Toirmeasc a Shnámh don Trá Theas An Rois, agus Port Reachrann
Mar gheall ar ró-shreabhadh ag an stáisiún caidéil i Trá Theas an Rois tá cinneadh déanta comharthaí “Ná Snámh” a chur suas ag tránna Theas an Rois agus Port Reachrann.

Mar gheall ar ró-shreabhadh ag an stáisiún caidéil i Trá Theas an Rois tá cinneadh déanta comharthaí “Ná Snámh” a chur suas ag tránna Theas an Rois agus Port Reachrann.
Fanfaidh Trá Theas an Rois agus Port Reachrann.ar oscailt ach iarrtar ar úsáideoirí na dtránna cloí leis an bhFógra Toirmisc (Toirmeasc ar Shnámh) toisc gur cuireadh i bhfeidhm é chun a chinntiú nach gcuirtear sláinte na snámhóirí i mbaol.
Is féidir le daoine den phobal cáilíocht an uisce ag aon cheann de na huiscí snámha a ndéantar faireachán orthu in Éirinn a sheiceáil roimh ré trí shuíomh Gréasáin na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil a rochtain ag www.beaches.ie nó tríd an gclár fógraí ag bealach isteach gach trá a sheiceáil.
I dtorthaí tástála an 5 agus an 6 Lúnasa, bhain gach trá i bhFine Gall torthaí den scoth amach, seachas Trá an tSrutháin i bPort Reachrann (maith).
Chun amharc ar mhíniú ar na caighdeáin a úsáidtear chun torthaí uisce snámha a thuairisciú, téigh chuig https://www.fingal.ie/bathing-water-quality-monitoring-faqs
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi thránna agus faoi uisce snámha, féach Tránna agus Uisce Snámha