Páirtithe Páircíní

Parklets in Swords September 2020

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag lorg “Páirtithe Páircíní” chun iarratas a dhéanamh chun an sráid-dreach atá acu cheana a chlaochlú go spás pobail fáilteach agus mealltach trí pháircíní nua a sholáthar lasmuigh de ghnóanna oiriúnacha i bhFine Gall.

Athraíonn páircíní spásanna páirceála ar an sráid (seachas spás inrochtana, spás aoisbháúil agus bá lódála) go spás poiblí oscailte chun freastal ar itheachán agus suíocháin bhreise. Is bealach cost-éifeachtúil iad chun sráideanna níos bríomhaire a chruthú, tacú le gnó áitiúil, agus spás fáilteach a sholáthar do chónaitheoirí agus do dhaoine a bhíonn ag dul thar bráid chun bia a ithe agus a scíth a ligean.

Tá an páircín, a fhreastlaíonn ar spás itheacháin agus suíocháin bhreise, díríthe ar dhaoine a spreagadh ar ais go lár an bhaile agus iad ag cloí le treoir sláinte poiblí.  

Tá iarratais ar oscailt go dtí 5in Dé hAoine, an 28 Bealtaine agus ba chóir do pháirtithe leasmhara foirmeacha iarratais comhlánaithe a chur isteach chuig [email protected] . Is féidir foirmeacha iarratais a fháil thíos: