Tacaíonn Clár SportsCon Do Gach Duine Chomhairle Contae Fhine Gall le spórt agus aclaíocht ionchuimsitheach

Tá clár 12 seachtaine ar líne SportsCon Do Gach Duine curtha i gcrích ag Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall le Seirbhís Mhíchumais Iníonacha na Carthanachta.

SportsCon For All 1.jpg

Thacaigh an clár le cur chuige Fhine Gall maidir le deiseanna ionchuimsitheacha a sholáthar do dhaoine le riachtanais bhreise.

Bhí na ranganna a d’eagraigh an Oifig Spóirt ar siúl gach Luan faoi theagasc Linda Dungan a chuir an 30 rannpháirtí i mbun aclaíochta le cleachtaí coirp cathaoireacha agus soghluaiseachta forásacha.

Leanfaidh úsáideoirí seirbhíse Iníonacha na Carthanachta le gníomhaíochtaí i rith  míonna an tsamhraidh agus iad ag plé le clár aclaíochta ‘Digifit Do Gach Duine’ de chuid na hOifige Spóirt agus ‘Oiliúint Rothaíochta’ a chuirtear ar fáil d’fhoireann chun cabhrú le húsáideoirí seirbhíse foghlaim conas rothaíocht.  

Chuaigh neart agus leibhéil soghluaiseachta an ghrúpa chun cinn gach seachtain, agus thug gné shóisialta an cháir fíorbhuntáiste eile d’úsáideoirí na seirbhíse.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá spórt agus gníomhaíocht choirp an-tábhachtach chun pobail agus daoine a thabhairt le chéile ar bhealaí dearfacha, agus sin an fáth go bhfuil fócas ar ionchuimsitheacht agus inrochtaineacht do dhaoine de gach cumas agus riachtanas chomh tábhachtach. Fáiltím roimh an gcaidreamh leanúnach idir Oifig Spóirt Fhine Gall agus an grúpa Iníonacha na Carthanacha agus úsáideoirí seirbhíse.”

Dúirt An Príomhfheidhmeannach, Ann Marie Farrelly: “Déanann Comhairle Contae Fhine Gall a dícheall deiseanna gníomhaíochta coirp ionchuimsitheacha a sholáthar tríd an Oifig Spóirt mar go n-aithnímíd cé chomh dian is a bhí an bhliain seo caite, go háirithe do dhaoine faoi mhíchumas”.

Dúirt Sinead O’Carroll ó Iníonacha na Carthanachta: “Ba uirlis í an clár ar líne SportsCon Do Gach Duine le haghaidh caidreamh sóisialta ina raibh úsáideoirí seirbhíse in ann bualadh lena gcairde ar líne ag am nuair a chuir paindéim COVID srian mór ar a gcuid gníomhaíochtaí agus ar a gcumas bualadh le chéile.

“Sholáthraigh An Oifig Spóirt ní hamháin clár aclaíochta ach uirlis imeasctha shóisialta agus spraoiúil dár rannpháirtithe”.

 

Má theastaíonn tuilleadh eolais uait faoi Sheirbhísí Spóirt do Dhaoine faoi Mhíchumas déan teagmháil le do thoil le [email protected]