Cuireann ANCA tús le measúnú torainn aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath

Rinne údarás an aerfoirt iarratas chun coinníollacha pleanála a bhaineann le srianta oibriúcháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a athrú chuig Roinn Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall. Agus a shainchúram reachtúil á chomhlíonadh aige, tá ANCA ag cur tús anois le measúnú ar an staid torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

ANCA Graphic

Tá ANCA freagrach as a chinntiú go ndéantar an torann a ghineann gníomhaíocht aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a mheas de réir reachtaíochta an AE agus na hÉireann. Fóráiltear le hAcht 2019 go ndéanfaidh ANCA monatóireacht ar chomhlíonadh le bearta maolaithe torainn agus srianta oibriúcháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath.

Rinne údarás an aerfoirt iarratas chun coinníollacha pleanála a bhaineann le srianta oibriúcháin ag Aerfort Bhaile Átha Cliath a athrú chuig Roinn Pleanála Chomhairle Contae Fhine Gall.

Agus a shainchúram reachtúil á chomhlíonadh aige, tá ANCA ag cur tús anois le measúnú ar an staid torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá rochtain ag ANCA ar shaineolas speisialaithe náisiúnta agus idirnáisiúnta in eitlíocht, fuaimíocht, an comhshaol, agus pleanáil, i gcomhlíonadh a dhualgas.

Nuair a aithnítear fadhb torainn nó fadhb torainn ionchasach ag an aerfort, deimhneoidh ANCA go nglacfar Cur Chuige Cothromaithe ICAO maidir le Bainistíocht Torainn Aerárthaí. Níos luaithe i mbliana, d’fhoilsigh ANCA tuarascáil ar na córais agus na cleachtais bainistíochta torainn atá i bhfeidhm faoi láthair ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Cliceáil anseo chun an tuarascáil a fheiceáil.

Déanfar breithniú ar an ngá le cuspóir laghdaithe torainn laistigh den phróiseas measúnaithe foriomlán ar thimpeallacht torainn an aerárthaigh ag an aerfort.  

Nuair a bhíonn cuspóir laghdaithe torainn ag teastáil ag an Aerfort, déantar sainchúram ANCA a leathnú tuilleadh chun athbhreithniú ar éifeachtúlacht na mbeart maolaithe torainn agus na srianta oibriúcháin (más ann dóibh) maidir leis an gcuspóir laghdaithe torainn a bhaint amach.

Mar chuid dá mheasúnú, tionólfaidh ANCA comhairliúchán poiblí 14 seachtaine tar éis dó an dréachtchinneadh rialála a fhoilsiú. Breithneoidh ANCA ar an aiseolas ar fad a sholáthrófar sula nlgacfar cinneadh rialála deiridh. Fógrófar tuilleadh eolais faoin gcomhairliúchán poiblí ar an láithreán gréasáin seo agus i gcainéil meán tar éis na céime tosaigh de phróiseas measúnaithe ANCA.

Eiseofar cinneadh rialála deiridh, nuair a dhéanfar é chuig an údarás pleanála agus beidh sé mar bhunús a chinnidh maidir le toradh an phróisis phleanála.

Éascaíonn Acht 2019 rochtain ar achomharc chuig An Bord Pleanála.

Cuireadh an Tagairt Iarratais: F20A/0668 ar aghaidh chuid An tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí.

Cur síos ar an Togra

Forbairt bheartaithe nach gcuimsíonn ‘gníomh ábhartha’ ach laistigh de bhrí Alt 34C den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Co. Bhaile Átha Cliath.

Baineann an gníomh ábhartha le húsáid oíche an chórais rúidbhealaigh ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. Baineann sé le leasú an tsriain oibriúcháin atá leagtha amach i gcoinníoll uimh. 3(d) agus an srian oibriúcháin a athsholáthar i gcoinníoll uimh. 5 den Chead Pleanála Rúidbhealaigh Thuaidh (Uimhir Thagartha Clárúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall F04A/1755; Uimhir Thagartha ABP PL06F.217429 arna leasú ag Comhairle Contae Fhine Gall F19A/0023, Uimhir Thagartha ABP ABP-305289-19), chomh maith le bearta nua maolaithe torainn a mholadh.

 

Is féidir an comhad pleanála a fheiceáil ag an nasc seo.

Is féidir leat na hiarratais a chuir an t-údarás áitiúil ar aghaidh chuig ANCA a fheiceáil ag an nasc seo.