Pobal agus Cultúr

Cuireadh an coincheap ‘Cathair Ghlas’ chun cinn tríd an bplean ‘Do Shord- Cathair ag Teacht chun Cinn - Fís Straitéiseach 2035’, ach tabharfar riachtanais an phobail áitiúil i dtéarmaí inmharthanachta agus déanamh áiteanna chun tosaigh sa tionscadal Sord Inbhuanaithe trí chomhoibriú, rannpháirtíocht agus anailís dhomhain ar phríomhcheisteanna.

 

Community

Is éard atá i bpobail inbhuanaithe ná pobail atá sláintiúil agus athléimneach ó thaobh na heacnamaíochta, an chomhshaoil agus sóisialta de. Tugtar aghaidh ar dhúshláin inbhuanaitheachta trí réitigh chomhtháite seachas trí chur chuige ilroinnte agus mar sin táimid ag súil go mbeidh gá leis an tionscadal seo chun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar stádas reatha Shoird i dtéarmaí inbhuanaitheachta (trí Srcúdú Sláinte Lár an Bhaile), chun tuiscint a fháil ar mhianta agus ar roghanna áitiúla d’fhonn straitéis chomhordaithe a fhorbairt chun tosaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus déanamh áite inbhuanaithe i lár bhaile Shoird.