Tionscadal an Spáis Súgartha Phoiblí ag Leabharlann Bhaile Gháire

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Spás Súgartha Poiblí atá beartaithe do Leabharlann Bhaile Gháire, Baile Gháire, Co. Bhaile Átha Cliath.

Garristown Woodland Themed Play Garden

Tá an-áthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall a fhógairt go bhfuil tús á chur leis an bpróiseas foirmiúil pleanála don Spás Súgartha Poiblí atá beartaithe do Leabharlann Bhaile Gháire, Baile Gháire, Co. Bhaile Átha Cliath.

Tá sé mar aidhm ag Rannán na bPáirceanna & an Bhonneagair Ghlais de chuid na Comhairle teacht ar chomhaontú le páirtithe leasmhara agus fís a sholáthar i dtaobh spás súgartha poiblí a fhorbairt ag Leabharlann Bhaile Gháire a bheadh báúil le hoidhreacht chultúrtha an tsuímh agus a bheadh ina léiriú uirthi sin.

Cuirfear réimse deiseanna súgartha ar fáil do leanaí Bhaile Gháire sa spás súgartha agus áineasa atá beartaithe ar an suíomh coillearnaí ar an taobh thoir agus an taobh ó dheas den leabharlann, agus cuirfear suíocháin ar fáil do thuismitheoirí agus d'fheighlithe leanaí. Cuirfear áit ar fáil le haghaidh caithimh aimsire sháimh, picnicí agus gníomhaíochtaí ranga faoin aer chomh maith.

Gné thábhachtach den tionscadal ná go dtabharfaí aird ar an ngaol amhairc idir Séipéal na Deastógála agus an Leabharlann, a thagann le chéile mar phointe fócais ag croí an tsráidbhaile. Leis an togra a tháinig chun cinn, cuirfear le bealach isteach na Leabharlainne agus cuirfear feabhas air, agus beifear báúil agus comhlántach le comhthéacs an tsuímh áitiúil ag an am céanna. Beidh limistéir éagsúla sa ghairdín agus spás súgartha, mar seo a leanas:

Garristown Part 8

Limistéir an Phláis Slí Isteach

Glacadh cur chuige atá báúil don ailtireacht sna tograí maidir leis an tírdhreach a fheabhsú ag slí isteach Leabharlann Carnegie, a léiríonn meas ar an ngaol idir an Leabharlann agus Séipéal na Deastógála. Beidh cosán pábhála eibhir ann, ar a gcuirfear maise le greanadh a mbeidh téama leis, a thabharfaidh úsáideoirí chomh fada le slí isteach na leabharlainne agus leis an Spás Súgartha. I limistéar na slí isteach, beidh suíocháin chrua-adhmaid, agus taobh thiar de sin, bunófar ceapacha plandála ar ard-chaighdeán a bheidh báúil do phailneoirí le bheith ina ní is díol spéise don amharc agus do na céadfaí. Coinneofar an chloch Oghaim a bhí ann cheana, agus cuirfear leis an áit mórthimpeall uirthi trí fheabhas a chur ar an bhfaiche, bleibíní séasúracha a chur agus clocha cora maisiúla a leagan síos chun cuairteoirí a mhealladh chuig an gcloch Oghaim

Garristown Picnic & sculptured Lawn

Limistéar Picnice agus Faiche Snoite

Ó dheas ó aghaidh theas na leabharlainne, tá spás ilfheidhmeach beartaithe ina bhféadfaí spraoi neamhfhoirmeálta agus tráthanna machnamhacha a dhéanamh. Beidh binse mór picnice ar an taobh thiar den spás, ar a n-éascófar gníomhaíochtaí ranga faoin aer do ghrúpaí scoile ar cuairt. Sa lár, beidh tírghné snoite neamhshuaithinseacht, ar a mbeidh logáin chun siúl orthu agus staidiúir chothrom a choinneáil orthu, a dhéanfaidh nasc leis an nGairdín Súgartha Coillearnaí agus a bheidh comhlántach leis. Beidh bleibíní séasúracha ar imeall an limistéir seo ó dheas chun dath a chur ar an spás agus pailneoirí a mhealladh chuige i rith na bliana. Beidh deis eile ag an bpobal a scíth a ligean agus taitneamh a bhaint as an spás de bharr binse ciorclach mórthimpeall an chrainn mhóir atá ann cheana.

Garristown Woodland Themed Play Garden

An Gairdín Súgartha Coillearnaí

Freastalóidh an Gairdín Súgartha Coillearnaí ar raon leathan aoisghrúpaí ina gcruthófar deiseanna súgartha fiontracha, dúshlánacha agus sóisialta ar shuíomh nádúrtha. Beidh sé mar aidhm leis an gCosán Súgartha ardaithe, a mbainfidh úsáid as na crainn péine atá ann cheana, go mbeidh leanaí ag cur le scileanna cothromaíochta, luaileacha agus dreapadóireachta trí bheith ag spraoi le sraith rópaí, sleamhnán agus ballaí dreapadóireachta. Cuirfidh luascán ciseáin agus foireann luascán atá inrochtana ar chumas leanaí a bhfuil cumais éagsúla acu taitneamh a bhaint as an ngníomhaíocht sin lena chéile. Spreagfar an tsamhlaíocht le píosa dealbhóireachta bunaithe ar mhiotaseolaíocht na hÉireann agus le gnéithe adhmaid snoite a rachaidh leis.

Tá rannpháirtíocht páirtithe leasmhara agus an phobail i gcroílár an tionscadail. Fad a bhí na tograí á bhforbairt, reáchtáladh cruinnithe comhairliúcháin le hionadaithe ó phobal Bhaile Gháire, agus cuireadh réamhthograí don Spás Súgartha Poiblí i láthair lena linn sin. I ndiaidh na gcruinnithe comhairliúcháin, rinneadh an t-aiseolas agus na tuairimí a fuarthas a bhreithniú go cúramach agus léirítear iad sa togra reatha.

Le Tionscadal an Spáis Súgartha Phoiblí ag Leabharlann Bhaile Gháire, cruthófar spás súgartha ar leith do leanaí Bhaile Gháire agus cuirfear spás ar fáil don phobal ar fad chun sult a bhaint as. Ag cur tuilleadh leis an gcomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl go dtí seo agus ar éirigh go maith leis, molann an Chomhairle don phobal aiseolas a thabhairt ar an togra le linn na tréimhse aighneachta an 14 Meán Fómhair go dtí an 27 Deireadh Fómhair mar atá sonraithe i gcuid 8 den iarratas pleanála atá ar fáil ag: Tionscadal an Spáis Súgartha Phoiblí  ag Leabharlann Bhaile Gháire 

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: "Áit iontach inrochtana do leanaí Bhaile Gháire a bheidh sa spás súgartha leis an leagan amach samhlaíoch atá i gceist leis, agus tá lúcháir orm go bhfuil sé ag céim Chuid 8 den phróiseas anois."

Is éard a dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Tá an-áthas orm go bhfuil an spás súgartha poiblí do Bhaile Gháire anois ag céim fhoirmiúil phleanála na forbartha agus fáiltíonn an Chomhairle roimh ionchur leanúnach ón bpobal. Tá an tsaoráid áineasa agus pobail seo faoin aer arna leagan amach le bheith inrochtana do dhaoine ar gach cumas agus tá sé báúil leis an oidhreacht agus an éagsúlacht a bhaineann leis an suíomh cheana féin."