ag baint an leasa is mó as na deiseanna chun áiteanna a chruthú.